‘Tá gach cineál ceoil ann anois agus tá sé sin sláintiúil’ – bunaitheoir NÓS

Tá oíche mhór cheoil geallta ag ócáid bronnta Ghradam NÓS a bheas á reáchtáil sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath anocht

‘Tá gach cineál ceoil ann anois agus tá sé sin sláintiúil’ – bunaitheoir NÓS

Tá oíche mhór cheoil geallta ag ócáid bronnta Ghradam NÓS a bheas á reáchtáil sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath anocht

Seo an cúigiú bliain a mbeidh Gradam NÓS, a thugann aitheantas do cheoltóirí chomhaimseartha na Gaeilge a bheith á reáchtáil ag lucht na hirise.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS, go bhfuil borradh mór faoin réimse ceoil agus faoi líon na gceoltóirí atá ag ceol agus ag cumadóireacht i nGaeilge ónar bunaíodh na gradaim in 2015.

“Go leor de na hiontrálaithe a fuair muid sna blianta tosaigh, taifeadadh i seomraí leapa nó i gcúinne eile iad agus b’fhéidir nach raibh an críochnú iomlán gairmiúil orthu.

“Thar a bheith gach iontráil a fuair muid i mbliana, is eisiúintí gairmiúla iad atá ar fáil ar Spotify agus ar Youtube. Tá an caighdeán agus an léiriú tar éis ardú agus is cinnte go bhfuil níos mó daoine ag eisiúint ceoil i nGaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Conghaile go bhfuil “neart cúiseanna” leis an bhorradh atá le brath in earnáil an nuacheoil Ghaeilge.

“Tá níos mó féilte ceoil ann, níos mó ardán, ó thaobh na teicneolaíochta de, tá sé níos fusa ag daoine ceol a chur amach agus is cinnte go dtugann Gradaim NÓS ardán breise agus spreagadh do dhaoine.

“Tá gach cineál ceoil ann anois agus tá sé sin sláintiúil. Sa chéad cúpla bliain, pop agus raic is mó a bhí ann ach i mbliana tá hip-hop, rap, daoncheoil, ceol spioradálta agus mhiotal trom i measc na n-iontrálaithe. Tá an éagsúlacht seánraí dochreidte i mbliana,” a dúirt bunaitheoir NÓS.

Don chéad uair i mbliana, bronnfar na gradaim ar fad ag tús na hoíche agus cuirfear tús leis an cheolchoirm ina dhiaidh sin.

Ar na ceoltóirí a bheas i mbun ceoil sa Sugar Club anocht, tá Róisín Seoighe, amhránaí óg Gaeltachta, Cian MacCárthaigh, atá sa ghrúpa IMLÉ, Gráinne Holland, amhránaí as Béal Feirste agus Grooveline, banna óg as Contae Liatroim.

Ocht ngradam ar fad a mbronnfar ag Gradam NÓS 2020, ina measc gradam do ‘Amhrán na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Féile na Bliana’, an t-aon ghradam a raibh vóta poiblí i gceist leis.

An craoltóir aitheanta de chuid Raidió na Gaeltachta, Sinéad Ní Uallacháin, a bheas mar bhean a’ tí na hoíche agus atá ar dhuine de mholtóirí Ghradaim NÓS na bliana seo.

Is iad Ben Ó Faoláin (léirmheastóir ceoil NÓS), Ciarán Ó Meachair (BBC Gaeilge), Caomhán Ó hÓgáin (Raidió na Life), Edel Ní Churraoin (Raidió Fáilte), Sean Cathal Ó Coileáin (TG4) agus Seán T. Ó Meallaigh (Aisteoir – Stiúrthóir), na moltóirí eile.

Tá ticéid ar díol ar Eventbrite agus beidh fáil orthu ag an doras chomh maith.

Lauren Ní Chasaide atá ainmnithe sa rannóg Amhrán na Bliana dá hamhrán ‘Fásta’

Fág freagra ar '‘Tá gach cineál ceoil ann anois agus tá sé sin sláintiúil’ – bunaitheoir NÓS'