Tá fiú John Bruton ag géilleadh go bhfuil fadhb mhór ag an AE…

Is cóir glacadh leis nach mbeidh sa Aontas Eorpach feasta ach foras comhoibrithe eacnamaíochta

Tá fiú John Bruton ag géilleadh go bhfuil fadhb mhór ag an AE…

Tá sé againn go hoifigiúil anois.

Tá an tAontas Eorpach i dtrioblóid, agus an-chuid dá lucht leanúna faiteach nach dtiocfaidh sé slán as an ngéarchéim ina bhfuil sé ó thaobh údaráis agus dlúthpháirtíochta.

Ní mise atá á rá san, cé go gcuireann sé gliondar ar mo chroí ar ndóigh an scéal a léamh, ach John Bruton, iarthaoiseach an stáit seo, Ursula von der Leyen, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Peter Huber, breitheamh i gcúirt bhunreachtúil na Gearmáine, bord eagarthóireachta an Financial Times agus araile is araile.

Eascraíonn an scéal as rialú cúirte sa Ghearmáin. Chinn an chúirt bhunreachtúil ansin nach raibh sé dleathach ag an nGearmáin páirt a ghlacadh i scéim Bhanc Ceannais na hEorpa le bannaí a cheannach le cabhrú le stáit déileáil le costas na paindéime Covid-19.

Dúirt an chúirt go gcaithfidh Banc Ceannais na hEorpa a chruthú taobh istigh de thrí mhí go bhfuil an scéim i gcomhréir le dea-bhainistiú an airgeadra. Mura ndéantar sin bheadh sé neamhdhlíthiúil ag an nGearmáin páirt a ghlacadh sa scéim is go mbeadh iachall orthu bannaí atá ceannaithe cheana féin a dhíol láithreach.

Dar leis an Financial Times, rinne na breithiúna neamhaird ar dhualgais a leagtar ar an nGearmáin de bharr conarthaí an Aontais. Deirtear sna conarthaí sin nach féidir le hinstitiúid ar bith seachas Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa féin breithiúnas a thabhairt go bhfuil dlí na hEorpa sáraithe.

Rialú dochreidte atá ann, dar le Coimisiún na hEorpa. Mhínigh an t-iriseoir Martin Wolf a ndearcadh, ag rá gur ionsaí é ar an bhuneacnamaíocht, ar shláine agus neamhspleáchais an Bhanc Cheannais, agus ar chóras dleathach an Aontais.

Tá státseirbhísigh sa Choimisiún ag moladh gur chóir cás a thógáil in aghaidh na Gearmáine maidir le sárú an chonartha. Agus mhol iarthaoiseach na hÉireann, John Bruton, an próiseas céanna.

Ach tá fadhb leis sin. Is í an Ghearmáin an stát is láidre agus is saibhre san Aontas agus má dhiúltaíonn cúirt na Gearmáine géilleadh do chúirt na hEorpa ní féidir le rialtas na Gearmáine aon iachall a chur orthu sin a dhéanamh.

Agus is ar éigean go bhféadfaí fíneáil a chur ar an nGearmáin dá ndiúltódh an chúirt cead a thabhairt don rialtas é a íoc!

Ach má ligeann siad don Ghearmáin beag is fiú a dhéanamh de bhun-institiúid de chuid na hEorpa, cén t-údarás a bheadh acu i gcásanna in aghaidh na Polainne is na hUngáire? Cén seasamh a bheadh acu dá ndiúltódh an Iodáil géilleadh don Bhanc Ceannais freisin?

Sin é an fáth go bhfuil polaiteoirí is tráchtairí ag rá go bhfuil beatha an Aontais i mbaol agus imní mhór orthu go bhféadfadh an tAontas dul in aimhréidh agus titim as a chéile.

Is sa gcomhthéacs sin is cóir alt a foilsíodh le déanaí ar Tuairisc.ie agus ar nuachtáin eile san Eoraip a léamh.

Ar ndóigh, in ainneoin an méid a dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, David-Maria Sassoli, Uachtarán na Parlaiminte, agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle, ní fíor gur bunaíodh an tAontas ar mhaithe le cogaí a sheachaint. Cogaí idir na cumhachtaí iar-impiriúla, sea; ach féach na cogaí atá curtha ag baill an Aontais ó shin ar an Meánoirthear, is an bhagairt a dhéantar go rialta ar an Rúis, mar a rinneadh ar an tSeirbia roimhe sin.

Is í an fhírinne gur bunaíodh an tAontas le beatha a shéideadh arís sna sean-impireachtaí, ach iad a bheith ag obair as lámha a chéile. Cinntíodh freisin, go háirithe i gConradh Maastricht, go mbeadh dualgas ar gach ballstát glacadh leis go dtabharfaí tús áite don mhargadh príobháideach, agus go gcuirfí leas an nua-liobrálachais sin chun tosaigh ar leas eacnamaíochta gach uile bhallstát.

De réir dealraimh tá sé ceart go mbeadh fiacha de chuid bhancanna na Gearmáine á roinnt idir na ballstáit go léir (ach a bhformhór ar ndóigh leagtha orainne anseo in Éirinn) ach níl an dlúthpháirtíocht a léiríodh don Ghearmáin ag dul don Iodáil.

Ní fiú mórán é, ach is fíor gur ghabh Ursula von der Leyen leithscéal leis an Iodáil mar gheall ar fhaillí na hEorpa – cruthúnas go raibh leithscéal ag teastáil.

Níl aon spéis ag an gcúirt Ghearmánach sa taobh sin den scéal, ach tá sé ríshoiléir go bhfuil an maíomh faoin dlúthpháirtíocht ag teacht salach ar an bhfhírinne faoi chúrsaí cumhachta.

Agus is ag an nGearmáin atá an chumhacht.

Níl ach freagra ciallmhar amháin air seo: is cóir cúlú ó lárú an Aontais agus glacadh leis nach mbeidh ann ach foras comhoibrithe eacnamaíochta ina mbeadh gach aon bhallstát comhionann le gach ceann eile, agus veto acu go léir ar pholasaithe nach n-oireann dóibhsean; agus gan aon iachall ann cloí leis an bpolasaí go dtabharfaí tús áite don saormhargadh.

É sin agus ar ndóigh, imeacht ón euro sula mbeidh an euro féin imithe!

Fág freagra ar 'Tá fiú John Bruton ag géilleadh go bhfuil fadhb mhór ag an AE…'

  • Re Mac Carthaigh

    Nil aon ionadh ann blas na schadenfreude le brath on tráchtaire seo. Ta se seo fos sa mbearna baol mar chosantoir dilis Vladimir Putin agus deachtóireacht na Rúise.
    Ma thiteann an EU i laige de bharr an géarchéim bhunreachtiuil seo is fior go mbeimid go leir i mbaol. Dá bhféachfá ar fud na cruinne, an bhfaca tú aon chóras eile a fheidhmíonnn nios fearr ar son na saoirse agus rath na heacnamaiochta?