‘Caithfidh an Eoraip a bheith níos láidre i ndiaidh na géarchéime seo’ – teachtaireacht ó uachtaráin an AE ar Lá na hEorpa

Cothrom an lae inniu 70 bliain ó shin, ar an 9 Bealtaine, 1950, glacadh le dearbhú Robert Schuman, dearbhú faoinar bunaíodh an t-aontas. Seo alt ar Lá na hEorpa ó thriúr uachtarán institiúidí an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen, David-Maria Sassoli agus Charles Michel

‘Caithfidh an Eoraip a bheith níos láidre i ndiaidh na géarchéime seo’ –  teachtaireacht ó uachtaráin an AE ar Lá na hEorpa

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, David-Maria Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

In 1950, bhí an Eoraip i ngreim ag géarchéim. Bhí an scrios a tháinig ar dhreach agus ar gheilleagar na hEorpa de dheasca an Dara Cogadh Domhanda fós ag luí go trom uirthi. Is amhlaidh a bhíothas sa tóir ar réiteach polaitiúil san Eoraip lena chinntiú nach mbeifí buailte ag uafás an chogaidh go deo arís.

Sa chomhthéacs sin, an 9 Bealtaine, rinne Robert Schuman, a bhí an uair sin ina Aire Gnóthaí Eachtracha ar an bhFrainc, a fhís a leagan amach maidir le conas a d’fhéadfadh an Eoraip an cuspóir sin a ghnóthú, trí institiúidí comhchoiteanna a chruthú chun a chinntiú nach é amháin go mbeadh sé doshamhlaithe cogadh a fhearadh, ach go mbeadh sé dodhéanta ó thaobh acmhainní de, freisin, déanamh amhlaidh.

Chuir a bhriathra siúd cor cinniúnach sa stair agus is é a bhí iontu ná na bunchlocha ar ar thóg a ghlúin siúd agus na glúnta a tháinig ina diaidh an tAontas Eorpach atá againn inniu.

Tá cothrom lae 70 bliain Dhearbhú Schuman á chomóradh tráth atá an Eoraip i ngreim ag géarchéim eile. Ar fud na hilchríche, tá a mbás tugtha do níos mó ná 100,000 duine ag an gcoróinvíreas le míonna beaga anuas. Tá srianta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar ghnáthshaol na gcéadta milliún duine, agus é mar aidhm leis na srianta sin cuidiú le leathadh an víris a choinneáil faoi smacht.

Inár gceannairí dúinn ar thrí phríomhinstitiúid an Aontais Eorpaigh, táimid ag cuimhneamh inniu go háirithe orthu siúd ar cailleadh daoine muinteartha leo. Táimid buíoch de na hoibrithe bunriachtanacha atá ag leanúint de bheith ag obair i gcaitheamh na géarchéime.  Iad siúd atá sa líne thosaigh inár n-ospidéil agus inár dtithe cúraim, atá ag comhrac chun beatha daoine a shábháil. Ach freisin na tiománaithe seachadta, na cúntóirí siopa, na póilíní, iad siúd uile atá ag obair chun a chinntiú gur féidir leis an ngnáthshaol leanúint ar aghaidh.

Táimid buíoch chomh maith de spiorad na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta sibhialta atá léirithe ag saoránaigh na hEorpa. Na milliúin daoine atá toilteanach cabhair a thabhairt, pé slí is féidir leo, le linn na géarchéime, bíodh sé sin trí shiopadóireacht a dhéanamh do chomharsa aosta, trí mhaisc aghaidhe a fhuáil, nó trí airgead a chruinniú lena thabhairt dóibh siúd atá ina ghátar. Níl sárú ar an Eoraip nuair a léiríonn sí croíúlacht agus dlúthpháirtíocht.

Ghníomhaigh an Eoraip go misniúil chun a chinntiú go bhféadfadh an margadh aonair feidhmiú i gcónaí, i riocht is go bhféadfaí soláthairtí leighis a sholáthar do dhochtúirí agus d’altraí a bhí ina ngátar, go mbeadh aerálaithe ann chun beatha daoine a shábháil, agus go seachadfaí bia agus earraí bunriachtanacha chuig ár siopaí mar a bhféadfadh Eorpaigh teacht orthu ar na seilfeanna.

Rinneamar cinntí nach ndearnadh riamh cheana chun a chinntiú, maidir leis an acmhainn fhioscach a bhí de dhíth ar rialtais náisiúnta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, go mbeadh sí  sin acu. Thiontaíomar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach ina ionstraim chun comhrac i gcoinne COVID-19.

Tá 100 billiún euro curtha ar fáil againn chun Eorpaigh a choinneáil i bpoist, trí thacú le córais náisiúnta oibre gearr-ama. Agus thug an Banc Ceannais Eorpach tacaíocht nár tugadh riamh cheana chun a chinntiú go leanfaí d’iasachtaí a thabhairt fo dhaoine agus do ghnólachtaí.

Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh fós. Agus gaibhniú agus srianta á gcur ar ceal go trialach agus de réir a chéile ag ár mBallstáit, ní mór go mbeadh sé ar an bpríomhthosaíocht i gcónaí beatha daoine a shábháil agus na daoine is leochailí inár sochaithe a chosaint. Ní foláir dúinn leanúint de bheith ag déanamh gach is féidir linn chun tacú leis an taighde ar vaicsín don choróinvíreas.

