Tá dochar á dhéanamh arís ag dearcadh aontaobhach na Breataine ar oidhreacht na dTrioblóidí 

Faraor, ainneoin iarmhairtí na dTrioblóidí agus fulaingt ghaolta na marbh a bheith pléite agus athphléite, agus ainneoin na socruithe éagsúla a moladh ó shin, níl réiteach éifeachtach curtha i bhfeidhm fós

Tá dochar á dhéanamh arís ag dearcadh aontaobhach na Breataine ar oidhreacht na dTrioblóidí 

Casadh Afsaneh agus a máthair ar scríbhneoir an cholúin seo i Londain cúpla bliain ó shin. Theith an bheirt as an Iaráin tar éis an áir stát-eagraithe i bpríosúin na tíre i 1988 inar maraíodh a fear céile.

Measann Amnesty agus eagrais chearta daonna eile gur cuireadh idir 4,500 agus 5,000 príosúnach polaitiúil chun báis san Iaráin mar chuid d’fheachtas fuilteach in aghaidh an fhreasúra. Ní féidir líon na marbh a chuntas go cruinn toisc nár eisíodh riamh faisnéis oifigiúil faoina bhformhór.

Bhí an bheirt bhan ag freastal ar chruinniú agóide i gCearnóg Trafalgar a reáchtáil gaolta na marbh chun brú a chur ar rialtas na hIaráine sléacht a admháil agus a fhiosrú. Ní raibh súil dáiríre ag Afsaneh go dtabharfaí duine ar bith os comhair cúirte riamh, ach rinne sí cur síos beacht ar na rudaí a theastaigh uaithi:

  • Comhoibriú rialtas na hIaráine le fiosrúchán neamhspleách.
  • Admháil ón rialtas gur cuireadh a hathair chun báis san éagóir.
  • Cur síos ar an áit inar maraíodh é, ar an dóigh, ar an dáta, agus ar an bhfáth.
  • Eolas faoin duine nó faoi na daoine a bhí freagrach.
  • Faisnéis faoin áit inar adhlacadh a hathair.

Léirigh an comhrá leis an mbeirt bhan ón Iaráin an crá croí céanna a ghoilleann fós ar ghaolta na ndaoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann. Is i ngéire a chuaigh a gcrá Dé Céadaoin nuair a d’fhógair an Státrúnaí Brandon Lewis plean maithiúnais a chuirfeadh deireadh le gach fiosrú faoi gach dúnmharú a tharla roimh 1998.

Is i gComhaontú Aoine an Chéasta, a síníodh an bhliain sin, a tugadh an chéad gheallúint shollúnta go dtabharfaí aghaidh ar fhulaingt íospartaigh an fhoréigin “mar chuid riachtanach den athmhuintearas”. Níor socraíodh áfach an uair sin cé mar a rachfaí i mbun na hoibre ná cén uair.

Faraor, ainneoin iarmhairtí na dTrioblóidí agus fulaingt ghaolta na marbh a bheith pléite agus athphléite, agus ainneoin na socruithe éagsúla a moladh ó shin, níl réiteach éifeachtach curtha i bhfeidhm fós.

Cíoradh an scéal léanmhar sa cholún a chuir mo chomrádaí Póilín Ní Chiaráin ar an suíomh seo Dé Céadaoin go gairid sular fhógair Brandon Lewis a phlean aontaobhach in Westminster. Is leor a rá anseo nach raibh focal sa phlean a bhréagnódh tuairim Phóilín: “Masla do na híobartaigh is ea é agus beart suarach.”

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus ceannairí pháirtithe an tuaiscirt a míshásamh aontaithe in iúl do Lewis ag cruinniú fíorúil Dé hAoine. Níor thug an Státrúnaí leid ar bith áfach go raibh leasú dáiríre ar a phlean beartaithe aige faoi láthair. Cibé brú a chuirfidh páirtithe i mBéal Feirste (a phléifidh an scéal ag cruinniú speisialta de Chomhthionól Stormont Dé Máirt) agus an rialtas i mBaile Átha Cliath ar rialtas na Breataine, ní léir aon toil thall ná abhus a athróidh cnámha an scéil:-

  1. Tá rún daingean do-athraithe ag Boris Johnson agus Brandon Lewis bac a chur ar chúiseamh iarshaighdiúirí a mharaigh daoine nó a bhfuil amhras réasúnta ann gur mharaigh siad daoine i dTuaisceart Éireann.
  2. Tá a gcur chuige maidir le scéal an mhaithiúnais (nó athrú ar Reacht na dTréimhsí mar a thug siad air) ag teacht go hiomlán lena gcur chuige aontaobhach maidir le cúrsaí Breatimeachta – cur chuige atá beag beann ar aon tuairimí seachas a dtuairimí féin.
  3. Níl seans dá laghad ann go mbeidh iarchomhaltaí eagraíocht ar bith, dleathach nó mídhleathach, a mharaigh 3,700 duine sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí toilteanach an fhírinne a inseacht os comhair cúirte, ná in aon áit eile.
  4. Níl dóigh éifeachtach molta fós leis an scéal seo a athrú mura n-iarrfar ar eadránaí neamhspleách idirnáisiúnta seift éigin eile a aimsiú agus a chur chun cinn.
    Mhol an t-iriseoir Brian Rowan socrú mar a rinneadh (a) roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta, (b) chun gunnaí agus armlón na bparaimíleatach a chur as feidhm, agus (c) chun ionaid adhlactha íospartaigh an IRA a aimsiú.
  1. D’uireasa réiteach ar an gcás, fágfar gaolta na marbh ó thuaidh sa riocht léanmhar céanna ina bhfuil Afsaneh agus a máthair sáinnithe le breis agus tríocha bliain. Gan trua, gan trócaire, gan tuiscint na ndaoine a mharaigh a ngaolta, agus a cheadaigh an t-uafás.

Fág freagra ar 'Tá dochar á dhéanamh arís ag dearcadh aontaobhach na Breataine ar oidhreacht na dTrioblóidí '