Tá Nead niamhrach an Éin fós gan neantóga ann…

Ní fiú trumpa gan teanga an chuid is mó de na háiseanna a thógtar do na Cluichí Oilimpeacha a luaithe agus a bhíonn siad sin thart, ach eisceacht álainn é Nead an Éin i mBeijing

2008 Olympic Games Preview 6/8/2008 The Bird's Nest Stadium Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Chaith me tamallacha an tseachtain seo caite ag breathnú ar an teilifís ar Chraobhacha Lúthchleasaíochta an Domhain a bhí ar siúl i mBeijing. Ós rud é go raibh formhór na nÉireannach as an áireamh luath go maith sa gcomórtas, níor san iomaíocht ar fad a bhí mo shuim, ach go bhfeicfinn cén bhail a bhí ar “Nead an Éin”, an staid álainn ar chaith mé trí seachtainí faoina scáth le linn Chluichí Oilimpeacha 2008.

Ní fiú trumpa gan teanga an chuid is mó de na háiseanna a thógtar do na Cluichí a luaithe agus a bhíonn siad sin thart, ainneoin na milliúin a bheith caite orthu. Chuirfeadh sé as duit anois a bheith ag féachaint ar chuid de na háiseanna breátha a tógadh do Chluichí na hAithéine 2004 agus iad tréigthe go hiomlán faoi seo.

Goilleann an griangraf den chúrsa kayakadóireachta ansiúd orm níos mó ná aon rud eile. Níl a shamhail anois ach giodán gruama talún mar a d’fheicfeá sna ceantair is boichte sna cathracha móra agus na giosadáin ag fás aníos trí na suíocháin.

I mo chuimhnese fós, tá na mílte suite thart air i dteas na gréinne, an fonn ‘Zorba the Greek’ ag baint macalla as na spéartha agus cúpla céad de mhuintir na hÉireann bailithe le chéile ina measc. Ba as Conamara agus as Achréidh na Gaillimhe a leath díobh, ag tacú le kayakadóir an Spidéil, Éadaoin Ní Challaráin.

Inniu, faraor, tá an áis chomh duairc le sparán na tíre inar tógadh í.

Níos minicí ná a chéile, ar ndóigh, is bró mhuilinn anuas ar na cathracha a bhíonn i mbun eagair iad na Cluichí Oilimpeacha. Bhí caillteanas suas le €15 billiún ar chinn na hAithéine. Thóg sé 30 bliain na fiacha a bhain leis an staid a tógadh do Chluichí Montreal i 1976 a ghlanadh.

Go fiú i gcathair ar mhéid Beijing ina bhfuil os cionn 21 milliún duine, is deacair oiread a chur ar siúl agus a chinnteoidh go líonfar go rialta staid ina bhfuil áit ag 100,000 agus cé is móite de roinnt cluichí sacair, is beag úsáid a bhaintear anois as páirc na himeartha sa ‘Nead’.

Ach thuig na Sínigh gurb amhlaidh a bheadh agus b’shin an fáth gur chinntigh siad gur saothar ealaíne a bheadh sa staid a thógadar, foirgnimh a mheallann na milliúin turasóir chuile bhliain go seasfaidh siad san áit a léirigh íomhá nua-aoiseach na Síne don domhan mór i 2008.

Bídís ann nó ná bíodh, ní raibh sé le feiceáil ar an teilifís an tseachtain seo caite go raibh aon ghiosadáin ná aon neantóga sa ‘Nead’, ach é lán le Sínigh agus iad ag imeacht as a gcranna cumhachta chuile uair a dtagadh duine díobh fhéin chun iomaíochta.

Suite síos os comhair na teilifíse is ea a tháinig sé isteach i mo chloigeann go bhfágann a bhfuil tagtha chun solais arís le gairid maidir le mí-úsáid ábhair chosctha sa lúthchleasaíocht gurb ionann an spórt agus an rothaíocht.

Ba gheall le bheith ag breathnú ar an Tour de France a bhí mé – ag fiafraí díom féin nuair a thagadh iomaitheoir ar an scáileán, meas tú ar ‘glan’ nó ‘salach’ atá sé nó sí? Is mór an feall sin, ach ní haon nuacht é, ar ndóigh. Tá sé ina aimhreas faoi lúthchleasaithe áirithe le dhá scór bliain ar a laghad.

Ar cheann de na babhtaí ceannais a chonaic mé, bhí Rás Ceannais 800m na mBan. Sin an comórtas lena mbaineann an churiarracht lúthchleasaíochta is faide saoil. An Seicslóvacach Jarmila Kratochvílová a chuir sin ar fáil i 1983 agus níor sáraíodh ó shin é.

Tá baol ann nach as a cumas féin ar fad a rinne Jarmila an gaisce, ach mairfidh an chur iarracht anois cheal fianaise, mar a mhairfidh an ceann is gaire dó ó thaobh aoise – cur iarracht an Ghearmánaigh Martina Koch sa rása 400 méadar atá ann ó 1985.

Ar aon dul leo tá curiarrachtaí an Mheiriceánaigh ‘Flo Jo’, Florence Griffith Joyner sna rásaí 100m agus 200m, atá ann ó 1988.

Ní shin le rá nach bhfuil cinn ann ar féidir a bheith mórtasach astu. Cé nach comórtas Oilimpeach é, is ag Sonia O’ Sullivan i gconaí atá an churiarracht don rása 2,000m agus é ina seilbh ó 1994.

Sa léim fhada a bhí ceann eile de na gaiscí ab fhaide a mhair. 8.90m ag Bob Beamon sna Cluichí Oilimpeacha i gCathair Mheicsiceo 1968,  a mhair gur sháraigh Mike Powell é i 1991.

Chaith curiarracht eile dhá bhliain lena chois sin i seilbh Paddy Ryan, a rugadh in aice leis an gCaisleán Nua i gCo. Luimnigh, áit ar bhásaigh sé i 1984.

Chuaigh seisean ar imirce go Meiriceá i dtús an chéid seo caite agus bhuaigh bonn óir ag caitheamh an chasúir i 1920 ag Cluichí Antwerp. Seacht mbliana roimhe sin, sháraigh Ryan curiarracht an domhain nuair a chaith sé an casúr 189’ 6 ½” ag comórtas i Nua Eabhrac. Ba éacht é nár sáraíodh go dtáinig an bhliain 1938 agus níor sáraíodh sna Státaí é go dtí 1953 – dhá scór bliain dar gcionn.

Ba leor an caitheamh le bonn óir a bhaint amach i ngach Cluiche Oilimpeach a reáchtáladh ina dhiaidh sin go dtáinig Melbourne 1956.

B’shin roimh theacht na teilifíse, ar ndóigh. Roimh theacht na n-ábhar cosctha freisin.

Fág freagra ar 'Tá Nead niamhrach an Éin fós gan neantóga ann…'