‘Tá muid uilig ag súil go mór leis an mbainis’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2020 le roinnt Gael. An geábh seo, tá an t-aisteoir Neasa Ní Chuanaigh, ‘Sonia’ ó ‘Ros na Rún’, linn

‘Tá muid uilig ag súil go mór leis an mbainis’

1. Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2021?

Bhí cailín beag ag mo dheirfiúr atá i Sligeach agus chuir sé sin gliondar mór orainn ar fad.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in year 2021?

Fuair an cara is fearr atá agam geallta le pósadh agus tá muid uilig ag súil go mór leis an mbainis.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2021?

Go bhfuil Covid fós linn.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2021? 

D’fhoghlaim mé scileanna a bhaineann le stíl nua phuipéadóireachta.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2021?

Tuilleadh traenála!

Fág freagra ar '‘Tá muid uilig ag súil go mór leis an mbainis’'