Tá deich mbliana caite ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge agus ní i bhfeabhas a chuaigh rudaí…

Sna blianta i ndiaidh deireadh Scéim Labhairt na Gaeilge, tháinig titim mhór ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair is láidre sa Ghaeltacht

Tá deich mbliana caite ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge agus ní i bhfeabhas a chuaigh rudaí…

Tá sé deich mbliana ó shin ó íocadh seiceanna le teaghlaigh sa nGaeltacht faoi Scéim Labhairt na Gaeilge.

Meán Fómhair 1933 socraíodh scéim a thabhairt isteach faoina n-íocfaí  £2 go bliantúil le tuismitheoirí sa Ghaeltacht  ‘in respect of each child between the ages of 6 and 14 years attending a primary school in the Gaeltacht who is certified to be a fluent speaker of Irish and to have given a satisfactory attendance at school during the previous school year’. (Miontuairiscí ón gCruinniú Rialtais ar an 15 Meán Fómhair 1933). B’ionann £2 i 1933 agus €164 sa lá atá inniu ann.

Nuair a ceapadh an tUachtarán Michael D. Higgins, ina Aire Gaeltachta mhéadaigh sé an deontas go €200 don teaghlach. Nuair a cuireadh deireadh le SLG, deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht le páistí scoile, cuma cé mhéad páiste a bheadh sa teaghlach, ach an Roinn a bheith sásta gurbh í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha.  Bhí deontas laghdaithe (£130) á íoc amach chomh maith le teaghlaigh a bhí ag déanamh iarracht ach nach raibh ag an bpointe fós, ag a bhféadfaí a rá go raibh an Ghaeilge in úsáid mar theanga an teaghlaigh. Teaghlaigh le páistí óga a bhí tar éis filleadh ón imirce is mó a fuair an deontas laghdaithe chun iad a spreagadh le hiompú ar an nGaeilge.

Sa bhliain deiridh ar íocadh amach an deontas don scoilbhliain 2010/11, rinne 3,378 teaghlach iarratas faoin scéim, íocadh an deontas iomlán (€260) le 2,346 teaghlach agus an deontas laghdaithe (€130) le 435 teaghlach eile.

Lagú na nGaeltachtaí is Láidre

Aithníodh go raibh locht mór ar Scéim Labhairt na Gaeilge: bhí sé dírithe ar pháistí a bhí 6 bl.+ d’aois, in áit a bheith dírithe ar pháistí níos óige, mar a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, a foilsíodh in 2007. Sa Staidéar Cuimsitheach (Alt 6.8) moladh go n-íocfaí deontas €5,000 in aghaidh na bliana le gach teaghlach ‘a bhfuil leanaí acu san aoisghrúpa ó aois faoi bhun bliana go dtí seacht mbliana’. Ní móide gur chabhraigh sé le cás na scéime gur moladh deontas chomh hard le €5,000 in aghaidh na bliana, go háirithe nuair a bhí géarchéim eacnamaíochta ann ina dhiaidh sin.

Le fáil amach cén toradh a bhí ar an gcinneadh deireadh a chur leis an scéim níor mhiste breathnú ar na figiúirí ón Daonáireamh a tógadh sa bhliain 2016 faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Idir 2011 agus 2016 tháinig titim shuntasach ar úsáid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta Catagóir A, ina bhfuil 24 toghcheantar. De réir torthaí ón Daonáireamh a tógadh in 2016 thit céatadán na gCainteoirí Gníomhacha (Cainteoirí Laethúla Taobh Amuigh den Chóras Oideachais) ó 62.4% go 58.8% idir 2011 agus 2016,  sna cúig bliana i ndiaidh deireadh a bheith curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge. Is fiú a chur san áireamh gur ardú beag a tuairiscíodh sna toghcheantair chéanna – ó 61.9% go 62.4% i – le linn na tréimhse idir 2006 agus 2011, le linn don scéim a bheith i bhfeidhm.

