Tá miotal nimhiúil á sheachadadh ar fud na farraige de bharr na tionsclaíochta

NOD DON EOLAÍ: Ar ghrinneall na farraige a bhailíonn cuid mhór den mhearcair a tháirgeann tionscail throma, de réir taighde nua

Tá miotal nimhiúil á sheachadadh ar fud na farraige de bharr na tionsclaíochta

D’ardaigh astaíochtaí mearcair san atmaisféar ó ré na réabhlóide tionsclaíche go dtí an lá inniu.  Go dtí seo níorbh eol cá háit a raibh an mearcair seo ag dul i ndiaidh dó titim as an atmaisféar.  Ach in alt a foilsíodh san iris Science, tugtar le fios go nglacann diatóim nó algaí san fharraige isteach an mearcair seo, go dtiteann sé go grinneall na farraige agus go mbailíonn sé ann i láib faoi leith ar a dtugtar púscán diatóm.

Is miotal leachtach é an mearcair atá an-ghann i screamh an domhain. Ó bholcáin agus ó dhó guail a eisítear é. De bharr go raibh an-tábhacht le gual mar fhoinse fuinnimh le 200 bliain anuas – ó tharla an réabhlóid thionsclaíoch – d’imigh cuid mhór mearcair isteach san atmaisféar agus gan a fhios ag éinne cad a tharlaíodh dó ansin.

Tá sé tábhachtach fios a bheith againn cá mbíonn mearcair ag dul toisc gur miotal iontach nimhiúil atá ann.  Cuireann sé isteach ar chuid mhór de na horgán i gcorp an duine, an inchinn san áireamh agus níl aon leigheas fónta againn air. Is é an mearcair sin is cúis le go leor galar néarógach, go háirithe. Déanann sé an-dochar d’ainmhithe agus do phlandaí fosta.

Measadh go raibh cuid den mhearcair san atmaisféar ag dul isteach san fharraige ach ní raibh aon eolas beacht ar fáil faoi.

I measc na bhfíteaplanctón a bhíonn ag fás san fharraige i bhfad ó na mór-ranna, mar a mbíonn an fharraige dhomhain nó an fharraige pheiligeach, a fhaightear na diatóim. 

Tagann borradh faoi líon na ndiatóm san earrach, agus titeann cealla beaga s’acu go grinneall na mara nuair a fhaigheann siad bás.  Tugtar púscán diatóm ar an láib faoi leith sin a chruthaítear as cealla marbha na ndiatóm. 

Chun fáil amach an raibh an mearcair ag dul isteach san fharraige agus an raibh na diatóim ag sú mearcair isteach, rinne foireann taighdeoirí ó Ollscoil Theicniúil Braunschweig sa Ghearmán tomhas ar an mhéad mearcair a bhí i bpúscán diatóm san Antartach.

Bhain siad trí chroíleacán as grinneall na mara agus bhí siad ábalta dátaí cruinne a chur ar an phúscán ag gach leibhéal de na croíleacáin sin. 

Leagadh síos an púscán ag bun croíleacáin amháin níos mó ná 7,600 bliain ó shin.  Rinneadh tomhas ansin ar an mhéad mearcair ag leibhéil éagsúla sa chroíleacáin.

Níor tháinig aon athrú ar an mhéad mearcair a bhí sna leibhéil éagsúla den phúscán a leagadh síos idir 7,600 bliain ó shin agus 1850. Thart ar 30 nanagram mearcair i ngram púscáin (ng/g) a bhí ag gach leibhéal go dtí an bhliain 1850. 

Ach i ndiaidh 1850, go tobann, tháinig méadú ar an líon mearcair agus bhí 80 ng/g sa phúscán a leagadh síos ag deireadh an 20ú haois. Léirigh na figiúirí sin gur leagadh níos mó mearcair síos ó 1850 ná mar a tharla roimhe sin.

Tharla an méadú mearcair sa phúscán diatóm, díreach nuair a tosaíodh ar níos mó guail a dhó do na tionscail throma a bhí ag scaipeadh ar fud na hEorpa agus thuaisceart Meiriceá, ach go háirithe.  Ní hé go raibh níos mó bolcán ag brúchtaíl sa tréimhse sin ná mar a bhíodh.

Léiríonn an staidéar seo go bhfuil na hastaíochtaí mearcair ó thionscail throma ag dul isteach san atmaisféar agus as sin isteach san fharraige, áit ina mbailíonn sé i gclábar, an púscán diatóm, ar ghrinneall an aigéin dhomhain. 

Anuas air sin, is fada a fhios againn go bhfuil mearcair á iompar isteach sna haibhneacha ón tionsclaíocht throm fosta.  Téann an mearcair seo fhad leis an fharraige agus bailíonn sé sna hinbhir agus ag grinneall na farraige éadoimhne in aice leis an gcósta.

Nuair a chuirtear é sin ar fad san áireamh, is léir go bhfuil an tionsclaíocht throm ag seachadadh mearcair, miotal nimhiúil, ar fud na farraige, idir uisce domhain agus éadomhain. Seans maith go bhfuil sé ag cur isteach ar phróisis éagsúla sna héiceachórais íogaire ansin.

Fág freagra ar 'Tá miotal nimhiúil á sheachadadh ar fud na farraige de bharr na tionsclaíochta'