Tá polaiteoirí i ngreim idir an bád agus an balla

Tá cultúr na meán cumarsáide athraithe go hiomlán le teacht na meán sóisialta agus bítear ag súil anois go mbeidh tú ar fáil síoraí seasta le ceisteanna a fhreagairt

Tá polaiteoirí i ngreim idir an bád agus an balla

Tá meáin chumarsáide na Stát Aontaithe dírithe an tseachtain seo ar an Uachtarán Biden a bheith “as láthair” dar leis na Poblachtánaigh. An chúis? Tá sé os cionn leathchéad lá in oifig agus níl aon phreasagallamh tugtha go fóill aige. Labhraíonn Jen Psaki, rúnaí cumarsáide an Tí Bháin leis na meáin chuile lá faoi scéalta an lae ach deir na meáin sna Stáit Aontaithe nach leor sin agus gur dona an mhaise don Uachtarán Biden nach bhfuil sé féin ag tabhairt preasagallamh ar bhonn rialta.

Chuimhnigh mé orm féin agus ar na hócáidí preasa a fheiceann muid sa tír seo. Tá cúpla cineál ann. Tá na hócáidí ag a seasann roinnt ball den pháirtí i gciorcal timpeall ar an Aire nó an Taoiseach atá ag caint ag an am ann, tá na cinn níos foirmeálta ann. Tá béim mhór ar an dara cineál le linn na paindéime Covid-19 agus is minic ceannairí na dtrí pháirtí rialtais ina seasamh ag seastáin agus an t-aire cuí (sláinte, oideachais nó coimirce sóisialaí) ag an gceathrú seastán. Tá na hócáidí neamhfhoirmeálta ina dtugtar eolas “neamhoifigiúil” faoi chruinnithe rialtais againn agus na hócáidí foirmeálta ag a bhfógraítear tionscnamh nó beartas nua ann.  Agus ná dearmad na hagallaimh phearsanta a dhéantar ó thráth go chéile. Is ceird lán-aimseartha inti féin a bheith ag freastal ar na meáin mar pholaiteoir ar na saolta seo.  An cheist is dóigh an bhfuil tairbhe leis an obair ar fad?

An mbíonn tionchar ag na preasócáidí seo? Cinnte,  le bliain anuas, tá muid ar fad ag faire na n-ócáidí a bhíonn ag an Roinn Sláinte agus na figiúirí laethúla a bhaineann leis an víreas. An dea-rud é sin? An oibríonn an tsíor-roinnt eolais. Mar dhuine atá ag obair sna meáin mé féin bím ag brath ar an eolas seo agus ar na hagallaimh a thugann polaiteoirí, ach an mbíonn aon rud nua le foghlaim againn go leor den am?

Tá síorcháineadh déanta ar an rialtas seo ó toghadh iad anuraidh faoi bhotúin chumarsáide. Tá a gcumas i mbun teachtaireachtaí a thabhairt cáinte go fíochmhar. Cuireadh i leith an Taoisigh uaireanta nach raibh sé sách feiceálach. Ag tráthanna eile, nuair a thosaigh sé ag tabhairt agallamh níos minice, cáineadh é as a bheith ag iarraidh na meáin a mhealladh agus gan aon rud fiúntach le rá aige. B’fhearr dó a bheith ag cur polasaithe i bhfeidhm leis an víreas a cheansú, a dúradh.

Tá polaiteoirí i ngreim idir an bád agus an balla. Tá cultúr na meán cumarsáide athraithe go hiomlán le teacht na meán sóisialta agus bítear ag súil anois go mbeidh tú ar fáil síoraí seasta le ceisteanna a fhreagairt. Tá an t-eolas ag teastáil leis na hardáin ar fad a líonadh le hábhar. Ach má dhéanann tú sin, cén chaoi a ndéanfaidh tú do chuid oibre? D’fhéadfá am agus áit amháin a roghnú gach seachtain le heolas a thabhairt ach cuirfear i do leith ansin go bhfuil tú ag ceilt eolais!

Caithfear an cheist a chur, ar chóra do pholaiteoirí a bheith ar fáil le seasamh os comhair iriseoirí lá i ndiaidh lae le ceisteanna a fhreagairt nó díriú ar an gcuid eile dá gcuid oibre agus labhairt leis na meáin ag tráth a oireann do na polaiteoirí? 

Sin atá ar siúl ag Joe Biden, glacaim leis. An bhfuil ag éirí níos fearr leis ná Donald Trump a bhíodh sásta uaireanta an chloig a chaitheamh ag caint faoina fheabhas agus a bhí sé agus gan mórán tuairime ag aon duine céard a bhí ar siúl aige?

Agus polaiteoirí na hÉireann? Níl sé i gceist agamsa a rá leo fanacht socair.

Fág freagra ar 'Tá polaiteoirí i ngreim idir an bád agus an balla'