Tá cáil ar fud an domhain ar Rahm Emanuel. Ní toisc gur cheap Barack Obama é mar Cheann Foirne sa Teach Bán nuair a toghadh é mar uachtarán in 2008, ná toisc gur toghadh é ina dhiaidh sin mar mhéara in Chicago, ach mar gheall ar a ndúirt sé faoin mbuntáiste a ghabhann le géarchéim.
“Ná cuir droch-ghéarchéim amú riamh,” a dúirt sé nuair a theip ar chóras baincéireachta na Stát in 2008. “Is ionann géarchéim agus deis chun rudaí a dhéanamh nach raibh ar do chumas a dhéanamh roimhe sin.”
Tháinig briathra Emanuel chun cuimhne arís agus polasaí nua an rialtais dar teideal ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’ á sheoladh Dé Luain ag an Aire Coimirce Forbartha Tuaithe Heather Humphreys.
Tá bánú na tuaithe á phlé le fada i mórán tíortha ach tá Covid-19 ag gríosú go leor daoine chun machnamh dáiríre athuair ar shaol na tuaithe. Is léir an claonadh i mBaile Átha Cliath go háirithe, ó thosaigh go leor daoine ag machnamh ar cheist a spreag an phaindéim: ‘más sa bhaile a bheas mé ag obair ar feadh tamaill nó go buan b’fhéidir, nárbh fhearr bheith ag cur fúm in áit éigin eile ar chostas níos ísle?’
Ar ndóigh ní leor claonadh le linn paindéime chun fostaíocht, seirbhísí agus beocht a chur i mórán ceantar tuaithe agus i mbailte beaga ar fud na tíre. Níl aon chur síos i bplean an rialtais ar an gcaiteachas a bheidh riachtanach lena phríomhaidhm (“forbairt chothrom réigiúnach a bhaint amach agus geilleagar agus pobail tuaithe níos láidre a bhaint amach mar bhonn faoi.”) a chur i gcrích.
Tá geallúint sa phlean go mbunófar 400 mol cianoibre (nó ‘remote working hubs’) ar fud na tíre agus go ndílárófar a thuilleadh státseirbhíseach amach ón bpríomhchathair. Tá treoir tugtha don Údarás Forbartha Tionscail 400 togra nua a mhealladh go dtí ceantair thuaithe idir seo agus 2054. Gealltar freisin go gcuirfear dlús le soláthar seirbhís leathanbhanda agus go dtabharfar isteach dreasachtaí cánach chun tacú leis an gcianobair agus le forbairt na mbailte réigiúnacha.
Is léir láithreach dhá chontúirt agus plean an rialtais á mheá. Ar an gcéad dul síos, tá an chontúirt ann nach gcuirfear ach codanna de i bhfeidhm anseo agus ansiúd, go háirithe ar mhaithe le Teachtaí Dála glóracha a shásamh, agus nach dtiocfaidh aon athrú bunúsach ar chur chuige an rialtais.
I bhfocail eile, tá baol ann gur de réir mheon an Late Late Show (‘one for everyone in the audience’) a scaipfear an t-airgead in áit cur chuige a bheith ann a bheadh dírithe ar fhíor-riachtanas.
Ar an dara dul síos, tá baol ann go gcuirfear cur i bhfeidhm an phlean i leataobh mar gheall ar na roghanna crua achrannacha a bheidh ar chlár oibre an rialtais go dtí go mbeidh téarnamh iomlán déanta tar éis na paindéime. Dá gcuirfí an aidhm ar chuir Michael Healy-Rae béim air – soláthar leathanbhanda gan mhoill ar fud an stáit – i gcrích go gasta bheadh tacaíocht thábhachtach tugtha do gach ceantar tuaithe. Ní beag san.
B’fhéidir go mb’fhearr breathnú ar phlean an rialtais mar rabhadh go bhfuil athrú ó bhonn ar an ngeilleagar agus ar nósanna maireachtála ag teannadh linn. Níl deireadh leis an gcroitheadh a bhainfidh an phaindéim as saol na gcathracha agus saol na tuaithe. Beidh polasaithe nua ag teastáil go géar i ngach áit, agus deimhneoidh ganntanas airgid nach mbeidh an rialtas ábalta gach riachtanas a shásamh.
Sin ráite, is fiú cuimhneamh i gcónaí ar chomhairle Rahm Emanuel. Tagann deis sna sála ar gach géarchéim.
Fág freagra ar 'Tá polasaí breá tuaithe foilsithe ag an rialtas, ach an gcuirfear i bhfeidhm é?'