Bhreathnaigh lucht féachana an-mhór ar na cláracha a thaispeáin RTE faoi bhás an Athar Niall Molloy i seomra codlata Teresa agus Richard Flynn in Uíbh Fhailí 36 bliain ó shin.
Cé nár ciontaíodh duine ar bith tháinig go leor eolais chun cinn ag an gCoiste Cróinéara. Bhí mé i mo thuairisceoir ag an gCoiste Cróinéara sin i lár tíre i 1986.
Taobh le daonra 9,000 a bhí an Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí i 1986. Dhúbail an daonra ansin ó shin. Ar na páirceanna glasa máguaird ba mhó a bhí eacnamaíocht an bhaile bunaithe sna 1980idí. Ach an oiread le bailte móra agus beaga na tíre, bhí an t-aos óg ag imeacht as an áit. Bhí an tír faoi dhorchadas an chúlaithe eacnamaíochta agus bhí an dífhostaíocht ag bordáil ar 20%. Baile buailte eile a bhí sa Tulach Mhór ar mhapa bánaithe na hÉireann cúig bliana déag agus fiche ó shin.
Ach ar chúis nach raibh súil leis in Uíbh Fhailí ná ar fud na hÉireann san am sin, cuireadh an Tulach Mhór ar an mapa i mí Iúil, 1986. Bhí réiteach le fáil ar cheist a bhí á cur ó cheann ceann na tíre: cén tsiocair bháis a bhí ag an Athair Niall Molloy?
Bhásaigh seisean i seomra codlata Richard Flynn agus a mhná, Teresa Flynn, i dTeach Chill Chuairsí i gClóirtheach i gContae Uíbh Fhailí ar an 8 Iúil, 1985. Bhíodh an tAthair Niall Molloy agus Teresa Flynn in éineacht ag plé le capaill – á ndíol agus á gceannacht agus ag breathnú amach dóibh. Ach, bhí caint ann freisin go raibh easaontas tarlaithe faoi chúrsaí airgid idir muintir Flynn agus an tAthair Molloy.
Bíonn ceithre cheist le freagairt ag Coiste Cróinéara.
Cé hé an duine atá básaithe? Cén t-am agus cén dáta ar bhásaigh an duine seo? Cén áit ar bhásaigh sé nó sí? Cén chúis bháis a bhí aige nó aici?
Ní bheadh aon deacracht ag baint le freagraí na chéad trí cheist. Ach bhí conspóid mhór ann faoin gceathrú ceist – cén chaoi ar bhásaigh sagart Bhaile Mhic Oireachtaigh i Ros Comáin i seomra leapan Teresa Flynn agus a fir chéile, Richard Flynn i dTeach Cill Chuairsí gar don Chlóirtheach i gContae Uíbh Fhailí. Bhí iníon leo ag pósadh agus slua mór daoine ag an mbainis agus ollphuball sa ngarraí taobh amuigh an lá agus an oíche sin. Bhí lucht gnó agus an t-iar-aire rialtais, Brian Lenihan (Sinsir) agus a bhean siúd, ag an ócáid.
Bhí an Eaglais Chaitliceach fós an-láidir sa tír seo i lár na n-ochtóidí. Bhí go leor fear óg fós ag dul leis an tsagartóireacht. Bheadh sé cúig nó sé de bhlianta eile sula bpléascfadh an scéal faoi Easpag na Gaillimhe, Éamonn Casey agus an caidreamh a bhí aige le bean darbh ainm Annie Murphy. D’fhéadfaí a rá gurbh é scannal sin an Easpaig a chuir an chéad mhant i gcaisleán na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.
Ach siar linn go dtí 1986.
Shocraigh Breitheamh sna Cúirteanna Cuarda, Frank Roe, i mí Mheithimh na bliana sin nach raibh fianaise sách iomlán ar fáil i gcás dúnorgain a bhí curtha i leith an fhir ghnó, Richard Flynn – sin gurbh é a chuir an tAthair Niall Molloy den saol i seomra leapa a mhná céile. Bhí sé ráite ag Flynn leis na Gardaí go mba é féin ba chiontach le bás an tsagairt; thug sé bualadh dó, a deir sé. Bhí, a deir sé, sárú ann sa seomra codlata faoi cé a rachadh síos staighre le tuilleadh deochanna a fháil agus tharla scliúchas idir é féin agus an tAthair Molloy.
Ach nuair a chuaigh an cás os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla shocraigh an Breitheamh Roe go raibh údar amhrais aige féin faoi stádas sláinte an Athar Molloy; dúirt an t-abhcóide ar son Richard Flynn go bhféadfadh sé gur de bharr laige croí a bhásaigh an sagart. Ina dhiaidh sin, dúirt an Breitheamh leis an ngiúiré nach mbeifí ag dul ar aghaidh leis an gcás, beag ná mór. Bhí iontas ar dhaoine faoin gcinneadh tobann seo agus bhí alltacht ar mhuintir an Athar Niall Molloy.
