Tá an teach faoi ionsaí ag na faoileáin agus na damháin alla

Chuile uair a dtéim suas an staighre anois tá radharc na spéire ceilte ag dhá chos scamallacha an fhaoileáin agus a bholg cleiteach

Tá an teach faoi ionsaí ag na faoileáin agus na damháin alla

Tá faoileán tar éis seilbh a ghlacadh ar an bhfuinneog dín ag barr an staighre. Thosaigh mé ag bualadh cos na scuaibe faoin bhfuinneog in íochtar ag súil go n-imeodh sé, ach ní raibh aon mhaith ann. Ní fiú gur bhreathnaigh sé anuas le feiceáil céard a bhí ag déanamh an torainn.

Níl a fhios agam cén tarraingt atá acu ar bholgán peirspéacs ach is cosúil go bhfuil na faoileáin eile á throid ag iarraidh é a chur as a spota. Chuile uair a dtéim suas an staighre anois tá radharc na spéire ceilte ag a dhá chos scamallacha agus a bholg cleiteach.

Is dóigh gur ceannródaí stíle de chineál éigin é i ndomhan na bhfaoileán. Tá an chuma air go bhfuil na faoileáin eile in éad leis as a nead nua. Cén chúis eile a bheadh leis an gcleatráil anonn is anall atá déanta acu ar an díon ar feadh na seachtaine is iad ag grágaíl ar a chéile?

Tá na damháin alla ag brú isteach orainn chomh maith. An bhfuil rud éigin ar eolas ag na hainmhithe nach bhfuil a fhios agamsa?

Níl ionradh an fhiadhúlra ar theorainneacha an tí ag déanamh leas ar bith do mheabhairshláinte Lilí Banríon an Tí, an Ruiséalach beag. Tá sí curtha as a ciall ag na faoileáin agus na damháin alla.

Lie down Lilí,’ a d’fhógair mé uirthi an lá cheana is mé ag réiteach an dinnéir. Bhí sí ag léim isteach is amach idir mo chosa. ‘Lie down as ucht Dé ort!’ a dúirt mé. Sin é an uair a thosaigh sí ag tafann dháiríre.

Bhreathnaigh mé síos ar an urlár díreach in am le neach beo ‘éigin’ a fheiceáil ag rith go místuama isteach faoin meaisín níocháin is an gadhar ag tafann ina dhiaidh. ‘Céard sa diabhal?’ a bhéic mé le teann uafáis.

Léim an Bheainín aníos óna fara ar an tolg. ‘Céard é fhéin Mamaí? An bhfuil tú ok?’

‘Níl mé cinnte… Níl a fhios agam,’ is mé i ngreim i gcuntar na cistine ag iarraidh breith ar m’anáil. ‘B’fhéidir gur luch bheag bhídeach a bhí ann,’ a dúirt mé.  ‘É sin, nó damháin alla mór millteach.’

Bhí mé i mo staic ansin ag iarraidh cinneadh a dhéanamh cé acu ab fhearr, damháin alla nó luch. Shocraigh mé go mb’fhearr an luch, dá dtabharfaí an rogha dom.

‘Cén chaoi a bhféadfá damháin alla a mheascadh suas le luch?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom agus imní uirthi is dóigh go raibh mo chiall caillte ar fad agam.

‘Téann sé in aghaidh an nádúir,’ a deir mé.

‘Wuf! Wuf! Wuf!’  a deir Lilí agus í ag smúrthacht isteach faoin meaisín, fós ar thóir a sprice.

Is ansin a shocraigh an damháin alla a theacht amach ar an ionsaí. Is beag nár tachtadh Lilí le teann iontais nuair a chonaic sí na hocht gcos ag déanamh uirthi ina lasracha.

‘Íííp!’  a deir sí is chas ar a sáil is í ag rith ó mháistir nua íochtar an mheaisín níocháin.

Meas tú an itheann faoileáin damháin alla?

Fág freagra ar 'Tá an teach faoi ionsaí ag na faoileáin agus na damháin alla'

  • Mise Áine

    Lilí bhocht. Bridget bhocht.🙈

  • JP

    Cheap mé go raibh cáil na crógachta amuigh ar na Ruiséalaigh sin!