‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go bhfuil an baol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás mar theanga phobail, ach go sílfeá ó chaint Airí na Gaeltachta ‘go bhfuil rudaí ceart go leor’

‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’

Tá sé curtha i leith Airí na Gaeltachta go bhfuil “eagla” orthu “glacadh leis an fhírinne” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go bhfuil an baol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás mar theanga phobail “fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta”, ach go sílfeá ó chaint na nAirí “go bhfuil rudaí ceart go leor ar an iomlán”.

Bhí an Teachta Dála de chuid Shinn Féin ag caint faoi fhreagra a fuair sé ar cheist Dála a chuir sé ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin. 

D’fhiafraigh Ó Snodaigh den Aire an aithneodh sí go bhfuil “géarchéim shochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht”.

Dúirt an tAire Catherine Martin ina freagra go raibh an Ghaeltacht “faoi bhrú” agus go raibh “dúshlán” ann ach níor thug sí aon fhreagra díreach ar an gceist faoin ngéarchéim.

Is cinnte go bhfuil dúshláin againn sa Ghaeltacht ach creidim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. 

“Sa tréimhse amach romhainn, beidh an Rialtas seo, agus mo Roinnse ag obair go dícheallach leis na páirtnéirí go léir, ag leibhéal an stáit agus an phobail chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an Plean Gníomhaíochta agus an próiseas pleanála teanga araon a chur i gcrích.

“Cé go n-aithním, mar atá ráite, go bhfuil an teanga faoi bhrú, tá gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo chun í a neartú agus a fheabhsú ar fud na tíre.”

Ní mó ná sásta a bhí Aengus Ó Snodaigh leis an bhfreagra sin.

“Chuir mé ceist ana-shimplí ar an Aire ag lorg aitheantais go bhfuil géarchéim shochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht. In áit a admháil go bhfuil géarchéim ann, nó a rá nach bhfuil, rinne an tAire Martin neamhaird ar mo cheist agus thosaigh sí ag maíomh faoin airgead atá á chaitheamh ag an rialtas ar chúrsaí Gaeltachta.

 “Shílfeá ón bhfreagra go bhfuil rudaí ceart go leor ar an iomlán, seachas go bhfuil ‘dúshláin’ amscaí sa Ghaeltacht agus an teanga ‘faoi bhrú’ éicint. Mar is gnách ní thugtar sonraí ar bith faoi cén dúshláin atá i gceist nó cad go díreach atá ag cur brú ar an teanga, seachas iarracht cur ina luí orainn arís nach é an stát atá ciontach, agus iad chomh hiontach agus an Ghaeilge á ‘neartú agus á feabhsú’ acu,” arsa Ó Snodaigh.

Ní raibh aon ghlacadh ag Ó Snodaigh le maíomh an Aire Martin go raibh “gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo chun í [an Ghaeilge] a neartú agus a fheabhsú ar fud na tíre”

“Ní fíor sin,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Tá i bhfad Éireann níos mó go bhféadfadh an Stát, an tAire Martin agus a Roinn a dhéanamh,” a dúirt an Teachta Dála atá ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus Gaeltachta. 

Mhaígh Ó Snodaigh go mbeadh an Ghaeltacht níos fearr as dá dtabharfadh an Rialtas “cosaint cheart” do scoileanna Gaeltachta, dá mbunófaí Ollscoil Ghaeilge sa Ghaeltacht agus dá gcuirfí “maoiniú ceart” ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. 

Dúirt sé gur chóir “seirbhísí uilig an Stáit a bheith as Gaeilge sa Ghaeltacht”, stop a chur le fógraíocht stáit i mBéarla amháin agus coinníollacha teanga láidre a chur i bhfeidhm sa chóras pleanála. 

Chun leas na Gaeltachta a bheadh sé dá mbeadh “buiséad cuí” ag na meáin chumarsáide Ghaeilge “agus iad san iomaíocht gan stad le meáin mhóra an Bhéarla”, a dúirt Ó Snodaigh.

“D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh, ach cad is fiú mura bhfuil an tAire Martin nó an tAire sóisearach Jack Chambers fiú sásta glacadh leis go bhfuil géarchéim as cuimse sa Ghaeltacht agus go bhfaighidh an Ghaeilge bás mar theanga labhartha an phobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta go luath mura dtagann athrú poirt suntasach ón stát, mar atá sonraithe cheana sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch chomh fada siar le 2007.

“Cén eagla atá orthu beirt glacadh leis an fhírinne agus ansin bearta éigeandála trasRanna a dhéanamh dá réir. Gan práinn, gan gníomhú ar bhonn plean éigeandála, tá an tAire Martin ag cur leis an mbaol ina bhfuil an Ghaeltacht.”

Dúirt an tAire Catherine Martin go leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge os cionn 180 beart a chuirfear i bhfeidhm “ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir”.

Dúirt an tAire gur tháinig “ardú suntasach” €14.8 milliún ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachtai mbuiséad 2021. 


“Ar ndóigh, tá obair shuntasach ar siúl ag mo Roinn i dtaca le caomhnú agus treisiú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go deimhin, lasmuigh di. Tá seo á dhéanamh trí raon beartais, scéimeanna agus tionscnaimh atá á mhaoiniú agus á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn,” arsa Catherine Martin.

Ar na beartais a luaigh sí, bhí an próiseas pleanála teanga, an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an maoiniú breise a tugadh d’Údarás na Gaeltachta anuraidh. 

Fág freagra ar '‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’'

  • Áine

    Géarchéim! Cén ghéarchéim? Nach réitach é an Polasaí don Oideachas Gaeltachta ar gach rud?! Beidh cúrsaí Gaeltachta go breá mar rachaidh an Polasaí don chur i gcéill i ngleic le géarchéim na nGaeltachtaí. Sin mar a mhaíonn lucht an aineolais agus airgead stáit á chaitheamh acu le sruth. Cá háit go bhfuil an t-airgead á chaitheamh? Is maith iad lucht an chur i gcéill lena gcuid polasaithe nárbh fhiú ligint don triomú orthu!