‘Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige’ – Ómós léirithe don scannánóir George Morrison

Tá Uachtarán na hÉireann ina measc siúd a bhfuil ómós tugtha acu do Morrison, a stiúir an scannán aitheanta Gaeilge ‘Mise Éire’

‘Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige’ – Ómós léirithe don scannánóir George Morrison

George Morrison le hUachtarán na hÉireann, Michael D Higgins

Tá Uachtarán na hÉireann ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu don scannánóir aitheanta George Morrison, atá imithe ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Morrison, a bhí 102 bliain d’aois, i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Is é Morrison a stiúir an scannán Mise Éire, a d’eisigh Gael Linn den chéad uair in 1959. Bhain Morrisson úsáid as nuachtríleanna agus ábhar cartlainne eile chun stair na tíre ó chasadh an 20ú céad go dtí aimsir Éirí Amach na Cásca a rianú. Seán Ó Riada a chum fuaimrian an scannáin. Ba é Mise Éire an chéad fhadscannán trí mheán na Gaeilge a eisíodh riamh.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn go gcuimhneofar go deo ar an lorg a d’fhág Morrison ar scannánaíocht na hÉireann.

“Mairfidh cáil George Morrison go deo i saol na scannán in Éirinn mar scannánóir aitheanta ceannródaíoch. Déantóir scannán a bhí ann a raibh ceard agus scil den scoth aige, agus cuimhneofar go speisialta ar a nuálaí agus a bhí sé ó thaobh teicnící scannánaíochta. Bhí Morrison ar thús cadhnaíochta leis an gceamaradóireacht ba nuaálaí ach thuig sé chomh maith go bhféadfaí an scannán agus an ceol a thabhairt le chéile ar bhealach sainiúil.

“Is iontach go deo an saothar a chruthaigh sé, ón obair cheannródaíoch ar Mise Éire agus Saoirse, chomh maith lena chuid oibre le hAmharclann an Gheata, saothar a d’fhág lorg mór agus buan ar chultúr na hÉireann agus ar oidhreacht chultúrtha na tíre seo.”

Bhí Morrison ina bhall d’Aosdána agus rinne an tUachtarán Ó hUigínn Saoi de in 2017.

Agus an-rath ar Mise Éire, d’eisigh Gael Linn in 1961 scannán eile a rinne Morrison, Saoirse?, faoin tréimhse 1917-1923. Deich mbliana ina dhiaidh sin a chuir Gael Linn amach Lorg na gCloch, scannán a stiúir Morrison faoi stair na healaíne a léirítear ar chlocha greanta na hÉireann.

“Tá caidreamh fada ag Gael Linn le George Morrison agus ardmheas againn ar a ndearna sé le tionscadal na scannánaíochta in Éirinn a fhorbairt. Bhí tallann as cuimse aige mar stiúrthóir. Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige as an taisce luachmhar atá fágtha aige ina dhiaidh,” a dúirt Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Bhord Gael Linn.

Sa Trá Mhór i bPort Láirge a rugadh Morrison i 1922 agus thug an Teachta Dála áitiúil, Conor D. McGuinness, Sinn Féin, ómós dó.

“Fathach i saol cultúrtha na hÉireann ab ea George Morrison — scannánóir ceannródaíoch agus fear a bhí bródúil a áit dúchais, Trá Mhór,” a dúirt McGuinness. “Lena shaothar Mise Éire, Saoirse?, agus go leor eile, thug sé glór do scéal na hÉireann ar bhealach cumhachtach nua. Tá a lorg dodhearmadta fágtha aige ar ár n-oidhreacht chultúrtha.”

Fág freagra ar '‘Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige’ – Ómós léirithe don scannánóir George Morrison'