Tá #Gaeilge4All á sheoladh an lá céanna a léirigh pobalbhreith nua go dtacaíonn móramh den phobal le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais

Tá feachtas nua seolta inniu ar mhaithe le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a chosaint agus a láidriú. #Gaeilge4All is teideal don fheachtas nua atá á sheoladh an lá céanna a léirigh pobalbhreith nua go bhfuil móramh ar son stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ a fhágáil mar atá agus córas theagasc na Gaeilge […]

Tá #Gaeilge4All á sheoladh an lá céanna a léirigh pobalbhreith nua go dtacaíonn móramh den phobal le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais

Tá feachtas nua seolta inniu ar mhaithe le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a chosaint agus a láidriú.

#Gaeilge4All is teideal don fheachtas nua atá á sheoladh an lá céanna a léirigh pobalbhreith nua go bhfuil móramh ar son stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ a fhágáil mar atá agus córas theagasc na Gaeilge a leasú agus a láidriú.

Léirigh an phobalbhreith a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge go gcreideann 64% den phobal gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta ar fhágáil na scoile dóibh.

De réir na pobalbhreithe céanna creideann 63% gur cheart polasaí náisiúnta nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge a cheanglódh le chéile gach leibhéal den chóras, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Breis is dhá thrian den phobal atá ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’, de réir na pobalbhreithe.

‘Tá sé briste, deisímis é’ an mana atá ag #Gaeilge4All.

Dúirt urlabhraí de chuid an fheachtais nua, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil ag teip ar an gcóras maidir le teagasc na Gaeilge agus gur léirigh an pobalbhreith nua go bhfuil an pobal ag tacú le leasú an chórais.

“Ó bunaíodh an Stát ó dheas tá gach Rialtas tar éis an fhíric a sheachaint go bhfuil múineadh na Gaeilge inár gcóras oideachais briste.

“Creidimid, san fheachtas #Gaeilge4All, go bhfuil an t-am tagtha chun na fadhbanna a shocrú ar bhealach iomlánaíoch agus cuimsitheach. Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar na fíor-shaincheisteanna,” a dúirt Julian de Spáinn.

Tá lucht an fheachtais nua ag éileamh ar an Aire Oideachais Joe McHugh polasaí cuimsitheach do theagasc na Gaeilge a thabhairt isteach a bheadh “bunaithe ar fhianaise” agus a d’fhreastalódh ar gach leibhéal den chóras “ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal”.

Dúirt Caoimhe Molloy, Oifigeach Gaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn ag an Dara Leibhéal go raibh sé thar am tabhairt faoi leasú an chórais.

“Réitímis na fadhbanna, ná seachnaímis iad. Tugaimis an deis do gach dalta, ar gach leibhéal cumais an Ghaeilge a fhoghlaim agus tugaimis gach tacaíocht dóibh. Tacaímis lenár múinteoirí agus cuirimis breis tacaíochta ar fáil dóibh.

“Bainimis úsáid as dea-chleachtas idirnáisiúnta le freastal ar gach páiste. Coinnímis an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste agus réitímis na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras. Déanaimis seo le chéile, déanaimis anois é”.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús tá eagraíochtaí teanga agus oideachais buartha le tamall anuas faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Táthar buartha go háirithe faoin athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Churaclaim agus Measúnachta, an NCCA, ar chóras na hArdteiste, athbhreithniú a chuirfidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair.

Fág freagra ar 'Tá #Gaeilge4All á sheoladh an lá céanna a léirigh pobalbhreith nua go dtacaíonn móramh den phobal le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais'

  • Niamh o leary

    Blarney

  • Daor Mac an tSaoir

    Déantar reifreann a chur ar mhuintir na hÉireann chun iallait a chur ar an rialtas agus ar Roinn an Oideachais cloí le mianta an phobail i leith na Gaeilge. Rinneadh reifreann maidir leis an Diamhasla — ceist a bhí seafóideach thar cuimse — is cinnte go dtuilleann an cheist seo reifreann dá cuid féin.