Más fataí, prátaí nó préataí a bhí agat ar dhinnéar na Nollag i mbliana tá rud amháin cinnte: chosain siad níos mó ort sa siopa an iarraidh seo ná a d’íoc tú orthu blianta eile. An spalpadh triomaigh a tháinig sa samhradh a d’fhág gann iad.
Ní fheileann an triomach do na fataí agus iad ag fás agus sin é an fáth a raibh an barr níos lú i mbliana. Cheapfá gur an-tír í seo le fataí a fhás inti agus is ea freisin ach féach mar sin féin gurbh éigean dúinn 70,000 tonna acu a thabhairt isteach anuraidh.
As an mBreatain a tháinig beagnach an dá thríú cuid acu. Nuair a chuimhneofá ar an nGorta Mór is aisteach an scéal é.
Ba é an fata a choinnigh beo na Gaeil ar feadh na gcéadta bliain. Frítheadh amach le tamall anuas go bhfuil an-chothú sa bhfata. Ba leor béile fataí agus mug bláthaí nó bainne géar le sclábhaí a choinneáil ag obair formhór an lae. Ach chaithfeadh sé foracan maith acu a ithe. Chuala muid ar fad an seanrann:
Prátaí ar maidin is prátaí am nóin,
Is á n-éireoinn san oíche prátaí a gheobhainn.
Deirtear go n-itheadh cuid de na fir oibre cloch fhataí sa ló. B’áibhéil an slogadh é!
Bhíodh tóir ar an steaimpí freisin, nó an bocstaí mar a thugtaí in áiteacha eile air. Tá cur síos maith déanta air san amhrán sin ‘Raithineach A Bhean Bheag’.
Tá tigh mór fairsing i mBarra na hÍne,
Bíonn bean acu á ghlanadh agus bean acu á scríobadh,
Bean eile acu á fháscadh os cionn corcáin ar a dícheall
Agus seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar an ngríosaigh.
Bhí tóir ag ‘Máire Mhór’ a bhí i gcathair na Gaillimhe ar na fataí freisin. Bruithneoga ab fhearr léise is cosúil. Mar a dúirt an fear a raibh tóir aige uirthi:
Ó, grá mo chroí thú, a stóirín, mar is thú nach ndéarfadh tada liom
Mar is tú a chuirfeadh na fataí móra i dtaisce ar leic an teallaigh dhom.
Ach ar ndóigh is é an dúchan a tháinig ar na fataí sa mbliain 1845 a thug an buille marfach do na Gaeil. Bhí an Gorta Mór a tháinig as chomh huafásach sin gur beag amhrán Gaeilge a cumadh faoi. B’fhearr le daoine é a chur as a gcuimhne chomh maith is a d’fhéadfaidís.
Tá an t-amhrán truamhéalach as na Déise, ‘Na Prátaí Dubha’ ann mar sin féin:
Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana a scaipeadh orainn,
Do chuir sa phoorhouse iad is anonn thar farraige,
I Reilig an tSléibhe tá na céadta acu treascartha,
Is uaisle na bhflaitheas go ngabhaid a bpáirt.
Má bhí Éireannaigh ag ithe cloch fhataí sa ló fadó is mór a d’athraigh an saol ó shin. 140 cileagram an duine sa mbliain ar meán a bhí muid a ithe in Éirinn sna 1990idí. Tá sé sin íslithe go dtí 85 cileagram an duine anois.
Pasta agus rís atá ag teacht in áit na bhfataí. Fiche bliain ó shin is fánach an aird a bhí ar an bpasta sa tír seo ach tá gasúir na hÉireann ag ithe an oiread de anois is atá siad a ithe de na fataí. Níl na heolaithe cinnte ar chor ar bith go bhfuil an cothú céanna ann.
Tá sé leagtha ar Sir Walter Raleigh gurbh é a thug na fataí go hÉirinn an chéad lá riamh ach is beag staraí inniu a ghlacfadh leis an teoiric sin. Ba iad na Spáinnigh a thug as Meiriceá don Eoraip iad agus ceaptar gur as an Spáinn a tháinig siad chun na tire seo.
An práta Spáinneach atá ar an ‘sweet potato’ i bhfoclóir de Bhaldraithe. B’fhéidir go bhfuil leide eicínt ansin. Tá an focal ‘potáta’ i ndán a scríobh Dáibhí Ó Bruadair sa mbliain 1674 nó 1675.
Go ndéana na fataí maith agus sláinte daoibh an chuid eile den bhliain agus más fataí, prátaí, pasta nó rís is mó a bheas ar an bpláta agaibh i rith na bliana nua go raibh sláinte an bhradáin fearna agaibh dá mbarr.
Fág freagra ar 'Tá lón machnaimh sna fataí a bheidh á n-ithe inniu againn…'