Tá droch-chuma ag teacht ar chúrsaí d’Fhine Gael…

Caitear súil sa tsraith seo ar na páirtithe agus ar na láidreachtaí agus laigí atá acu agus iad ag iarraidh an pobal a mhealladh in Olltoghchán 2020

Tá droch-chuma ag teacht ar chúrsaí d’Fhine Gael…

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

An féidir le Fine Gael móramh a bhaint amach  – mar chuid de chomhrialtas nó de bharr socrú eile soláthair is muiníne – san olltoghchán? Ní dea-chomhartha an phobbhreith is déanaí ón Sunday Times ina raibh 20% acu agus siad 12 pointe céatadáin taobh thiar d’Fhianna Fáil.

Cinnte tá an páirtí ag maíomh go bhfuil bail mhaith anois ar an eacnamaíocht, i dtaobh rátaí fáis is rátaí fostaíochta, agus tá siad ag leagan an-bhéim freisin ar an ról a bhí acu i scéal an Bhreatimeachta agus in athbhunú an Fheidhmeannais ó thuaidh. Cruthúnas é seo go léir, a deir siad, gur cheart iad a fhágáil i gceannas ar an tír.

Ach tá an chuma orthu go bhfuil siad in aimhréidh faoi láthair leis an bpraiseach faoi chomóradh an RIC, teip shoiléir a bpolasaithe tithíochta agus sláinte agus an chonspóid faoi chostais a bheith ag dul thar fóir i gcás ospidéal na leanaí agus an phlean náisiúnta leathanbhanda. Níor chuir siad tús iontach leis an bhfeachtas ach oiread.

Go deimhin bhí ar an Taoiseach olltoghchán a ghairm nuair ba léir go gcaillfeadh a rialtas rún muiníne san aire sláinte, Simon Harris.

An ag snámh in aghaidh easa atá siad, mar sin, nó an féidir leo teacht ar ais agus iad níos láidre ná mar atá faoi láthair? Agus an féidir go dtiocfaidís amach chun tosaigh ar Fhianna Fáil?

Fuair Fine Gael 50 suíochán in olltoghchán 2016, ceann an iarcheann chomhairle, Seán Barrett, san áireamh. Drochlá don pháirtí ab ea é sin, 26 suíochán caillte acu agus gan iad ach sé shuíochán chun tosaigh ar Fhianna Fáil.

Ní raibh móramh sa Dáil ar a son, ach rinneadh socrú muiníne agus soláthair le Fianna Fáil a lig dóibh a gcuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus a lig d’Fhianna Fáil a bheith ag maíomh gur freasúra a bhí iontu.

Tá 47 suíochán ag Fine Gael faoi láthair. D’éirigh Peter Fitzpatrick as an bpáirtí mar gheall ar cheist an ghinmhillte, toghadh Frances Fitzgerald chun Parlaimint na hEorpa agus fuair Dara Murphy post sinsearach sa mBruiséil, áit a raibh sé an chuid is mó den am pé scéal é.

Tá sé an-deacair a dhéanamh amach cá háit a bhfaighidh siad ar ais na suíocháin a chaill siad in 2016.

Tá suíochán breise i gCabhán-Muineachán, agus ceapaim go bhfaighidh siad an lámh in uachtar ar Shinn Féin ansin, go háirithe mar go raibh drochlá ceart ag Sinn Féin sa Chabhán sna toghcháin áitiúla.

Tá súil acu freisin suíochán a fháil ar ais i gCorcaigh Theas-Lár in éineacht le Simon Coveney. Ach tá Sinn Féin láidir ansin agus ní féidir Comhaontas Glas a chur as an áireamh. Caolseans mar sin go mbeidh an lá le Fine Gael.

Mar sin atá an scéal ar fud na Mumhan, go háirithe i bPort Láirge mar a bhfuil John Deasy agus an Seanadóir Paudie Coffey ag éirí as. Ní hiad Fine Gael a bhainfidh aon bhuntáiste as John Halligan a bheith ag dul ar scor ach oiread. Ní haon chabhair dóibh nach mbeidh Michael Noonan sa rás i Luimneach.

I gConnachta beidh an t-ádh orthu aon rud fónta a dhéanamh i nGaillimh Thoir agus creidim go mbeidh laghdú ar a vóta i Maigh Eo d’uireasa Enda Kenny.

I mBaile Átha Cliath, tá an páirtí láidir ach tá suíochán Noel Rock i mbaol i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh, agus má éiríonn leo ceann breise a fháil san iardheisceart is í Katherine Zappone a bheidh thíos leis.  Ar aon chuma ceapaim go bhfuil Fianna Fáil níos láidre ná iad sa dáilcheantar sin.

Ag an am céanna, cé go mbreathnaíonn sé go bhfuil jab dodhéanta roimh Fhine Gael, léirigh na pobalbhreitheanna le cúpla bliain anuas go raibh siad beagáinín chun tosaigh ar Fhianna Fáil. Tháinig athrú ar an scéal sin do pháirtí Mhicheál Martin sna toghcháin áitiúla agus tá an dá pháirtí gob ar ghob faoi láthair, 27% faoi seach de réir Behaviour & Attitudes an Sunday Times.

Ábhar dóchais eile is ea é go mbeidh na mionpháirtithe agus na neamhspleáigh níos laige an babhta seo, más fíor do na pobalbhreitheanna. Ach arís, is mó an seans gurb é Fianna Fáil a bhainfidh buntáiste as sin.

Nílimid ach ag tús an fheachtais, ach má tá Fine Gael le buachan caithfidh rath a bheith láithreach ar a bplean díriú ar chúrsaí Breatimeachta agus eacnamaíochta.

Beidh Fianna Fáil, agus an fíorfhreasúra, á n-ionsaí mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta agus an ghéarchéim sláinte agus ní bheidh sé éasca acu an chaint a dhíriú ar rudaí eile. Feicfimid cé chomh maith is atá Leo Varadkar i mbun stocaireachta, cé go mbeidh Simon Coveney ina chabhair mhór dó sa gceird sin.

Ach is é mo thuairim gurb é an rud is fearr a d’fhéadfaidís a bheith ag súil leis ná a bheith níos láidre ná Fianna Fáil agus iarracht eile a dhéanamh comhrialtas a bhunú nó socrú eile muiníne agus soláthair a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Tá droch-chuma ag teacht ar chúrsaí d’Fhine Gael…'