Tá iarfheisire chuig Westminster do Lár-Ulaidh ar shlí na fírinne

Toghadh Tomás Mitchell ina fheisire chuig Westminster faoi dhó i Lár-Ulaidh

Tá iarfheisire chuig Westminster do Lár-Ulaidh ar shlí na fírinne

Pictiúr: Tommy McKearney

Bhí Tom (Tomás) Mitchell, atá tar éis bháis in aois a 88 bliain, ina nasc le heachtraí corraithe na 1950idí.

Toghadh dhá uair é i 1955 mar fheisire ag Sinn Féin do Pharlaimint Westminster i sean-toghcheantar Lár Uladh. Toghadh san Olltoghchán é mí na Bealtaine. Dícháilíodh é, mar go raibh sé faoi ghlas. Toghadh arís mí Iúil é agus tromlach níos mó aige. Dícháilíodh an dara huair é agus tugadh an suíochán don iarrthóir Aontachtach, ainneoin gur buadh airsean.

Bhí seo ar an chéad uair gur bhuaigh Sinn Féin suíocháin in Westminster sa Tuaisceart ó 1921. Ag an am céanna, thug príosúnach eile suíochán Fhear Manach-Tír Eoghain Theas leis.

Bhí Tom Mitchell ar an bheagán a bhí fágtha den 35 duine a ghlac páirt sa ruathar cáiliúil de chuid an IRA ar bheairic an airm ar an Ómaigh i 1954. Theip ar an ruathar, gabhadh Mitchell agus seachtar eile, agus gearradh 10 mbliana príosúnachta air.

Ba as deisceart na tíre dóibh uilig toisc go raibh Poblachtánaigh Thír Eoghain ina n-easaontóirí ag an am. Bhí IRA an chontae i ndiaidh imeacht scun scan le Saor Uladh.

Bhí saol crua aige féin agus a chomrádaithe i bpríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Ní raibh stádas polaitiúil acu, fiú nuair a tháinig scaifte maith isteach de bharr feachtas an IRA ó 1956 ar aghaidh.

B’iar-B-Speisialtaigh agus iarshaighdiúirí go leor de na bairdéirí sa bpríosún. In amanna bhíodh na príosúnaigh 20 uair sa lá faoi ghlas ina gcillíní.

Bhí Mitchell ina Oifigeach Ceannais ar an IRA sa phríosún. Réitigh sé go maith leis an Phríomh-Oifigeach agus gan achrann de dhíth ar cheachtar acu. Bhíodh sé ina chléireach ag an sagart Dé Domhnaigh. Thug sin deis dó teacht ar sholáthar tobac do na príosúnaigh eile. Tríd is tríd, d’éirigh go maith leis mar gur fear lách a bhí ann. Ba nós leis gan cinneadh a dhéanamh go gasta, agus ba bhuntáiste agus míbhuntáiste a bhí ansin.

Throid sé ceithre thoghchán eile i Lár-Uladh, i 1956, 1959, 1964 agus 1966. Theip air gach uair acu sin. Tharla fothoghchán i 1956 mar gur dícháilíodh an tAontachtaí a fuair an suíochán i 1955.

Scaoileadh saor Mitchell i 1961 agus d’fhill ar Bhaile Átha Cliath agus ar an phost a bhí aige roimhe leis an Bhardas.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é i 1931, Sráid Rutland i lár na cathrach. D’aistrigh an teaghlach go Fionnradharc. Ba bhríceadóir é, ceird a athar agus a sheanathar roimhe. Chríochnaigh sé a shaol oibre leis an Bhardas mar chigire ar fhoirgnimh. Chuidigh an tsuim a bhí aige san ailtireacht leis sa phost sin.

Thug sé tacaíocht do Shinn Féin Oifigiúil (Páirtí na nOibrithe anois) nuair a scoilt Poblachtánaigh i 1970.

Phós sé go luath ina dhiaidh sin, agus níor ghlac páirt ghníomhach níos mó. Bhuail tragóid an teaghlach nuair a fuair a bhean, Ita, bás agus a mbeirt chlainne óg go maith.

Bhí riamh, cuid dá chroí i dTír Eoghain, mar gurbh ann a gabhadh agus a toghadh é. Thug sé riamh tacaíocht d’fhoireann Thír Eoghain, fiú in éadan na nDubs.

Maireann a iníon Brídín, agus a mhac Séamus.

Fág freagra ar 'Tá iarfheisire chuig Westminster do Lár-Ulaidh ar shlí na fírinne'

  • Eoin O Murchu

    Píosa deas. Ach tá an-chuid dinn nach ndearfadh gur ionann Páirtí na nOibrithe – a thug droim láimhe don Phoblachtánachas – agus an tIRA oifigiúil.