Beart suarach is ea plean rialtas na Breataine chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí

Is cosúil go bhfuil plean socraithe ag rialtas Boris Johnson a bhaineann le Reacht na dTréimhsí a chur i bhfeidhm maidir le coireanna roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta

Beart suarach is ea plean rialtas na Breataine chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí

An gcreideann éinne go bhfaighidh íobartaigh fios fátha na gcoireanna ina n-aghaidh nó in aghaidh a muintire gan cásanna cúirte? I bhfianaise iompar na bparaimíleatach agus rialtas na Breataine maidir le soláthar faisnéise faoi choireanna stairiúla le linn na dTrioblóidí ní hiontas ar bith é amhras a bheith ar dhaoine nach gcloisfidh siad an fhírinne go deo. Snámh in aghaidh easa é a bheith ag súil le hoscailteacht ar bhonn deonach.

Tá Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis chun ráiteas a dhéanamh sa Pharlaimint in Westminster inniu faoi phlean na gCaomhach chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Cé go bhfuil comhairliúchán idir an dá rialtas, páirtithe polaitiúla abhus agus eagraíochtaí íobartach in ainm is a bheith ar siúl, is cosúil go bhfuil plean socraithe ag rialtas Boris Johnson. Baineann an plean le Reacht na dTréimhsí a chur i bhfeidhm maidir le coireanna roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

De réir an réamheolais atá sceite le tamall tá rialtas na Breataine chun rud a dhéanamh ar ghrúpa sa pháirtí Caomhach a éilíonn go gcuirfí stop le fiosrú agus cúiseamh iarshaighdiúirí as eachtraí i dTuaisceart Éireann. Tá a fhios ag an rialtas nach féidir leis gníomhú ar mhaithe le fórsaí stáit na Breataine amháin; stát bradach a dhéanfadh a leithéid mar sháródh sé dlíthe idirnáisiúnta. Má táthar chun sciath chosanta a thabhairt do shaighdiúirí nó feidhmeannaigh faisnéise rúnda caithfear na coinníollacha céanna a sholáthar le haghaidh an ‘lucht comhraic’ ar fad – i bhfocal eile bainfidh an faoiseamh céanna le paraimíleataigh, idir IRA, UDA/UFF, UVF agus RHC.

Moltaí a bheidh á bhfógairt ag Brandon Lewis le súil go rithfear an reacht sa bhfómhar. Beidh éisteacht le fáil ag páirtithe leasmhara, deirtear. Ní chreideann íobartaigh focal. Ceilt na córa a bheidh ann dar leo ach tá formhór na n-eagraíochtaí den bharúil go raibh rún ag rialtas Boris Johnson le bliain tabhairt faoin gcúrsa seo. Tá na cúig phríomhpháirtí abhus agus rialtas na hÉireann dubh dóite in aghaidh an phlean seo ach ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil an uimhríocht in Westminster ina gcoinne ó tá móramh ollmhór ag an bPríomh-Aire Johnson.

Nuair a thit cásanna cúirte in aghaidh iarshaighdiúirí as a chéile le gairid – ar chúiseanna dlí – mhaígh lucht tacaíochta na saighdiúirí gur léir gur chur amú ama agus ciapadh a bheadh in aon chás eile. I measc na gcás sin bhí na cúisimh in aghaidh an Saighdiúir F faoi dhúnmharú William McKinney agus James Wray ar Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Tá achomharc á dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin.

Chuir ceannaire an SDLP Colum Eastwood cor eile sa scéal nuair a d’ainmnigh sé an Saighdiúir F sa Pharlaimint inné. Bhí pribhléid Pharlaiminteach ag Eastwood chuige sin ach bhí ordú cúirte ag F chun a ainm a cheilt. Dúirt Eastwood go raibh neamhainmníocht ag F le 50 bliain agus gur ainmnigh sé é mar agóid in aghaidh phlean Brandon Lewis saoirse ó chúiseamh a cheadú dó i measc go leor eile.

Ní mór a rá gur bhain na cásanna ar thit an tóin astu le heachtraí idir 1971 agus 1973 nuair ba iad na póilíní míleata a cheistigh trúpaí ina ndiaidh. Níor ceistíodh ‘faoi rabhadh’ iad agus dá bhrí sin ní raibh na ráitis a rinne siad inghlactha mar fhianaise sa chúirt. Níorbh ionann an cás ó 1973 ar aghaidh mar ba iad an RUC a cheistigh saighdiúirí nó póilíní a bhí páirteach in eachtraí conspóideacha. Ach bainfidh an faoiseamh ó chúiseamh le gach coir go dtí 1998 is cosúil.

Ní léir conas a leagfar amach an plean seo. An mbainfidh sé le gach uile eachtra a tharla nó le coireanna ar leith? Cé na coireanna a bheidh i gceist? Dúnmharuithe? Dúnorgana? Goineadh? Pléascanna? Robálacha? Ionsaithe pionóis? Claonpháirtíocht?

Cuirfidh sé deireadh le héiginnteacht agus le fuireach fada na n-íobartach, a deir siad sin a éilíonn é. Maíonn siad go dtabharfaidh sé deis níos fearr an fhírinne a aimsiú mar go n-inseoidh daoine a scéal go deonach nuair nach mbeidh ciontú nó príosún i gceist. Ní chreideann éinne é sin. Deireadh leis an éiginnteacht an t-aon bhua a bhaineann leis. Masla do na híobartaigh is ea é agus beart suarach.

Fág freagra ar 'Beart suarach is ea plean rialtas na Breataine chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí'

  • AnN Teanga Bheo

    Gan freagracht ar thada acu as ionsaí marfach ar dhaoine gan trua ariamh sa stair

  • An Teanga Bheo

    Go dheimhin tá sé ina stair de shíor coireanna uafásacha agus gan aon dul chun cinn déanta am ar bith go bhfóire Dia orainn agus Beannacht lenár gcairde atá imithe uainn.