Tá mí-eagar ar agóid na bhfeirmeoirí, ach beidh ar an rialtas aird a thabhairt orthu

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí caidreamh éifeachtach a bheith ag an Rialtas le dream nach léir cé atá i gceannas orthu

Tá mí-eagar ar agóid na bhfeirmeoirí, ach beidh ar an rialtas aird a thabhairt orthu

Thug Leo Varadkar freagra simplí agus easnamhach ar ghearáin na bhfeirmeoirí nuair a labhair sé le hiriseoirí maidin inné.

Tá a fhios ag an Rialtas, a dúirt sé, go bhfuil deacrachtaí móra ag cur as d’fheirmeoirí toisc nach leor an praghas atá á thairiscint dóibh lena gcostais a ghlanadh. Ach, arsa an Taoiseach, níl smacht ag an rialtas ar phraghsanna mairteola.

Thagair Leo Varadkar do dheacracht eile nach léir a réiteach. Ní raibh baint ná páirt ag an IFA ná ag an ICMSA le slógadh na dtarracóirí i mBaile Átha Cliath agus bhí easaontas follasach i measc an lucht agóide. Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí caidreamh éifeachtach a bheith ag an Rialtas le dream nach léir cé atá i gceannas orthu.

Bhí sé ag labhairt tar éis don aire talmhaíochta Michael Creed bualadh le feirmeoirí a bhí páirteach san agóid. Léirigh an comhrá eatarthu arís an fáth nach raibh rath ar na cainteanna a d’fhógair an t-aire i mí Dheireadh Fómhair chun stop a chur le picéid ar mhonarchana feola.

I mí Mheán Fómhair, dúirt úinéirí na monarchana agus na daoine a labhair ar son lucht na bpicéad araon go raibh siad toilteanach páirt a ghlacadh i dtascfhórsa mairteola a mhol Michael Creed a bhunú. D’iarr an t-aire ar iar-rúnaí na roinne talmhaíochta Michael Dowling a bheith ina chathaoirleach ar an ngrúpa.

Thug an dá thaobh le fios go raibh siad sásta. Ach b’éigean an chéad chruinniú den ghrúpa, a bhí beartaithe don 14 Deireadh Fómhair, a chur ar ceal nuair nár lig scata feirmeoirí d’ionadaithe na monarchana freastal air.

Tuigtear gurbh í an chnámh spairne is mó idir an dá thaobh an uair sin, agus ó shin, na hurghairí cúirte in aghaidh feirmeoirí a chuir picéid ar C&D Foods i gcontae Longfoirt. Níor tharraing C&D siar iad mar a rinne úinéirí na monarchana eile. Bhí dearcadh an chomhlachta ar na príomhchúiseanna gearáin a phléigh an lucht agóide le Michael Creed an tseachtain seo. Pléadh  chomh maith ráiteas an aire sa Dáil go raibh bagairt déanta ar bheatha stiúrthóirí C&D.

Shéan an t-aire go raibh sé ag iarraidh a thabhairt le fios gur daoine a chuir picéid ar C&D a bhí freagrach as an mbagairt, ach ba léir Dé Céadaoin nach raibh an lucht agóide ar aon tuairim leis.

Teastaíonn ceannairí údarásacha ar an dá thaobh chun gach aighneas a réiteach. Faraor, níl lucht ceannais dá leithéid ag an lucht agóide. Ní féidir a bheith cinnte mar sin gur féidir iad a shásamh.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé chomh maith ag an Rialtas éirí as an iarracht réitigh. Tá géarchéim na bhfeirmeoirí mairteola ag dul i dtreise. Tá cabhair nach beag tairgthe ag an rialtas agus an AE. Níor tugadh aghaidh go fóill, áfach, ar an bhfadhb is mó atá ag cur as dóibh: tá na praghsanna atá á dtairscint dóibh ag na monarchana feola níos ísle ná an costas a bhaineann le tógáil eallach.

Murar féidir leis an rialtas brú a chur ar na monarcha an praghas a ardú, is léir dóibh go bhfuil an baol ann go ngéarófar ar an agóidíocht.

Thaispeáin agóid na gilets jaunes (lucht na gcasóg buí) sa Fhrainc le bliain anuas nach maolaítear ar fhearg gluaiseachtaí dá leithéid fiú mura mbíonn a lucht leanúna ar aon intinn faoin leigheas a theastaíonn uathu.

Ardú ar phraghasanna breosla is túisce a spreag an agóid sa Fhrainc, ach ní fada go raibh iliomad gearán eile á dtarraingt anuas acu. Nuair a thug na feirmeoirí aghaidh ar an mbóthar abhaile ó chroílár Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin, bhí na deacrachtaí ar thagair Leo Varadkar dóibh níos soiléire ná riamh.

Teastaíonn réiteach go géar ón dá thaobh. Faraor ní léir dóibh fós conas réiteach a aimsiú, agus é a chur i bhfeidhm.

 

Fág freagra ar 'Tá mí-eagar ar agóid na bhfeirmeoirí, ach beidh ar an rialtas aird a thabhairt orthu'