Tá roinnt rudaí ann is ceart a sheachaint is cuma cén chanúint atá agat

Tá saoirse ag gach éinne imeacht ón gcaighdeán scríofa, ach go minic is í an cheist is deacra a fhuascailt ó thaobh na Gaeilge ná cé na hathruithe nádúrtha atá tagtha ar an teanga go hinmheánach agus cé na cinn atá sleamhnaithe isteach de bharr bhrú an Bhéarla

Tá roinnt rudaí ann is ceart a sheachaint is cuma cén chanúint atá agat

Labhair mé san alt deiridh ar an difear idir ‘ag’ agus ‘a’, faoi mar a bhaineann an méid sin le leithéidí ag déanamh agus a dhéanamh sa Ghaeilge. 

Ba mhaith liom labhairt inniu ar an éabhlóid atá tagtha ar leaganacha den chineál sin i gcomhthéacs ar leith sna canúintí beo Gaeltachta, agus ar an gcóras atá ag foghlaimeoirí ar fud na tíre. 

“Céard (atá) tú a dhéanamh?” a deirtear i gConamara agus “Caidé atá tú a dhéanamh?” a deirtear i nDún na nGall. 

Is minic ‘ag déanamh’ ag an bhfoghlaimeoir sna leaganacha sin, agus le breis agus 30 bliain anuas, is é a bhíonn ag an Muimhneach nuair a imíonn sé ón struchtúr is ansa leis, “Cad ’tá á dhéanamh agat?”.

“Cad ’tánn tú a’ déanamh?” is mó a chloistear anois i gCorca Dhuibhne san áit a mbíodh “Cad ’tánn tú a dhéanamh?” i réim.

Abairtí den chineál seo a leanas is mó a fuair an teangeolaí Diarmuid Ó Sé roimhe agus é ag bailiú na cainte ó dhaoine i gCorca Dhuibhne ó 1974 i leith: 

Sin an gort a bhíodh Seán a chur; 

Cad é an bia a bhís a thabhairt dó?; 

…gurb é an t-éitheach a bhís a dh’áiteamh > a áiteamh. 

Is gné é seo de chaint na Gaeltachta agus de chomhréir an chaighdeáin scríofa araon a cheiltear ar a lán foghlaimeoirí, agus bheadh fonn ar ár bhformhór ‘ag cur’ agus ‘ag tabhairt’ a rá leis an gcéad dá shampla thuas, murach an ghramadach. 

Mar seo a leanas a míníodh dom féin, foghlaimeoir, an difear idir córas ‘ag’ agus córas ‘a’ nuair a bhíos ar an mbunscoil:

Ag = -ing > doing: Tá sé ag déanamh na hoibre sin anois;

A =  (to) do: B’fhearr dom an obair sin a dhéanamh anois – I had better do that work now / It would be better for me to do that work now.

Ba de bharr an chórais (loighciúil) sin a bhainimis leas as struchtúir de chineál ‘Nach iontach an obair atá sé ag déanamh’ san áit ar éiligh idir chaint stairiúil na Gaeltachta agus an ghramadach scríofa ‘Nach iontach an obair atá sé a dhéanamh. Bhíomar dall ar an bpointe caolchúiseach seo, ar ndóigh, agus an fhaid is a sheachnóimis fuaimniú na litreach ‘g’ roimh ainm briathartha dar tús consan, bheifí sásta linn, cheapamar.

Más ‘a’ + ainm briathartha séimhithe is mó a fuair Diarmuid Ó Sé roimhe, áfach, fuair sé samplaí eile (2000: 364) atá ar aon dul le córas seo na bhfoghlaimeoirí: 

N’fheadar cén luas a bhíodar ag déanamh; 

An rud a bhíonn an broc ag tóch…

Le bean a rugadh roimh 1950 an chéad abairt thuas; le fear a rugadh roimh 1920 an dara ceann. 

Is fiú a rá go bhfuil an córas seo leata go dtí briathra eile ó dheas idir an dá linn, go háirithe nuair a bhíonn guta á leanúint. Seo roinnt samplaí a chuala mé féin ag plúr na gcainteoirí is na gcraoltóirí ar an raidió le bliain anuas: 

“Cad a bhíobhair ag plé?”

“Cad ’tánn tú ag ól?”

“Cad a bhís ag ithe?”

Tá an córas seo ag gasúir óga as Conamara le roinnt blianta, áit a ndeir siad  “Céard (atá) tú a’ déanamh?” san áit a mbeadh “Céard (atá) tú a dhéanamh?” ag a muintir. 

