‘Tá roinnt nathanna Gaeilge agam’ – na polaiteoirí atá á lua le ceannaireacht an DUP

Triúr atá á lua go tréan mar chomharba ar Arlene Foster agus ní beag na dúshláin a bheidh roimh an té a n-éireoidh leis

‘Tá roinnt nathanna Gaeilge agam’ – na polaiteoirí atá á lua le ceannaireacht an DUP

Edwin Poots. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Na téarmaí tagartha don phost mar chomharba ar Arlene Foster?

Cur chuige a mheallfaidh vótóirí na heite deise a bhí ag druidim i dtreo an TUV agus vótóirí measartha a bheadh ag bogadh i dtreo Alliance.

Polasaí a chuirfidh ina luí ar Boris Johnson stop a chur leis an bPrótacal agus/nó a chuirfidh ina luí ar an gcosmhuintir dílseach/aontachtach gur ionann maolú agus cealú an Phrótacail.

An páirtí a aontú agus dualgais sa bhFeidhmeannas a chomhlíonadh ionas nach dtitfidh Stormont sula mbeidh siad faoi réir do thoghchán.

Níl sna héilimh a thagann salach ar a chéile ach blaiseadh de na dúshláin d’iarrthóirí.

Ar deireadh is 36 toghthóir ar fad a dhéanfaidh an cinneadh, 28 Teachta Tionóil agus ochtar feisirí parlaiminte an pháirtí.

Siad na daoine is mó atá luaite leis an bpost go dtí seo; Edwin Poots, Teachta Tionóil Ghleann an Lagáin, Aire Talmhaíochta Stormont, Jeffrey Donaldson, Feisire Parlaiminte, Gleann an Lagáin; agus Gavin Robinson, Feisire Parlaiminte as Béal Feirste Thoir.

Feirmeoir as Lios na gCearrbhach is ea Edwin Poots, rogha na coitiantachta faoi láthair agus an t-aon duine a bhfuil sé fógartha aige go mbeidh sé ag seasamh. Bhí sé 56 bliain d’aois Dé Máirt. Tá sé pósta agus ceathrar clainne aige. 

Ball den Eaglais Shaor Phreispitéireach é a shéanann an éabhlóid. 

Cé go mbaineann sé leis an eite dheis den DUP, agus é níos neamhghéilliúla ná Arlene Foster, deirtear go bhfuil sé pragmatach mar bhall den fheidhmeannas.

Cheistigh sé polasaí dianghlasála a chomhghleacaithe, d’ordaigh sé aistarraingt foirne a bhí i mbun oibre ar an bPrótacal ag calafoirt agus dhiúltaigh sé freastal ar chruinniú de Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar an gCéadaoin. Bhí Poots glan in aghaidh acht Gaeilge don Tuaisceart ach labhair sé abairt Ghaeilge ag ócáid i nDún na nGall in 2017. Tugann geallghlacadóir amháin seans 4/6 dó.

Chuir sé an lasair sa bharrach anuraidh nuair a rinne sé ceangal idir ráta scaipthe an Covid-19 i gceantair áirithe agus cúrsaí polaitíochta.

5/4 atá luaite le Jeffrey Donaldson, 58, as Cill Chaoil i gcontae an Dúin, ceannaire ghrúpa an DUP in Westminster. Tá sé pósta agus beirt chlainne aige. In 2003 d’aistrigh sé ón UUP go dtí an DUP in éineacht le Arlene Foster i ngeall ar a fhreasúra do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dá mbainfeadh sé an cheannaireacht amach chaithfeadh ionadaí eile a bheith ina Chéad-Aire mura n-éireodh Donaldson as Westminster agus go gcomhthoghfaí go Stormont é in áit ionadaí éigin a chaithfeadh éirí as. Maítear go bhfuil sé níos measartha ná Poots faoi roinnt ceisteanna. Mhaígh Donaldson anuraidh go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.

Dúirt sé gurb iadsan a shocródh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin gcomhaontú New Decade, New Approach. In 2019 dúirt sé nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP.

Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.

Sé an feisire Gavin Robinson, 36, an duine is óige den triúr. Tá sé pósta agus páiste amháin aige. Is é an té is mó a bhfuil cáil na measarthachta air. 

Seans 12/1 a thug na geallghlacadóirí dó inné. Tá sé cáilithe mar abhcóide agus bhain sé céim mháistreachta amach i bpolaitíocht na hÉireann. Níl aon ghaol aige lena réamhtheachtaí in oirthear Bhéal Feirste Peter Robinson, ach dúirt sé le déanaí go n-aontaíonn sé leis gur cheart don DUP a bheith ag ullmhú do phobalbhreith faoin teorainn.

In 2014, nuair a bhí sé ina chomhairleoir cathrach, dúirt Gavin Robinson go raibh roinnt nathanna cainte Gaeilge aige. Bhain sé úsáid an uair sin as an téarma Leas-Ardmhéara. Ní bhíonn nathanna cainte Gaeilge “ag déanamh scime” dó. Dúirt sé ag an gcruinniú céanna áfach nach raibh sa Ghaeilge ach “caitheamh aimsire” agus nár cheart airgead a chur amú uirthi.

Ach oiread leis na hiarrthóirí eile tá ráite aige nach bhfuil aon fhadhb aige leis an nGaeilge féin ach nach maith leis an tslí, a deir sé, a ndéantar arm troda polaitiúil di.

Fág freagra ar '‘Tá roinnt nathanna Gaeilge agam’ – na polaiteoirí atá á lua le ceannaireacht an DUP'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá súil agam go bhfuil siad ar Son na Beatha. In Ainm Dé.

  • S. Mac Muirí

    Is gairid eile go raibh scaipeadh na mionéan ar an gconlán s’acu. Fairfimid an gothadh sotail go léir seal eile fad a mhaire sé.