Tá an galar saor ó sheicteachas, murab ionann agus an DUP

Chuir Edwin Poots an DUP an lasair sa bharrach nuair a rinne sé ceangal idir ráta scaipthe an Covid-19 i gceantair áirithe agus cúrsaí polaitíochta

Tá an galar saor ó sheicteachas, murab ionann agus an DUP

Tig leis an víreas Covid-19 greim a bhreith ar éinne againn; tá sé saor go huile agus go hiomlán ó sheicteachas, galar seanbhunaithe Thuaisceart Éireann. Ní roghnaíonn sé duine ar bhonn polaitíochta nó reiligiúin. Tá dalladh fianaise againn áfach go mbláthaíonn sé san áit a bhfuil bochtaineacht.

Is maith atá a fhios go bhfuil Covid-19 níos forleithne i measc na ndaoine nach bhfuil an dara rogha acu ach a dhul amach ag obair. Orthu sin tá oibrithe sláinte agus foirne seirbhísí riachtanacha eile chomh maith leis na daoine nach bhfuil an dara rogha acu ach a dhul amach ag obair más mian leo greim bia a chur ar an mbord.

Ní gá éirim Einstein lena thuiscint gur féidir an galar a tholgadh trí theagmháil le duine a bhfuil an aicíd air/uirthi i ngan fhios dóibh féin, gan aon chomharthaí sóirt. Ar ndóigh is féidir linn an galar a fháil freisin mura dtugaimid aire, má théimid sa bhfiontar, nó ‘de bharr mí-iompair’ mar a deir Edwin Poots, DUP, Aire Talmhaíochta Stormont.

Chuir fear an DUP an lasair sa bharrach os cionn seachtain ó shin nuair a rinne sé ceangal idir forleithne an ghalair i gceantair áirithe agus cúrsaí polaitíochta. Bhí Covid-19 ar a shé oiread náisiúnaithe is a bhí ar aontachtaithe, dar leis, is é ag tagairt do cheantar Dhoire agus an tSratha Báin – ceantar náisiúnach. Minic a bhris béal duine a shrón.

Ba chosúil go raibh dhá aidhm ag an Teachta do Ghleann an Lagáin. Ar an gcéad dul síos theastaigh uaidh a chur in iúl dá lucht leanúna nach raibh an DUP i bhfabhar diansrianta a ghoillfeadh ar lucht gnó. Maítear go bhfuil lucht tacaíochta an pháirtí míshuaimhneach faoi na srianta is deireanaí. Maítear freisin go bhfuil míshocracht sa pháirtí agus údarás Arlene Foster mar cheannaire á cheistiú ag roinnt le tamall agus faoi láthair. Tá croitheadh bainte astu freisin ag suirbhé Lucid Talk a nocht titim ar thacaíocht an pháirtí.

Ar an dara dul síos ba léir go raibh Poots cíocrach chun cic a thabhairt do Shinn Féin faoi shochraid Bobby Storey. Níl aon dabht ach go bhfuil cáineadh tuillte ag Sinn Féin mar gheall ar fhreastal ar shochraidí ollmhóra nuair a bhí cosc ar dhaoine lasmuigh den teaghlach a leithéid a dhéanamh. Tá cuid mhaith de lucht leanúna an DUP míshásta nár ghearr Arlene Foster pionós níos déine ar Michelle O’Neill as debacle na sochraide d’iarbhall den IRA. Dhiúltaigh an Chéad-Aire a bheith páirteach le O’Neill an leasChéad-Aire i gcomhócáidí preasa faoin bpaindéim ar feadh sé seachtaine mar gheall ar an sárú sin ar na srianta. Bhí olc ar roinnt nuair a d’fhill sí ar an ngnáthphatrún, teachtaireacht aontaithe faoin tsláinte phoiblí a bheith á cur i láthair ag an mbeirt bhan in éindí.