Tá an rath a bhí ar an gcomhdháil ghealltanas maidir leis an bhfreagairt dhomhanda ar an gcoróinvíreas, a bhí ar siúl an 4 Bealtaine, inar cruinníodh 7,4 billiún euro agus inar tugadh le chéile eagraíochtaí domhanda sláinte chun oibriú as lámha a chéile ar vacsaíní, ar chóireálacha agus ar dhiagnóisic, ina léiriú ar a ghasta is féidir leis an domhan tacú go láidir le cúis choiteann. Caithfimid an slógadh sin a choinneáil ar bun agus an domhan a choinneáil aontaithe i gcoinne an choróinvíris. Is féidir ról cinntitheach a bheith ag an Eoraip ina leith sin.

Ag an am céanna, ní mór go mbeadh an spás fioscach ag na Ballstáit uile is gá chun déileáil leis an éigeandáil leighis atá ag dul ar aghaidh i gcónaí.

Agus caithfimid oirchill a dhéanamh faoi chomhair an téarnaimh. Bhí eagla a n-anama ar mhórán Eorpach go dtí seo, ach tá eagla orthu anois go gcaillfidh siad a bpost. Ni mór dúinn inneall eacnamaíoch na hEorpa a dhúiseacht athuair. Cuimhnímis ar spiorad Robert Schuman agus a leathbhádóirí – cruthaitheach, dána agus pragmatach.

Léiríodar siúd gur ghá smaointeoireacht pholaitiúil nua agus droim láimhe a thabhairt leis an am a chuaigh thart chun teacht slán as géarchéimeanna. Ní mór dúinne an rud céanna a dhéanamh agus a aithint go mbeidh gá againn le smaointe agus uirlisí nua chun tacú lenár dtéarnamh féin. Ní mór dúinn a aithint nach féidir gurb í an Eoraip a bhí ann roimh an ngéarchéim a bheidh san Eoraip a thiocfaidh slán as an ngéarchéim seo, ná nach í a bheidh ann.

Ar dtús, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine is boichte agus is leochailí inár sochaithe. Sular thosaigh an ghéarchéim seo in aon chor, bhí an iomarca daoine san Eoraip a raibh an taos leis an oigheann i gcónaí acu. Tá na milliúin eile anois ann nach bhfuil a fhios acu cad atá i ndán dóibh, tar éis dóibh a bpost nó a ngnólachtaí a chailleadh.

Tá daoine óga agus mná thíos leis go háirithe agus ní mór tacaíocht nithiúil agus dhiongbháilte a thabhairt dóibhsean. Ní mór don Eoraip a bheith misniúil agus an uile ní is gá a dhéanamh chun beatha agus gairmeacha daoine a chosaint, go háirithe sna limistéir is mó atá buailte ag an ngéarchéim.

Ní mór go mbeadh ár nAontas folláin agus inbhuanaithe. Ceacht amháin a bheidh le foghlaim ón ngéarchéim seo is ea a thábhachtaí atá sé éisteacht le comhairle eolaíoch agus beart a dhéanamh sula mbíonn sé ródhéanach. Ní féidir linn staonadh ó aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ní mór an Comhaontú Glas don Eoraip a bheith ina bhunús dár dtéarnamh.

Agus ní mór dúinn a bheith níos giorra dár saoránaigh, rud a d’fhágfadh go mbeadh ár nAontas níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Beidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a bhí le bheith ar siúl inniu agus nár cuireadh moill uirthi ach mar gheall ar an bpaindéim, bunriachtanach ó thaobh na smaointe sin a fhorbairt.

Tráth leochaileachta sealadaí atá ann agus ní féidir ach le hAontas Eorpach láidir ár n-oidhreacht choiteann agus geilleagair ár mBallstát a chosaint.

Inné, rinneamar comóradh ar chothrom lae 75 bliana dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ní mór dúinn uafás agus barbarthacht an chogaidh agus na híobairtí a rinneadh chun deireadh a chur leis a choinneáil i gcuimhne i gcónaí. Inniu, déanaimid ár marana ar cad a thit amach ina dhiaidh sin.

Cuimhnímis ar ghlúin na gcaogaidí a chreid go bhféadfaí Eoraip níos fearr agus domhan níos fearr a thógáil as taisí an chogaidh – agus thógadar ina dhiaidh sin é.

Má fhoghlaimímid na ceachtanna sin, má leanaimid de bheith d’aon leith sa dlúthpháirtíocht agus má sheasaimid lenár luachanna, beidh an Eoraip in ann teacht as an ngéarchéim agus í níos láidre ná mar a bhí sí riamh.

Fág freagra ar '‘Caithfidh an Eoraip a bheith níos láidre i ndiaidh na géarchéime seo’ – teachtaireacht ó uachtaráin an AE ar Lá na hEorpa'

  • Gael-Eorpach

    Is ardú meanma dom go bhfuilimid páirteach in Aontas a thuigeann tábhacht na dteangacha agus an ilteangachais, Aontas a labhraíonn liom as Gaeilge agus Aontas a chuireann sé ar mo chumas labhairt leis as Gaeilge leis. Nach bocht an scéal é gur as Béarla amháin a bhíonn ceannairí na hÉireann ag labhairt agus go gcaithfear iompú ar an mBéarla má theastaíonn ó aon duine dul i dteagmháil le Rialtas na hÉireann…

    Mo bhuíochas leis an Aontas as a bhfuil déanta aige ar son na Gaeilge agus na hÉireann araon; mo bhuíochas le haistritheoirí an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag obair chun ilteangachas an Aontais a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm; mo bhuíochas le mo chomh-shaoránaigh Eorpacha go léir, a bhíonn páirteach insan Aontas céanna liomsa, a bhíonn ag obair ar a shon agus ar mo shonsa leis.

    An Eoraip abú, an muintearas abú, an dlúthpháirtíocht abú agus go n-oibrímidne, muintir na hEorpa, as lámh a chéile chun Aontas Eorpach as a bhféadfaimid a bheith bródúil a chruthú is a chaomhnú sna blianta fada achrannacha atá romhainn.