Tábla 1 Cainteoirí Gníomhacha sna Ceantair Ghaeltachta is Láidre (Catagóir A)

Ceantar Gaeltachta Catagóir A % Cainteoirí Gníomhacha 2011 % Cainteoirí Gníomhacha 2016
Ceantar na nOileán 65.4% 71.7%
Camus/Ros Muc 62.4% 62.9%
An Cheathrú Rua 68.5% 65.1%
Cois Fharraige 61.3% 56.0%
Iorras Aithneach 61.3% 61.8%
Iarthuaisceart Dhún na nGall 61.1% 55.5%
Oileáin Árainn 63.4% 57.4%
Ceathrú Thaidhg 43.0% 40.3%
Iarthar Dhuibhneach 62.0% 54.3%
Iomlán Catagóir A 62.4% 58.8%

Nóta: Is ionann cainteoirí gníomhacha sa tábla seo agus daoine a ndúradh fúthu sna Daonáirimh go n-úsáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Bhí an titim an-tubaisteach i gcuid de na ceantair is láidre sa Ghaeltacht, mar a léirítear i dTábla 1. Mar shampla, in Iarthar Dhuibhneach, sa gceantar ón bhFeothanach tríd An Mhuiríoch go Baile an Fheirtéaraigh go paróiste Dhún Chaoin thit an céatadán cainteoirí gníomhacha ó 62.0% go 54.3%; in Iarthuaisceart Dhún na nGall, an ceantar ó Ghaoth Dobhair go Gort an Choirce thit an céatadán ó 61.1% go 55.5%; agus i gCois Fharraige ón Spidéal go Ros a’ Mhíl thit sé ó 61.3% go 56.0%.

Tionchar ar Pháistí Óga (3 – 4 bl.)

Sa tréimhse idir 2011 agus 2016 thit líon na leanaí Gaeltachta san aoisghrúpa réamhscoile (3 – 4 bl.) a raibh Gaeilge á labhairt acu taobh amuigh den chóras oideachais ó 592 in 2011 go 500 in 2016.  Bhain cuid den titim le titim i líon na bpáistí san aoisghrúpa (3 – 4bl.) idir na blianta sin. Ach mar a léiríonn Tábla 2 thíos thit céatadán na gcainteoirí Gaeilge gníomhacha san aoisghrúpa (3 – 4bl.) ó 21% in 2011 go 19% in 2016 sna ceantair Ghaeltachta oifigiúla ar fad tógtha le chéile.

Bhí an titim sách mór i gContae na Gaillimhe, ó 27% in 2011 go 22% in 2016 agus i gContae Chiarraí ó 30% go 25%. Is fiú a rá go raibh ardú suntasach i nGaeltacht na nDéise agus i nGaeltachtaí na Mí, dhá cheantar Ghaeltachta.

Tábla 2  Cainteoirí Laethúla sa mBaile*  (3- 4 bl.) sna Gaeltachtaí de réir Contae

Contae Líon Ábalta (%) 2011 Líon Caint (%) 2016 Athrú idir 2011 agus 2016 sa líon (%pt)
Corcaigh 40 (28%) 26(24%) -14 (-4%pt)
Dún na nGall 155 (24%) 137 (24%) -18 (-)
Cathair na Gaillimhe 11(2.5%%) 15 (3%) +4 (+0.5%pt)
Co na Gaillimhe 271 (27%) 213 (22%) -58 (-5%pt)
Ciarraí 65 (30%) 52 (25%) – 7 (- 5%pt)
Maigh Eo 25 (9%) 9(4%) -16 (- 5%pt)
An Mhí 6 (11%) 19 (31%) +13 (+20%pt)
Port Láirge 19 (31%) 24 (49%) +5 (+18%pt)
Gaeltacht ar Fad 592 (21%) 500 (19%) -92 (- 2%pt)

* Ciallaíonn ‘Cainteoirí Laethúla sa mBaile’ an líon páistí a ndúradh fúthu sa Daonáireamh go raibh siad ag úsáid Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais

Thug Scéim Labhairt na Gaeilge spreagadh áirithe do tuismitheoirí sa Ghaeltacht Gaeilge a labhairt lena ngasúir sa mbaile le go mbeadh siad in ann an deontas a fháil. Ar ndóigh níor theastaigh deontas ar bith ón gcuid is mó de na tuismitheoirí ach is léir ó na torthaí daonáireamh gur bhain tionchar diúltach leis an gcinneadh go gcuirfí deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, 10 mbliana ó shin, gan scéim eile a chur ina háit.