Ba í an chuid eile de chaint an Aire Poots a tharraing raic. Ní hiontas é gur dúradh gur chaint sheicteach í. Ba eisean a rinne comparáid idir ceantair náisiúnacha agus aontachtacha. Ba é a chuir, i bhfocail eile, glas in aghaidh oráiste sa scéal. Dúirt sé i dtosach é ar chlár radio Talkback ar BBC. Níos deireanaí an lá sin ar UTV d’athdhearbhaigh sé agus threisigh sé a theachtaireacht. Go deimhin, mhaígh sé go raibh na saineolaithe ag teacht leis, maíomh atá séanta ag an bPríomhoifigeach Leighis, a dúirt nach bhfuil taighde ar bith déanta ar bhonn polaitíochta nó creidimh.

Cáineadh é ar dhá chúis. Bhí páirtithe eile sa Chomh-aireacht ar buile mar go raibh sé ag baint d’údarás an Fheidhmeannais agus ag teip ina dhualgas nuair a cheistigh sé na srianta ar glacadh leo d’aon ghuth, gan vóta, ag a gcruinniú. D’éiligh an UUP go n-éireodh sé as oifig agus d’éiligh páirtithe eile leithscéal. Ba í an chonspóid faoin seicteachas a bhailigh neart d’ainneoin iarrachtaí an DUP deireadh a chur leis mar scéal. Chuir an páirtí an tAire Oideachais Peter Weir amach mar agallaí agus ina dhiaidh sin Gregory Campbell, iad ag iarraidh a rá nach raibh i gceist ag Edwin Poots ach staitisticí; bhí sé fánach acu. Tugadh le fios gur ag leagan amach an seasamh a bheadh ag an DUP sa bhFeidhmeannas i gceann trí seachtaine i leith srianta a bhí Poots; más ea, is go ciotach a rinne sé é.

Ar an gcúigiú lá dúirt Poots féin leis an Irish News nach bhféadfaí a rá go raibh a chuid cainte seicteach mar nár luaigh sé Caitlicigh agus go háirithe, ós ag gearán faoi Shinn Féin a bhí sé, ach nach bhfreastalaíonn lucht ceannais an pháirtí sin ar eaglais. Lá arna mhárach cuireadh ar ceal agallamh teilifíse a bhí beartaithe le Poots agus d’eisigh preasoifig an pháirtí ráiteas thar a cheann – leithscéal de shórt.

Chuir lucht mioscaise a chuid cainte as a riocht, a dúirt ráiteas Poots, é ag athrá nár thagair sé do chreideamh agus nach maslódh sé a chairde Caitliceacha ar ór na cruinne. Níor tharraing sé siar an líomhain i leith náisiúnaithe amhail is nach mbaineann seicteachas ach le reiligiún. Níor shásaigh sé na páirtnéirí sa Chomh-aireacht a dúirt gur ghá aiféala a nochtadh as an gclaontacht a léirigh sé.

Níor dhúirt sé smid ach an oiread faoi cheantar Dhoire agus an tSratha Báin a bheith ar cheann de na cinn is boichte sa Tuaisceart, iad gar do bharr an liosta ar gach catagóir san innéacs díothachta. B’fhearr don bhFeidhmeannas a dhul i ngleic le fadhbanna sóisialta an cheantair ná a bheith sáite sa mbréagargóint seo.

Is polaiteoir glic é Edwin Poots agus ní féidir an cheist a sheachaint – cad eile a bhí taobh thiar den bhaothchaint? Ní féidir go raibh sé ag iarraidh aire a threorú in áit éigin eile seachas ar an obair thógála a thosóidh an tseachtain seo chugainn ar ionad custaim i Latharna? An t-ionad a dúirt sé nach dtógfaí faoina cheannas?

Ar éigean atá an DUP ag dréim le hiarmhairt pholasaí an pháirtí ar an mBreatimeacht.

Fág freagra ar 'Tá an galar saor ó sheicteachas, murab ionann agus an DUP'