Tá na Tráchtairí Móra curtha as a gcranna cumhachta ar fad ag Sinn Féin…

Shílfeá ón reacaireacht uafáis ag daoine áirithe gur ábhar Hitler beag í Mary Lou McDonald agus gur paca Naitsithe contúirteacha atá faoina ceannas

Tá na Tráchtairí Móra curtha as a gcranna cumhachta ar fad ag Sinn Féin…

Mar is dual dóibh rinne na Tráchtairí Móra a míle dícheall an iarraidh seo aríst Sinn Féin a chur faoi their agus na vótálaithe a iompú ina n-aghaidh. Bí ag caint ar reacaireacht uafáis. An chuid agaibh nach bhfuil an cineál sin Gaeilge ar bhur dtoil agaibh téigí ag cuartú i bhfoclóir agus gheobhaidh sibh amach gur ‘witch hunt’ an Béarla atá air.

Bhí na hionsaithe chomh binbeach sa deireadh gur shíl mé ar an gcéad amharc gur sáiteán eile a bhí ann nuair a léigh mé ar an Irish Examiner an ceannteideal seo: ‘McDonald’s criticised for almost invisible calorie details on menu.’

Ba é an t-iarAire Dlí agus Cirt Michael McDowell a chuir an dlaoi mhullaigh ar an reacaireacht feirge nuair a thosaigh sé ag pápaireacht faoi phoblacht Weimar sa nGearmáin.

Tá an daonlathas i mbaol sa tír seo, ar seisean go sollúnta.

Shílfeá gur ábhar Hitler beag í Mary Lou agus gur paca Naitsithe contúirteacha atá faoina ceannas.

An dul chun cinn a rinne Sinn Féin sna pobalbhreitheanna a chuir na Tráchtairí Móra as a gcranna cumhachta ar fad. Chuaigh Sarah Carey chomh fada lena thabhairt le tuiscint gur cheart pobalbhreitheanna a chosc mar go bhféadfadh sé go mbíonn iomarca tionchair acu ar thoradh toghcháin.

Bí cinnte nach shin é an port a bheadh aici dá mba iad Fine Gael a bheadh ar bharr an liosta. Cúpla lá roimhe sin bhí sí ag rá nach raibh baol ar bith go vótálfadh sise do Shinn Féin: Fine Gael a gheobhadh a tacaíocht.

Shíl na Tráchtairí Móra go raibh acu nuair a tharraing siad chucu féin athuair an scéal truamhéalach faoi mharú Phaul Quinn. Tá sé os cionn dhá bhliain déag ó tharla sé sin. Bhí feachtas an IRA thart le dhá bhliain roimhe sin aríst.

Dúradh gur cheart do Chonor Murphy a leithscéal a ghabháil faoi chaint a rinne sé ag an am agus tarraingíodh Mary Lou McDonald isteach sa scéal ar chuile bhealach ab fhéidir.

Níor tugadh aird ar bith ar an gcaint a rinne Bertie Ahern faoin gcás sa Dáil nuair a ceistíodh é faoin dúnmharú. Is fiú an míniú a thug sé a thabhairt anseo anois : “As for the murder of Paul Quinn, the intelligence in this regard is that it was not paramilitary but pertained to feuds about criminality that were taking place.”

B’ éigean dósan leithscéal a ghabháil freisin, ach is cruthú an méid a dúirt sé nach scéal soiléir a bhí ann ag an am agus is suntasach an t-eolas a chuir na seirbhísí faisnéise ar fáil dhó mar Thaoiseach.

Go deimhin bhí alt ar an Irish Times taca an ama sin ag tuairisciú an bhreithiúnais chéanna. An ndeachaigh lucht an Irish Times ar ais go dtí an t-alt sin agus iad ag tabhairt faoi Mhary Lou? Beag an baol.

Cén fhad eile a leanfas na Tráchtairí Móra orthu ag casadh ghníomhartha an IRA le Sinn Féin.

Is críonna an té a déarfadh.

Cá bhfios nach mbeadh freagra na ceiste ag Micheál Martin.

An dream a chuir Fianna Fáil ar bun bhí siad tar éis cogadh gránna fuilteach a chur ar rialtas daonlathach an Stáit seo. Ba é Proinsias Mac Aodhagáin a bhí ina cheann foirne ar an IRA nuair a d’éirigh siad as an gcogaíocht. Taobh istigh de naoi mbliana bhí seisean ina Aire Cosanta sa stát.

B’fhiú do Mhicheál Martin a dhul siar sa stair ar na rudaí a dúirt Cumann na nGael, agus Tráchtairí Móra na linne sin a bhí ag obair ar a son, faoi De Valera agus faoi Fhianna Fáil nuair a mheas siad go raibh “an baol” ann go dtiocfaidís i gcumhacht.

Chuir siad ina leith gur Cumannaigh a bhí iontu agus go raibh na fir ghunna ar a gcúl.

Bíodh is go raibh De Valera dealaithe ó Shinn Féin níor scar sé go hiomlán leis an IRA an fhad agus a d’fheil sin dó ó thaobh na polaitíochta de.

Tháinig an lá ar ndóigh ar chroch sé cuid acu, ach aríst cinneadh polaitiúil a bhí ansin freisin.

Le scéal fada a dhéanamh gearr bhí an lá le Fianna Fáil i dtoghchán 1932.

Bhí gunnaí ina bpócaí ag cuid de na Teachtaí Dála Fianna Fáileacha ar a mbealach isteach sa Dáil.

Fág freagra ar 'Tá na Tráchtairí Móra curtha as a gcranna cumhachta ar fad ag Sinn Féin…'

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Maith thú a Sheosaimh, ró-fhada atá na ‘elites’ i gcumhacht in Éirinn ag réitigh na tíre sa tslí ab fhearr dóibh féin. Bhí lá ann nuair a raibh FF ag iarraidh an gnáth-dhuine a thacú ach is san ‘establishment’ anois iad. Beidh toghchán eile sar i bhfad agus ba cheart do muintir na hÉireann seans a thabhairt do SF an tír a thógaint ar ais dúinn agus an leath-reablóid ó 1916 a chríochnú.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Ní Naitsithe lucht Shinn Féin, ceart go iomlán agat. Is páirtí sóisialach náisiúta iad, atá tugtha de mór shiúlanna agus slogaidh agus na brit ghlása.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Caithfear meas a léiriú ar thorthaí an daonlathais nó ní daonlathas ar bith é.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Aontaím leat, a Dháithí.