Tá iompar an PSNI á scrúdú arís

Príomh-Chonstábla mí-ádhúil é Simon Byrne agus i bhfad atá liosta a chuid fadhbanna ag dul

Tá iompar an PSNI á scrúdú arís

Teachtaí Tionóil ar ais ó bhriseadh na Cásca le haghaidh seisiúin speisialta chun Sinn Féin a cháineadh. Cruinniú de Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann a raibh blas den ‘chruinniú éigeandála’ air. Príomh-Chonstábla an PSNI ar a bhionda á chosaint féin in aghaidh éilimh go n-éireodh sé as oifig agus Seirbhís Chigireachta Póilíní na Ríochta Aontaithe á glaoch isteach chun iompar an PSNI a mheas. Agus an tSeirbhís Ionchúiseamh ag déanamh athscrúdú ar a cinneadh a chuir an lasair sa bharrach.

Sé an PSNI atá i mbéal na stoirme anois mar gheall ar shochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey i mí an Mheithimh anuraidh. Chothaigh ról lárnach Shinn Féin sa tsochraid guagacht pholaitiúil mar gur bhain sí an bonn den teachtaireacht sláinte phoiblí. Tá fearg le Sinn Féin forleathan i gcónaí ach is iad Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne agus an póilín sinsearach Alan Todd atá faoi ionsaí ag an DUP, a éilíonn a gcloigne.

Údar imní é cén éifeacht a bheidh ag míshástacht an DUP le ceannairí an PSNI ar mhuinín an phobail aontachtaigh sna póilíní agus an ngéarófar ar an teannas a bhí á chothú le tamall faoin bPrótacal iarBhreatimeacht. Tá Arlene Foster, ceannaire an DUP diongbháilte go gcaithfidh an Príomh-Chonstábla éirí as oifig. Tá seisean chomh diongbháilte céanna nach n-imeoidh sé. Ní dea-thuar don samhradh é an t-aighneas.

Ba mhó an raic a tharraing sochraid Bobby Storey an tseachtain seo ná mar a rinne sí naoi mí ó shin, a bhuíochas do chinneadh a rinne an tSeirbhís Ionchúiseamh. Shocraigh siad nach gcúiseofaí éinne de cheathrar is fiche d’ionadaithe tofa Shinn Féin as srianta Covid-19 a shárú nuair a d’fhreastail siad ar an tsochraid i mBaile Andarsan, Béal Feirste nó ar shlógadh poblachtánach i reilig Bhaile an Mhuilinn roimh adhlacadh sa chréamatóiriam in oirthear na cathrach. Mhaígh an tSeirbhís Ionchúiseamh nach n-éireodh le cúisimh toisc nár thuig daoine na srianta Covid-19 go beacht agus toisc go ndeachaigh an lucht eagair ó Shinn Féin i gcomhairle leis an PSNI roimh ré.

D’fhreastail thart ar 2,000 ar an tsochraid. Teaghlach an duine mhairbh amháin a bhí i dteideal a bheith ar shochraid faoi shrianta Covid-19 agus bhí tórramh ag an teach toirmiscthe.

I measc an tslua ag an ócáid phoblachtánach bhí LeasChéad-Aire Stormont, Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin agus comhghleacaithe léi in Stormont chomh maith le ceannaire a páirtí Mary Lou McDonald.

Thug an seisiún Tionóil don rún cáinte ar Sinn Féin in Stormont Déardaoin deis do dhaoine a racht a scaoileadh, sotal agus éilíteachas a chur i leith Sinn Féin, b’in é.

Le linn na díospóireachta ghabh Michelle O’Neill leithscéal as daoine a chaill lucht gaoil le linn na paindéime a ghortú, b’in iad na daoine a chomhlíon na rialacha. Níor shásaigh sí aon pháirtí eile.

Theastaigh admháil uathu gur sháraigh sí na srianta – a raibh sí féin freagrach as iad a chumadh; níor admhaigh. Bhíothas ag súil go léireodh sí aithreachas; ní dhearna. Níor dhúirt nach ndéanfaí a leithéid arís.

Ba chosúil áfach dá mbeadh breith ar a aithreachas ag an bPríomh-Chonstábla go ngabhfadh an PSNI ar mhalairt cúrsa. Nó ar a laghad dá mbeadh an t-eolas aige i mí an Mheithimh anuraidh faoi léamh na Seirbhíse Ionchúiseamh ar na srianta go mbeadh malairt cur chuige ag an PSNI. Labhair póilíní leis an lucht eagair roimh ré agus choinnigh siad súil ghéar ar chúrsaí chun fianaise a bhailiú. Chreid siad go gcúiseofaí daoine as na srianta a shárú agus bhain cinneadh na Seirbhíse Ionchúiseamh siar astu.

D’fháiltigh an Príomh-Chonstábla roimh chinneadh an Bhoird cigire póilíneachta ón mBreatain a thabhairt isteach chun iompar an PSNI i dtaca leis an tsochraid a scrúdú. Beidh súil aige go dtabharfadh an scrúdú sin sos ón mbrú dó ach ní Príomh-Chonstábla ádhúil é Simon Byrne. Tá liosta na n-ábhar aighnis ag dul i bhfad agus líon a lucht tacaíochta ag titim.

Fág freagra ar 'Tá iompar an PSNI á scrúdú arís'