Tá ‘Enforcer’ Theresa May ag teacht go Béal Feirste, ach cén fáth?

Deirtear faoi Sue Gray atá le bheith mar Rúnaí Buan sa Roinn Airgeadais ó thuaidh gurbh í an bhean ba chumhachtaí in Westminster

Tá ‘Enforcer’ Theresa May ag teacht go Béal Feirste, ach cén fáth?

Ní cuimhin liom ar tharraing státseirbhíseach ar bith eile an oiread sin suime, imní, eagla, agus ráflaí faoi chomhchealga ná Sue Gray, bean 60 bliain d’aois atá ag teacht go Béal Feirste le post a ghlacadh mar Rúnaí Buan sa Roinn Airgeadais ó thuaidh.

“Sue, cé?” a fhiafraíonn sibh.

Bhuel, roimhe seo, bhíodh sí ina Stiúrthóir Ginearálta na hOifige Cuibheasa agus Eitice agus sa ról sin deirtear gurbh í an bhean ba chumhachtaí i Westminster.

Nuair a bhí an leasPhríomh-Aire Damien Green ag seasamh an fhóid in éadan líomhaintí go raibh sé ag amharc ar phornagrafaíocht ar a ríomhaire, i ndiaidh fhiosrúchán Gray, tugadh bata agus bóthar dó.

Tá Gray chomh cumhachtach sin gur chuir sí deireadh le gairmeacha beatha daoine agus go mbíonn sí taobh le Theresa May agus í i mbun atheagar rialtais, ar eagla go ndéanfadh an Príomh-Aire droch-chinneadh.

Molann sí daoine chun onóracha a fháil agus tugann sí comhairle nuair a bhíonn duine a mbeadh amhras faoi á mholadh, i gcás ridireachta, mar shampla.

Mar a dúirt duine amháin: ‘I ndiaidh 20 bliain, tá a fhios aici gach rud contráilte dá ndearna gach duine sa bParlaimint,” – airí, teachtaí agus státseirbhísigh.

‘The Grim Executioner’ agus ‘The Enforcer’ an dá leasainm atá ar Sue Gray i measc státseirbhísigh Whitehall.

Mar sin, cad chuige a bhfuil bean chomh cumhachtach sin, confidante Theresa May, bean scriosta gairmeacha, bean bhronnta na ngradam luachmhar agus an bhean a choinníonn scannail ó dhoras an rialtais ag bogadh go Stormont le post a ghlacadh mar Rúnaí Buan sa Roinn Airgeadais?

Tá a fhios againn gur ghlac sí sos gairme le pub a reáchtáil lena fear céile, Bill Conlon, amhránaí tuaithe as Port an Pheire i gContae an Dúin.

Bhí an pub, The Cove, suite taobh amuigh d’Iúr Chinn Trá ach ní hin cáilíocht a dhéanfadh fóirsteanach í do phost fíorthábhachtach abhus? (Bhuel, ní shílim…)

Ar na tréithe is mó atá curtha síos do Sue Gray, tá an rúndacht ar an cheann is minice a luaitear.

Ní fios cárb as í, ní fios cén scoil ar fhreastail sí uirthi ach tá a fhios againn gur chláraigh sí leis an státseirbhís thall, ag an leibhéal is ísle, i ndiaidh di an scoil a fhágáil.

Dian-obair agus cumas, a deir a lán, ba chúis leis na harduithe céime ar fad a fuair sí sular bhain sí Oifig an Rialtais amach. 

Cad chuige mar sin a bhfuil a triall ar Bhéal Feirste 4?

Foláireamh: teoiricí comhcheilge.

D’fhéadfadh an dá mhórpháirtí a bheith buartha faoi theacht Gray go Béal Feirste.

Sa chéad dul síos, i gcás na náisiúnaithe atá ag iarraidh tuilleadh oscailteachta, go háirithe i gcásanna a bhaineann le dúnmharuithe a rinne Arm na Breataine agus an RUC, is údar imní í.

Tá sé amuigh ar Gray gur léigh sí cuimhní cinn airí rialtais sular cuireadh i gcló iad agus gur chuir sí cinsireacht i bhfeidhm ar rud ar bith a chuirfeadh aiféaltas ar an rialtas.

Ní hí an Rúnaí Stáit í ach má bhí sí in ann tionchar mór a imirt ar Theresa May agus ar Phríomh-Airí eile roimhe sin, is cinnte go mbeidh tionchar mór aici ar Karen Bradley, dlúthchara eile de chuid May. 

Maidir leis an DUP, seans go mbeadh siadsan doicheallach fosta.

Mar shampla, cad é a dhéanfadh Sue Gray dá mbeadh sí i mbun fiosrúchán faoi Red Sky, NAMA, nó an t-airgead rúnda a fuair an DUP leis an Bhreatimeacht a chur chun cinn i nuachtáin Shasanacha. Agus sin gan trácht ar chonspóid an RHI.

Tá an fhianaise atá le cloisteáil ag an fhiosrúchán atá ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin RHI ag éirí níos dochreidte lá i ndiaidh lae.

Eacnamaithe nach bhfuil fios a ngnó acu, státseirbhísigh a d’inis bréaga agus a chuir na milliúin punt amú sular cuireadh tús leis an scéim teasa inathnuaite.

Ar cuireadh Gray anseo le maorlathas Stormont a leasú ó bhonn?

Agus cad é faoin Bhreatimeacht? Cad é an t-ionchur a bheas ag an bhean rúndiamhair seo maidir le ceist na teorann agus an caidreamh idir Stormont, Westminster agus rialtas Leo Varadkar? An mbeidh sí in ann airgead a scaoileadh d’Acht na Gaeilge? Ní fios.

Rud amháin atá cinnte, beidh gach duine ag amharc ar gach gníomh dá ndéanann sí – agus ní thaitneoidh sé sin léi.

Fág freagra ar 'Tá ‘Enforcer’ Theresa May ag teacht go Béal Feirste, ach cén fáth?'