‘Tá Daidí sa bpríosún,’ a d’fhógair sí…Ní raibh mé ach imithe cúig nóiméad…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ba dheacair dár gcolúnaí a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid de thubaiste a bheith tarlaithe sa teach i ngan fhios di

‘Tá Daidí sa bpríosún,’ a d’fhógair beainín na naíonáin bheaga nuair a shiúil mé isteach sa gcistineach. Ní raibh mé ach imithe cúig nóiméad agus ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid de thubaiste a bheith tarlaithe sa teach i ngan fhios dom an fhad is a bhí mé thuas staighre ag cur éadaí chun bealaigh sna preasannaí.

Is dócha gur róshoineanta a bhí mé, dháiríre, nuair a leaindeáil comharsan linn ag doras an tí uair a’ chloig roimhe agus seit Monopoly aige dúinn gan choinne. Bhí sé de cheart agam a thabhairt faoi deara go raibh rud eicínt cearr nuair a d’fhág sé an carr ag imeacht ar an mbóthar is nach dtiocfadh sé isteach le haghaidh cupán tae.

‘Tá sé uilig ann,’ a dúirt sé, ‘tóg é, tóg é,’ is bhrúigh sé an cluiche isteach i mo chléibh faoi dheifir sular rith sé ar ais ag an gcarr. Cheap mé gur chuala mé rud eicínt á rá aige trína fhiacla agus doras an chairr á dhúnadh go tobann aige.

Cheap mé gurb é a chuala mé ná ‘siopa carthanachta’ agus ‘ní thógfaidís é’ – ach b’fhéidir go raibh dul amú orm. Bhí mé ar tí ceist a chur air, ach bhí sé imithe de thoirneach agus deatach leis na rothaí, lorg ruibéir fágtha ina dhiaidh ar an tarmac aige.  

MonopolyNí raibh cluiche Monopoly imeartha agam ó Lá Caille 1987. Bhreathnaigh mé ar an mbosca ag guí go bhfeicfinn cnaipe draíochta éalaithe áit eicínt. ‘Feiliúnach d’imreoirí 8 mbliana d’aois nó níos sine,’ an teachtaireacht a bhí scríofa air.

Seasta sa doras fós a bhí mé, béaloscailte agus an cluiche i mo lámha agam nuair a chuala mé glór ar mo chúl. ‘Céard é sin?’ a d’fhiafraigh beainín na naíonáin bheaga díom agus a lámha sínte suas aici ag iarraidh greim a fháil ar an mbosca.

Bhí an bheirt eile ag déanamh a mbealach aníos an pasáiste ar a cúl – duine ag lámhacán, duine ag pocléimneach – agus díocas orthu go bhfeicfidis an t-iontas nua seo. Bhuail scanradh mé. ‘Ó, tada,’ a dúirt mé, agus mé ag iarraidh an bosca a chur i bhfolach, ‘cluiche do dhaoine móra.’

Ach bhí sé rómhall.

D’oscail muid amach an cluiche ar an mbord. Bhí sé uilig ann, go deimhin. Clár imeartha, ualach airgead bréige agus seacht gcéad míle píosa beag plaisteach – iad uilig sách beag go dtachtfaidís duine, nó go bhféadfaí ceann acu a shá suas i do shrón dá mbeadh an fonn sin ort.

Fág freagra ar '‘Tá Daidí sa bpríosún,’ a d’fhógair sí…Ní raibh mé ach imithe cúig nóiméad…'

  • Fearn

    ‘Tá Daidí sa bpríosún,’ ??

    Fan go léighfidh an bhean bheag An Béal Bocht, Ansin beidh gach re ‘Tá Daidí sa gcrúiscín,’ aici, ‘Tá Daidí ar leaba chláir,’

    Cad is ainm dó? Jams?