Thug Scéim Labhairt na Gaeilge spreagadh chomh maith do na scoileanna, béim a chur ar an nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta éagsúla ina raibh tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh dóthain Gaeilge ag a gcuid gasúr ón mbunscoil leis an deontas a fháil.

Nuair a tháinig an seic tríd an bpost go bliantúil, tá a fhios agam ó mo thaithí féin, gur thug an scéim aitheantas dearfach do na páistí as líofacht a gcuid Gaeilge.

Chomh maith leis sin, thug na torthaí ón scéim eolas agus sonraí, bunaithe ar thástáil chainte, a bhí úsáideach le tomhas bliantúil a fháil ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla i dtaobh chomh láidir is a bhí an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh agus mar theanga bhunscoile. Dá mbeadh an t-eolas sin ar fáil anois, is cinnte go mbeadh sé úsáideach sa bpróiseas pleanála teanga, a bhfuil an oiread acmhainní stáit á gcaitheamh air faoi láthair.

Go minic cuirtear an locht ar Dinny McGinley (FG) gur cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge ach bhí an cinneadh déanta roimhe sin ag Pat Carey (FF) le linn na géarchéime eacnamaíochta.  Nuair a foilsíodh na figiúirí ó Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2010/11 ar an 6 Meitheamh 2012, dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley (FG)  nach raibh mórán tionchair ag an scéim ar iompar teanga theaghlaigh na Gaeltachta a raibh páistí acu ag aois réamhscoile, an aois is tábhachtaí ó thaobh ‘sealbhú teanga mar theanga theaghlaigh’.

Theip air, faraor scéim nua a chur in áit na seanscéime, ceann a bheadh dírithe ar pháistí réamhscoile, mar a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ina áit sin socraíodh go leor airgid stáit a chaitheamh amú ar Phleanáil Teanga i gceantair Ghaeltachta nach raibh aon Ghaeilge, ar fiú trácht uirthi, á húsáid iontu le fada an lá.

Fág freagra ar 'Tá deich mbliana caite ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge agus ní i bhfeabhas a chuaigh rudaí…'

  • Sinéad

    Alt den scoth. Is chun donais atá cúrsaí ag dul ó tugadh isteach an Polasaí don Oideachas Gaeltachta mar go gcítear an chur i gcéill sna ceantair Ghaeltachta ann. Faic don duine óg sa Pholasaí agus teipthe air cheana. Faightear réidh leis agus tugtar ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge. Chosnódh sé níos lú ná Scéim an Chur i gCéill agus bheadh sé spreagúil d’óige na Gaeltachta.

  • Seán

    Measaim gur chóir alt mar seo a úsáid le léiriú a dhéanamh ar an riail matamaiticiúil – Correlation does not imply causation.

    Tá a fhios ag gach éinne go raibh an scéim lochtach toisc go raibh airgead a fháil ag teaghlaigh ar chuma leo faoin nGaeilge ach í a labhairt leis an cheque a fháil sa phost. Rud a chur go mór leis an “gcur i gcéill” a mbíonn faoi chaibidil ag an údar go minic.

    Agus ní chuireann sé iontas orm, faraor, nach bhfuil moladh ar bith san alt ar pholasaí a bheadh go maith leis an scéal a leigheas ach éiríonn leis an údar beag is fiú a dhéanamh den phróiseas pleanála teanga.

  • Oisin

    Bhí moladh ann a Sheáin.

