‘Tá galar Alzheimer ar an mbean sin,’ a dúirt an strainséara faoi mo mham

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer… Tagann athrú ar iompar agus ar ghnúis othar Alzheimer de réir a chéile ar furasta é a aithint, is cosúil, ach amháin sa chás gur gaol leat an t-othar

‘Tá galar Alzheimer ar an mbean sin,’ a dúirt an strainséara faoi mo mham

Cothrom an ama seo anuraidh, bhí mé féin, mo mháthair agus mo dheirfiúr mhór ar bhád farantóireachta ag filleadh ó oileán Itaparica go Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm.

Amuigh ar an deic a bhí muid ach chuir ráig thobann bháistí an ruaig orainn – ní féidir brath ar an aimsir ar Chuan na Naomh Uile. Isteach linn, ach bhí an bád plódaithe taobh istigh. Níor aimsigh muid trí shuíochán in aice le chéile. Shuigh mise liom féin i gceann aonair. Shuigh mo dheirfiúr agus mo mháthair dhá shraith chun tosaigh, mar a raibh dhá shuíochán in aice lena chéile ar fáil.

Ní raibh siad ach tar éis suí síos nó chuir bean a bhí ina suí sa tsraith suíochán eadrainn – os mo chomhairse ach ar chúl mo mham agus mo dheirféar – cogar i gcluas na mná a bhí in aice léi.

‘Tá galar Alzheimer ar an mbean sin,’ a dúirt sí, ag breathnú i dtreo mo mháthar agus ag cogar in ard a glóir mar gheall ar thorann inneall an bháid. ‘D’aithin mé láithreach é. Chaith mé na blianta ag tabhairt aire do bhean a raibh an galar sin uirthi.’

Ar éigean go raibh mé in ann an rud a chuala mé a chreidiúint. B’fhíor go raibh saghas mearbhall ar mo mham gur iompaigh an aimsir chomh tobann sin agus is dócha gur bhain an sciob sceab ar shuíocháin taobh istigh siar aisti agus go raibh sin le sonrú ar a haghaidh, ach níor shamhlaigh mé riamh go bhféadfadh strainséara iomlán a aithint, i bhfaiteadh na súl, go raibh galar Alzheimer uirthi.

Ar ndóigh, cúramóir proifisiúnta a bhí sa strainséara sin de réir dealraimh. Agus chuile sheans go raibh mé féin dall ar an athrú fisiciúil a bhí ag teacht ar ghnúis mo mham toisc nach raibh mé ag iarraidh é a fheiceáil. Ach anois, bliain níos déanaí, níl aon éalú uaidh.

An lá cheana, chuir mo dheartháir óg grianghraf chugam a ghlac sé dár máthair agus an bheirt acu ag ithe dinnéir i dteach mo mham san Ísiltír. Grianghraf álainn a bhí ann. Bhí loinnir órga ar chraiceann mo mham i solas an tráthnóna, bhí blús dúghorm uirthi – dath a fheileann di go mór – agus bhí cuma bhlasta ar an gcuraí glas a bhí réitithe ag mo dheartháir. Ach d’fheicfeá ar an toirt go raibh rud éigin mícheart le mo mham. An ghruaig bhán in aimhréidh. Aird ar bith aici ar an rís a bhí greamaithe de chúinne a béil. Ach thar aon ní eile, an fhéachaint uisciúil, fholamh úd sna súile sin nach raibh muid riamh cinnte an donn nó glas nó an dá dhath a bhí siad – ach a bhíodh lán brí.

Ar ámharaí an tsaoil, tá breis is ár ndóthain pictiúirí againn a chuirfidh ar ár gcumas cuimhneamh ar mo mháthair mar a bhí.

Fág freagra ar '‘Tá galar Alzheimer ar an mbean sin,’ a dúirt an strainséara faoi mo mham'

  • Galt

    > a dúirt an strainséara faoi mo mham
    níor mhaith linn an ginideach anseo.
    Tá “strainséir” i gceart.

  • Pól Ó Braoin

    Is oth liom do chás… slíomadóir ceart an galar coscrach tubaisteach sin. Is brónach an scéal é ach mar sin féin is maith an rud é go bhfuil daoine maithe timpeall uirthi. Chuirfeadh sé ar do mharana thú an chaoi a n-aithneodh an strainséara an brón nach maith leat féin a admháil.

  • Lillis Ó Laoire

    Galar coitianta anois agus daoine ag maireachtáil níos faide. Níl sé nasca.