Tá laochra fíorghann ar na saolta seo in Éirinn, ach duine acu Pádraig Mac Fhearghusa

Fear cúise agus gníomhaí teanga den scoth é Pádraig Mac Fhearghusa a d’éirigh as cúram an eagarthóra le Feasta le déanaí

Tá laochra fíorghann ar na saolta seo in Éirinn, ach duine acu Pádraig Mac Fhearghusa

Le heagrán mhí na Nollag de Feasta tháinig deireadh le ré Phádraig Mhic Fhearghusa mar eagarthóir ar an iris. Breis agus trí bliana is fiche caite aige ina bun. Dá mbeadh trí bliana eile caite bheadh sé inchomórtais leis an bhfear a bhfuil an sloinne céanna air, Alex Mac Fhearghusa, a chaith breis agus sé bliana is fiche mar bhainisteoir ar an bhfoireann sacair, Manchester United! Cé go rabhadar éagsúil in an-chuid bealaí, bhí cosúlachtaí áirithe eatarthu chomh maith.

Oibrí dian dícheallach agus fear diongbháilte, daingean ba ea fear an tsacair agus bhí na tréithe céanna i seilbh fear Feasta chomh maith. Theastaigh ón mbeirt acu na caighdeáin ab airde a bhaint amach sna gnóthaí a bhí idir lámha acu. Ar ndóigh, bhí breis agus scór duine ag cabhrú le Alex agus é i mbun oibre neamhchosúil le Pádraig a bhí ag obair ina aonar.

I mBealtaine 1996 a ghlac Pádraig le gnó na heagarthóireachta. Ní dóigh liom gur thuig sé ag an am méid an chúraim a bhí á thógaint ar bord aige. Ná gur thuig sé ualach na hoibre a bheadh air a iompar ina aonar go dtí mí na Nollag 2019. Gan de thacaíocht aige ach Donnchadh Ó hAodha as Cúil Aodha a thóg cúram an riaracháin agus na síntiús air féin agus a d’fhan leis go deireadh cúrsa. Seans dá dtuigfeadh sé méid na hoibre a bhí roimhe nach nglacfadh sé leis an gcúram an chéad lá riamh. Ach fear uasal, coinsiasach, dílis, dúthrachtach é Pádraig Mac Fhearghusa. Dúshlán a bhí ann dó ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí agus d’fhilí na Gaeilge. Is nath é ‘ar son na cúise’ nach bhfaigheann an t-aitheantas ná an urraim atá tuillte aige ar na saolta seo ach fear cúise agus gníomhaí teanga den scoth ab ea é ó bhí sé ina fhear óg.

Bhunaigh sé Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978 agus chaith tréimhse fhada ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, a raibh baint mhór aige lena bhunú chomh maith. Páirt mhór glactha aige i gConradh na Gaeilge le breis agus dhá scór bliain. Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist: ceardlanna scríbhneoireachta, ciorcail chomhrá, Samhlaíocht Chiarraí, eagrú fhéile an Oireachtais, uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, féilte, éigsí, tionóil .

D’fhéadfaí dul ar aghaidh agus ar aghaidh. Is leor a rá gur dhein sé beart de réir a bhriathair i gcónaí. Mar eagarthóir ar Feasta bhíodh sé i lár an aonaigh agus scáthán ba ea Feasta ar a raibh ar siúl i saol na Gaeilge ó 1996 i leith.

Ar ndóigh, is file aitheanta cumasach é freisin agus trí cinn de leabhair filíochta a fuair ardmholadh i gcló aige. Leabhar scríofa aige faoi stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí agus ceann faoi shíceolaíocht Freud agus Jung. Mar eagarthóir ar Feasta chuir sé seirbhís ríluachmhar ar fáil do phobal na Gaeilge. Spreag agus ghríosaigh sé scríbhneoirí idir óg agus aosta dul i mbun pinn trína saothair a fhoilsiú dóibh. Dhein sé freastal ar cheird na léirmheastóireachta trí léirmheasanna a fhoilsiú ar bhonn rialta san iris. Gan trácht ar ghrianghrafanna d’ócáidí agus d’imeachtaí Gaeilge a bhíodh ar siúl ar fud na tíre agus a bheidh ina bhfoinse luachmhar staire amach anseo.