    “Aithníodh go raibh locht mór ar Scéim Labhairt na Gaeilge: bhí sé dírithe ar pháistí a bhí 6 bl.+ d’aois, in áit a bheith dírithe ar pháistí níos óige, mar a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, a foilsíodh in 2007. Sa Staidéar Cuimsitheach (Alt 6.8) moladh go n-íocfaí deontas €5,000 in aghaidh na bliana le gach teaghlach ‘a bhfuil leanaí acu san aoisghrúpa ó aois faoi bhun bliana go dtí seacht mbliana’

    Moladh scéim a bhí dírithe ar páistí faoi 6 bliana d’aois amháin (go dtí go mbeidís 7 mbliana), mar a mholadh sa Staidéar Cuimsitheach. (Faoin scéim sin thabharfadh cigire ar a laghad trí cuairteanna go teaghlaigh a bhí ag iarraidh leas a bhaint as an scéim chun cinntiú go bhfuil Gaeilge a dteanga baile. Faoin sean-scéim bhí teaghlaigh a raibh Béarla a dteanga baile ag déanamh iarratas tar éis Gaeilge a bheith foghlamtha (nó feabhsaithe) ag a leanaí sa scoil áitiúil. Ní bheadh sé sin in ann tarlú arís sa scéim nua a bhí molta)

  • Peadar

    Cá mbeadh muid gan do leithéide Dhonncha? Táimid buíoch díot. Tá níos mó éisteacht á thabhairt duit agus níos mó céille agat ná mar atá ag an dream atá ag fáil na milliúin ón Stáit i leith chur chun cinn na Gaeilge & gan faic mar thoradh air. Ár mbuíochas díot.

  • Seán Ó Gallchobhair

    Alt maith, díreach cúpla rud a ritheann liom; an ceart agat nár imir deontas chomh beag sin aon tionchar ar líon na dteaghlach nár thréig an teanga riamh d’ainneoin na gconstaicí agus na ndúshlán ar fad rompu. Tá pointe iontach déanta agat ceapaim maidir le mórtas an linbh féin an seic a bhua ar son an teaghlaigh. Déarfainn go mba fhiú dúinn uilig agus costas na scéime sin faoi chaibidil costas an tsochair linbh i gcoitinne a thabhairt chun cuimhne. €140 in aghaidh an pháiste a íoctar gach mí, ceapaim, rud a chosnaíonn breis is €2 bhilliún sa bhliain agus íoctar é le héinne sa stát a bhfuil teaghlach acu in Éirinn nó thar lear i gcéin. Is eol dúinn uilig na scéalta faoi seiceanna a chuirtear abhaile agus argóintí ann sna meáin i bhfabhar agus i gcoinne a leithéid. Sa chomhthéacs sin, pé rud faoin díospóireacht eile sin, ní dóigh liom go bhfuil trácht ar €5k sa bhliain in aghaidh an teaghlaigh le haghaidh scéim labhairt na Gaeilge ró-ard in aon chor fiú in aimsear géarchéime. Seans go mbeadh daoine á rá gur gá caitheamh ‘go cothrom’ le leanaí uile an stáit ach tá eisceacht ann cheana sa mhéid is go n-íoctar ráta go leith in aghaidh an pháiste i gcás cúpla agus ráta dúbailte má rugtar triúr nó níos mó ná sin in éineacht, agus cúis ann dar ndóigh ar an ábhar go mbíonn costais sa bhreis ar na tuismitheoirí sin. Gan amhras is amhlaidh an scéal dóibh siúd a thógann clann sa Ghaeltacht. Ba mhaith an rud é dá gcuirfí scéim labhairt na Gaeilge ar bun arís ach é ‘cothrom’; .i. luach an tsochair linbh ar a laghad a bheith i gceist leis an deontas.

  • Eimear

    Ardú croì an t-alt seo dùinne Dhonncha atá ag tògàil àr gcuid pàistì le Gaeilge. Tá teipthe ag gach polasaì eile de chuid na Roinne Oideachais le 50 bliain anuas. Lean ort leis an gcath dùinn mar is duine tù a thuigeann Pobal na Gaeltachta, nì hionann leis an dream san Ardchathair atá ag tarraingt pingineacha maithe òn Stáit & gan aon dul chun cinn dèanta acu do mhuintir na Gaeltachta ná don teanga ach iad go maith ag an gcur i gcéill. Dia Leat.