Murab ionann agus scéal na Muimhneach, is le deich mbliana anuas, nó beagán lena gcois, atá an t-athrú seo le sonrú ar Ghaeilge Chonamara, tráth a bhfuil gnéithe eile den chomhréir faoi bhagairt ag rabharta an Bhéarla. 

Bíodh sin mar atá, má mhaireann an teanga i measc glúin nó dhó eile de mhuintir na Gaeltachta, feicfimid an lá nuair a thabharfar beannacht oifigiúil do leithéidí ‘An obair atá siad ag déanamh’, áit a dtabharfar rogha do dhaoine idir ‘ag déanamh’ agus ‘a dhéanamh’ a úsáid sa chomhthéacs áirithe sin. 

Más i dtaobh le córas ‘ag’ atá an cainteoir Muimhneach le cuid mhaith blianta, is minic córas ‘a’ á úsáid ag an Ultach sa chás go mbeifí ag súil lena mhalairt. Seo samplaí atá ag Dónall Ó Baoill (2009: 118) in An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh:

Chuaigh sé a chaoineadh / a gháirí / a throid;

Thoisigh siad a dh’ól > a ól;

Sheasaigh na páistí a dh’amharc air > a amharc;

D’imigh na fir a bhaint mhonadh. 

Ní heol dom go bhfuil aon cheann de na leaganacha thuas taobh amuigh den chaighdeán oifigiúil, ach ní hiad a d’fheicfeá de ghnáth dá mbeifeá i dtaobh le téacs neodrach caighdeánach, ach ‘ag caoineadh’, ‘ag baint’ etc. 

Struchtúir chaolchúiseacha agus samplaí d’fheiniméin chanúna iad seo thuas, ar an mórgóir. Níl siad inchurtha ar aon bhealach leis na botúin a dhéanann roinnt foghlaimeoirí uaireanta, ar nós ‘Caithfidh siad a gcuid Gaeilge a feabhsú’ > a fheabhsú; nó ‘Táimid ag chosaint cearta daonna’ > ag cosaint.   

Maidir le ‘Ba mhaith liom a dhul anois’ agus ‘Ba bhreá liom a theacht leat’, a bhíonn ag an Ultach agus ag an gConnachtach, is samplaí iad seo d’éabhlóid bheag a bheith tagtha ar na canúintí sin in éagmais cuspóra. Níl siad míchruinn, ach is é an córas Muimhneach, ‘Ba mhaith liom dul/teacht leat’, a mholtar sa chaighdeán scríofa. Tá cead ag cách, áfach, leithéid ‘Ba mhaith liom iad a dhul’ (> go rachaidís) nó ‘Ar mhaith leat muid a theacht le chéile?’ (> go dtiocfaimis, go dtiocfadh muid) a scríobh i gcomhthéacs ar bith.

Tá saoirse ag gach éinne imeacht ón gcaighdeán scríofa, ar ndóigh, ach go minic, is í an cheist is deacra a fhuascailt ó thaobh na Gaeilge labhartha agus na Gaeilge scríofa de araon, ná cé na hathruithe nádúrtha atá tagtha ar an teanga go hinmheánach agus cé na cinn atá sleamhnaithe isteach de bharr bhrú an Bhéarla – agus cén fáth ar cuma linn faoina leithéid. 

Ó thaobh foghlaimeoirí de, áfach, is gá ceisteanna i bhfad níos bunúsaí ná iad seo a chíoradh leo agus a mhúineadh dóibh, ar nós conas claoninsint a dhéanamh ar ‘Tar abhaile anois, a Sheáin’. 

Fág freagra ar 'Tá roinnt rudaí ann is ceart a sheachaint is cuma cén chanúint atá agat'

  • Hanna

    Rud eile atá ag teacht isteach ná “Is maith liom ag damhsa” agus a leithéid – díreach ón mBéarla. Tá sé ag mo leanaí scoile (gaelscoil i mBAC) uaireanta, agus chualas é fiú amháin ar Cúla4 ar Scoil le déanaí!

  • Antóin

    Maidir leis an ‘a’ sin atá ag na hUltaigh:

    “Cuirtear ‘a’ roimh an ainm briathartha ar lorg briathair ghluaiseachta áit a bhfuil cuspóir i gceist, m.sh
    Tháinig sé a chaint liom
    D’imigh mé a chuartú na gcaorach
    Chuaigh sé chun an aonaigh a cheannach eallaigh”

    As ‘Coimhréir Ghaeilge an Tuaiscirt’ le Séamus Ó Searcaigh.