Tá Máirtín Tom Sheáinín ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí in Éirinn

Tá príomhthréithe an dea-craoltóra go barr bachall ag Máirtín Tom Sheáinín, craoltóir a bhfuil tuiscint agus meas ar phobal aige

Tá Máirtín Tom Sheáinín ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí in Éirinn

Níl a fhios agam cé mhéad againn i bpobal na Gaeilge a thuigeann chomh mór agus atá muid faoi chomaoin ag an gcraoltóir breá Máirtín Tom Sheáinín. Tá sé ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí in Éirinn agus i bhfad níos fearr ná cuid mhaith a bhfuil cáil mhór orthu.

I gConamara is mó atá aithne air ach ní fear paróistiúil ar bhealach ar bith é. Tá sé in ann déileáil le héisteoir as Corca Dhuibhne, as Tír Chonaill, as Baile Átha Cliath nó as Béal Feirste chomh tuisceanach is a labhródh sé le duine as Leitir Móir.

Fiafraíodh de chraoltóir maith as an mBBC uair amháin cé na cáilíochtaí a theastódh ó chraoltóir le hagallamh maith a dhéanamh? Trí rud, a d’fhreagair sé – ‘preparation, empathy and trust’.

Tá na buanna sin go barr bachall ag Máirtín. Cheapfá scaití nach ndéanann sé ullmhúchán ar bith ach is mór an dul amú a bheadh ort dá gceapfá. Bíonn Máirtín san airdeall ar mhíreanna maithe le haghaidh a chuid cláracha raidió ó dhubh go dubh, agus domhain san oíche go minic freisin.

B’fhéidir gur focal fánach a déarfá ina chuideachta agus bheadh sé stampáilte ar an bpointe aige agus é ag cuimhneamh ar ábhar cláir a bhaint as.

Tá cairde aige ar fud na tíre agus thar lear agus is iad atá dílis dó.

Maidir leis an ‘empathy’ a luaigh fear an BBC, b’fhéidir gurb é sin an bua is mó ar fad atá ag Máirtín. Rinne sé agallaimh uaireanta a bhainfeadh deoir as an gcloch ghlas: máthair ar chuir a mac lámh ina bhás féin b’fhéidir nó fear a chaill a bhean chéile go tragóideach.

Nuair a bheifeá ag éisteacht leis d’aithneofá láithreach go raibh sé ag iompar na croise cuid den bhealach in éineacht leis an té a bhí faoi bhrón.

Maidir le trust a bheith ag an té atá faoi agallamh sa gcraoltóir mura bhfuil sé sin ann ní bheidh cuma ná caoi ar an gcomhrá ná nádúr ar bith ann. Ní bhíonn curtha ach cúpla ceist nuair is léir don éisteoir go maith ar glincín nó scaothaire é fear na gceisteanna nó an bhfuil baol ann go gcuirfeadh sé an duine eile i sáinn gan údar nó a chur trína chéile agus a náiriú ar bhealach eicínt.

Sin rud nach ndéanfadh Máirtín Tom Sheáinín go deo.

Ní shin le rá nach dtéann sé go bunrúta leis an scéal ach ó tharla go mbíonn iontaoibh ag daoine as is féidir leis sin a dhéanamh.

Bhí mé i Raidió na Gaeltachta lá ag breathnú isteach air ag cur agallaimh ar bhean a bhí pósta le fear cáiliúil. Chuir sé neart ceisteanna pearsanta uirthi faoin gcaoi ar casadh ar a chéile iad, faoin fhad a bhí siad ag siúl amach le chéile agus mar sin de. Ach ní dheachaigh sé thar marc le ceist ar bith agus d’fhreagair sise é go fonnmhar.

Sin trust, iontaoibh, muinín.

Aríst agus aríst eile léiríonn Máirtín a mheas ar an dream a bhfuil sé ag freastal orthu. Is é a thuigeann pobal Chonamara go háirid.

Bhí mé ag obair in éineacht leis uair ar an gclár Togha agus Rogha. Ní obair a bhí inti go deimhin mar gur fearr leisean i gcónaí a bheith ag brath air féin. Dá ndéarfá leis go mbíonn ceathrar léiritheoirí agus beirt taighdeoirí ag Joe Duffy ní chuirfeadh sé múisiam dá laghad air. ‘Go n-éirí sin leis,’ a déarfadh Máirtín. Is é an chaoi a mbeidís sa mbealach airsean.