Ba é an Coiste Cróinéara ar an t-aon deis a bhí ag daoine muinteartha an Athar Molloy leis an gceist a chíoradh go poiblí. Chruinnigh lucht na meán cumarsáide ina sluaite ar phríomhbhaile chontae Uíbh Fháilí le súil a choinneáil ar an gCoiste Cróinéara, iadsan agus cuimse daoine eile ag faire ar na himeachtaí. Bhí mé féin ansin ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta.
Tharla cor gan choinne sa scéal sular tosaíodh ar obair an Choiste i dTeach na Cúirte sa Tulach Mhór. Fógraíodh an mhaidin sin nach mbeadh an Cróinéir do cheantar Uíbh Fhailí, an Dr Patrick Greally, in ann an cás a láimhsiú mar go raibh sé buailte ag slócht agus píoblach. Bhí seisean lonnaithe i mBiorra i gcontae Uíbh Fhailí. Mar a tharla sé bhí tréimhse caite riar maith blianta roimhe sin ag an Dr Greally ina dhochtúir teaghlaigh i gCarna i gConamara, áit a bhfuil cuimhne ag roinnt daoine air go fóill. Bhásaigh sé i mBiorra anuraidh. Bhí ar an Leas-Chróinéir, Bryan Mahon, dlíodóir as an Tulach Mhór, a dhul sa gcathaoir agus an Coiste Cróinéara a riaradh.
Tá cuimhne agam fós ar an teannas a bhí i dTeach na Cúirte agus finnéithe éagsúla – Richard agus Teresa Flynn agus a gclann ina measc – ag teacht isteach. Bhí clann deirféar an Athar Niall Molloy, Bill Maher agus Ian Maher, an-ghníomhach thar ceann theaghlach an tsagairt agus foireann dlí ag obair dóibh.
Chuathas bog agus crua ar fhinnéithe agus ar shaineolaithe leighis ar feadh trí lá fada. Bhí ar Teresa Flynn agus Richard Flynn fianaise a thabhairt. Bhí cás an Athar James Dignan, an sagart paróiste i gClóirtheach spéisiúil. Bhí comhrá aigesean le Richard Flynn i seomra thíos staighre i lár na hoíche – bhí an tAthair Molloy fuar marbh thuas staighre faoin tráth seo. D’fhiafraigh an Leas-Chróinéir dó céard faoi a rabhadar ag caint agus céard a dúirt Richard Flynn leis.
D’fhreagair an tAthair Dignan nach bhféadfadh sé an cheist sin a fhreagairt mar go bhfacthas dó go raibh nádúr faoistine ag baint leis an gcomhrá. Ghlac an Leas-Chróinéir leis sin. Thug dochtúir, darbh ainm an Dr Ó Súilleabháin fianaise freisin agus chloígh seisean leis an eolas ar a bhfaca sé – an tAthair Molloy sínte ar urlár an tseomra chodlata agus é básaithe.
Thug an Paiteolaí Stáit san am, an Dr John Harbison, eolas faoin scrúdú iarbháis agus dúirt nach raibh aon fhianaise fheiceálach ann go mba fabht croí ba shiocair bháis don Athair Niall Molloy. Chreid seisean go mba ghortú cloiginn ba chúis lena bhás.
Sa deireadh thiar, tar éis suíochan fada, shocraigh an Coiste Cróinéara gur bhásaigh an tAthair Niall Molloy de bharr iarraidh [buille] nó iarrataí sa gcloigeann. Toradh éagsúil ar fad a bhí ansin seachas mar a bhí tarraingthe anuas sa gCúirt, faoi stiúir an Bhreithimh Frank Roe.
Bhailigh slua na meán cumarsáide leo as an Tulach Mhór ach tá an cás aisteach seo fós á phlé 35 bliain ó shamhradh sin na bliana 1986.
Tá an cheist dúisithe go minic ó shin ag clann deirféar an Athar Molloy, go háirithe. Tá siad ag iarraidh go mbeadh fiosrúchán ann agus iachall ar dhaoine freastal air agus ceisteanna a fhreagairt. Níor ghéill aon aire dlí agus cirt dó sin, fós ar chuma ar bith.
Tá glúnta nár chuala riamh faoin Athair Niall Molloy agus scéal tragóideach Theach mór Chill Chuairsí curtha ar an eolas anois faoin scéal ag na cláracha faisnéise ar theilifís RTÉ 1 faoi láthair .
Is deacair a rá cé acu an gcuirfear an scéal níos faide ná sin nó ar chuala muid an fhianaise dheireanach faoi mhionn i Teach na Cúirte sa Tulach Mhór 35 bliain ó shin.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a Anam .