An t-ainm briathartha – an difear idir ‘ag seinm ceoil’ agus ‘ceol a sheinm’

Bíonn deacrachtaí ag roinnt foghlaimeoirí leis an gcóras ‘ag’ agus ‘a’ sa Ghaeilge, gan trácht ar abairtí nach mbíonn ‘ag’ ná ‘a’ iontu...

An t-ainm briathartha – an difear idir ‘ag seinm ceoil’ agus ‘ceol a sheinm’

Labhair mé cheana féin ar Ghaeilge an Athar Peadar. Plé níos bunúsaí a bheidh i gceist inniu atá oiriúnach d’fhoghlaimeoirí atá i dtús a n-aistir, agus b’fhéidir do roinnt ábhar oidí. Ba mhaith liom labhairt inniu, más ea, ar ‘ag déanamh’ agus ‘a dhéanamh’. 

Dhá struchtúr a mhúintear d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais araon is ea ‘Táim ag déanamh na hoibre sin anois’ agus ‘Caithfidh mé an obair sin a dhéanamh anois’. Níor mhiste cuimhneamh orthu seo mar ‘Táim / Tá mé ag déanamh x’ agus ‘Caithfidh mé x a dhéanamh’.

‘Ainm briathartha’ nó verbal noun a thugtar ar na leaganacha ‘ag déanamh’ agus ‘a dhéanamh’ thuas i ngramadach na teanga.

Má chuirtear córas den chineál céanna i bhfeidhm ar bhriathra eile, gheofar a leithéid seo: ‘Tá sé ag seinm ceoil faoi láthair’ ach ‘Thugtaí cuireadh dóibh ceol a sheinm’. Cloistear ‘a sheinnt’ agus ‘a sheimint’ freisin, gan amhras, ach is é an córas céanna atá i gceist.  

Is nós le roinnt foghlaimeoirí T2 córas ‘ag’ agus ‘a’ a mheascadh agus leithéid ‘Is maith leis ceol a seinm’ a rá. Nó chloisfeá uaireanta ‘Caithfidh siad a gcuid scileanna pasála a feabhsú’. Níl cúis ar bith nach séimheofaí ceachtar den dá leagan sin: ‘a sheinm’ agus ‘a fheabhsú’ a theastaíonn uainn dá réir.  

Uaireanta bíonn an tríú struchtúr ann: ‘Thugtaí cuireadh dóibh seinm ag imeachtaí ceoil’. Sa chás sin, ní gá bacadh le ‘ag’ ná le ‘a’, ach is é an leagan den bhriathar a leanann ‘ag’ a chuirtear i bhfeidhm ó thaobh an litrithe de: ag seinm > seinm.  

Más fearr leat ‘seinnt’ a rá, tá an ‘riail’ chéanna i gceist: ag seinnt  > seinnt > Ba bhreá liom seinnt ag an gceolchoirm sin. 

Seo an córas a bhronnann orainn leaganacha mar ‘Ba mhaith liom dul ann anois’ nó ‘Ba bhreá liom teacht leat’. 

Arís ar ais, bíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí T2 leis an gcóras seo agus is minic a chloistear abairtí mar ‘Caithfear ag dul i ngleic leis an bhfadhb seo’ nuair nach dteastaíonn ach ‘Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo’.

Tá éabhlóid bheag tagtha ar na leaganacha ‘Ba mhaith liom dul ann’ agus ‘Ba bhreá liom teacht leat’ i nGaeilge Chonamara agus i nGaeilge Dhún na nGall, rud a labhróidh mé air arís. 

Idir an dá linn, áfach, más foghlaimeoir thú atá i dtús d’aistir, aimsigh roinnt samplaí ar Tuairisc.ie d’abairtí a bhfuil ‘ag’ iontu agus abairtí eile a bhfuil ‘a’ iontu – ach déan iarracht teacht ar shamplaí den tríú córas freisin, más féidir leat, e.g. úsáid an fhocail ‘teacht’ agamsa san abairt seo. 

Fág freagra ar 'An t-ainm briathartha – an difear idir ‘ag seinm ceoil’ agus ‘ceol a sheinm’'

  • Máire Ní Shlatara

    An bhfuil sé inghlactha ‘a sheinnt’ agus ‘a sheimint’ a scríobh?

  • Seán Ó Donnchaidh

    Cé acu atá níos tábhachtaí nó níos fearr? Gaeilge a labhairt nach bhfuil foirfe maidir leis an ngramadach ach í a bheith á labhairt ag daoine go laethúil sa toghchaí nó a mhalairt, gan aon Ghaeilge a labhairt as seo amach ar eagla nach mbeadh sí foirfe nó go mbeadh sí “neamhchaighdeánach”. Mar a deirtear is fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste.
    Níl aon duine ag cáineadh páistí, déagóirí etc sa tír maidir le “d” a rá seachas “th” nó deireadh “in'” a úsáid seachas “ing” as Béarla. B’fhearr Vernacular ná Extinction.