Thagadh corr-iarratas amhrasach isteach ar Thogha agus Rogha – daoine a bhí ag dul le chéile, mar dhea, ag dul ag pósadh agus dá réir.

D’iarradh Máirtín ormsa na cinn sin a chaitheamh de leataobh; d’aithníodh sé gan stró an té a bheadh i mbun diabhlaíochta nó b’fhéidir ag maslú duine dá chuid comharsana.

Craoltóir cumasach teilifíse ba ea John O’Donoghue a bhíodh ar 7 Days fadó. Bhí Gaeilge líofa aige. Chuir sé tuairisc Mháirtín Tom Sheáinín lá.

‘Craoltóir den scoth é an fear sin,’ a dúirt sé, ‘bhí mé ag éisteacht leis an lá faoi dheireadh agus ní raibh aige ach ábhar amháin, dreancaidí. Bhain sé uair an chloig de chlár spéisiúil astu. Duine ar bith atá in ann é sin a dhéanamh,’ ar seisean, ‘is deacair a dhul thairis.’

Sa lá atá inniu ann caitheann go leor craoltóirí formhór a saoil ag cnáimhseáil agus ag déanamh trua dóibh féin. Ní mar sin do Mháirtín Tom Sheáinín; leanann sé air ag freastal ar a phobal dílis go sásta, suáilceach, gealgháireach.

Is beagnach cinnte gurbh é a meon céanna a bhí ag duine de laochra Mháirtín, Colm de Bhailís. Thug seisean sólás don phobal lena linn féin.

Go maire tusa, a Mháirtín, níos faide ná Colm de Bhailís ag cur cluaisíní croí orainn le do chuid dea-chraoltóireachta.

Fág freagra ar 'Tá Máirtín Tom Sheáinín ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí in Éirinn'

  • Eoinín

    Go deimhin fhéin is craoltóir cumasach é Máirtín Tom Sheáinín. Is duine é a bhfuil meas agus tuiscicnt aige ar a phobal éisteachta agus ar na haíonna a bhíonn faoi agallamh aige agus meas air dá réir. Tá sé in ann déileáil go paiteanta le chuile chineál duine agus ábhar agus é breá ábalta ar an “trom agus éadrom” a mheascadh le chéile. Is furasta a aithint go mbíonn sé ar a chompord agus déanann sé amhlaidh lena lucht éisteachta.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Aontaoim leat.Mar dhuine a bhí ar an gclár chuaigh me féin agus Máirtín isteach sa chaintín agus fad a bhí caife againn réitigh Máirtín formhór an aghallamh. Bhí sé an-réchuiseach, chuir se ar mo shuaimhneas mé ach bhí mé reidh go maith sar ar thosnaigh an aghallamh. Bhí sé sé soiléir go bhfuil an-chur amach aige agus meas aige ar saol na Gaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    Craoltóir den scoth é gan aon agó. Is mór idir a chlár raidió agus Liveline. Síor-chlamhsán agus geonaíl ar chlár Joe Duffy. Siamsaíocht, dea-ghiúmar agus meon dearfach i gcónaí le cloisteáil ar chlár MTS. Gura fada buan é.

  • Pól Ó Braoin

    Togha an chraoltóra uilig é. Bhí sé riamh ar mo liosta rudaí le déanamh castáil air lá eicint. Is breá liom bheith ag éisteacht le MTS bail ó Dhia air.

  • TÓC

    Níor cheart do dhuine tada criticiúil ná grinn a rá faoi chraoltóir ar bith ar RnaG – má dhéanann ní bheidh tásc ná tuairisc air ar Tuairisc.ie
    Ba cheart daoibh ‘leath-thuairisc.ie’ a thabhairt ar an suíomh seo!

  • Páid Ó Donnchú

    Bhuel tuigim duit TÓC go pointe. Bronnfar meáin na Gaeilge i bhfad an iomarca duaiseanna ar a chéile.

    Ach sa gcás àirithe seo, táim féin ar aon fhocal leis an t-údar. Tá MTS thar barr mar chraoltóir.

    Bua eile atá aige ná luas a chuid cainte, agus cé chomh glan is atá a chuid fhoghraíochta. Gaeilge ghlan sothuigthe.