Ar an drochuair, níor thacaigh na húdaráis chuí le maoiniú na hirise sna blianta deireanacha dá thréimhse mar eagarthóir, rud a bhí ina ábhar imní dó agus a ghoill go mór air, ní nach ionadh.

Ach maireann Feasta fós. Tá Cormac Ó hAodha tar éis glacadh le cúram na heagarthóireachta agus is iontach an rud é sin. Tá géarghá le hirisí clóite i saol na Gaeilge. Níl fágtha faoin tráth seo ach Comhar agus Feasta agus braitheann todhchaí na litríochta agus na smaointeoireachta Gaeilge cuid mhaith ar thodhchaí na n-irisí sin, dar liom. Ba bhoichte go mór saol na Gaeilge gan iad.

Tá laochra fíorghann ar na saolta seo i saol na hÉireann. Ní liosta le háireamh é méid na ndaoine a dhéanann íobairt ar son tíre agus teanga inár tsochaí. Eisceacht é Pádraig Mac Fhearghusa. Tá éacht déanta aige siúd le dhá scór bliain anuas ag cur na Gaeilge agus gach a bhaineann léi chun cinn sa tír. Agus is cinnte nach bhfuil deireadh déanta fós aige ná baol air.

Tá ardmholadh tuillte aige.

Fág freagra ar 'Tá laochra fíorghann ar na saolta seo in Éirinn, ach duine acu Pádraig Mac Fhearghusa'

  • Micheál Ó Conghaile

    Sách ráite a Mhíchíl. Obair éachtach déanta ag Padraig. Sos dlite dó…más sos a bheas ann!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Comhgháirdeachas agus mór bhuíochas leat a Phádraig, as ucht éacht a dhéanamh don dteanga. Ní bheidh tú suite siar mar atá an túfas fós le déanamh chun an Ghaeilge a chosaint agus a chothú. Ag súil bualadh leat arís.

  • Simon Ó Faoláin

    Agus é ar a chroí dícheall ag taoscadh ar mhaithe long na Gaeilge a choimeád ó dhul go tóin poill, níor tugadh an t-aitheantas cuí a bhí ag dul dó mar ealaíontóir cruthanta.

  • Máire Ní Annracháin

    Cé gur fíor gur ‘file aitheanta cumasach’é Pádraig ní leor sin dar liom. Is file den chéad scoth é, duine de mhórfhilí na Gaeilge. Ní bhfuair a shaothar a cheart fós. Saothar é a bhainfeadh stangadh asat ach é a léamh go cúramach. Tá comaoin mhór curtha aige ar thraidisiún na filíochta ag dul siar na céadta bliain.

    Go maire tú d’am saor anois a Phádraig. Nára fada uainn an chéad leabhar eile ó do pheannsa.

  • alan titley

    Níl sa mholadh iontach sin ó Mhícheál ach cuid an bheagáin. Duine uasal déanta. Saighdiúir calma. Fear gealgháiriteach. Agus file den scoth!

  • Séamus Barra Ó Súilleabháin

    Táimse agus mórán eile faoi chomaoin aige Pádraig. GRMA!

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Is iomaí rud a sheol an duine cóir chugam mar dhuais ar rud a scríobhas dó… ba ea Pádraig an fear cineálta cinnte :-)

  • Colmán Ó Raghallaigh

    Aontaím le chuile fhocal thuas. Fear uasal séimh agus Gael den chéad scoth. Go maire tú do nuaíocht, a Phádraig!

  • Colin Ryan

    Is iomaí scéal agus dán liom a d’fhoilsigh Pádraig ar Feasta. Sárobair déanta aige. Fad saoil dó.