Is í an Ghréig a thug an daonlathas dúinn, fadó, fadó, nuair ab í cliabhán shibhialtacht an Iarthair í – seachas tírín (banc)bhriste ar imeall na hEorpa.
Ar an ábhar sin, bhí sé suimiúil go raibh súile na hEorpa agus cuid mhór den domhan dírithe ar an Aithin arís an deireadh seachtaine seo agus olltoghchán cinniúnach ar siúl. Cinniúnach ní amháin don Ghréig, a chuir arm tráchtairí ar ár súile dúinn, ach don Eoraip ar fad.
Cinnte, díol suntais is ea é gur éirigh leis an bpáirtí Syriza – an chéad ‘pháirtí frithdhéine’ san Eoraip – bua chomh mór sin a fháil.
Díol suntais níos mó fós é an comhrialtas a shocraigh Alexis Tsipras, ceannaire óg, mealltach Syriza, a bhunú.
Beidh a pháirtí, ar comhghuaillíocht é de thrí ghrúpa déag den eite clé radacach, in aontíos polaitiúil le dream ar an taobh eile ar fad den speictream, na Gréigigh Neamhspleácha – páirtí frithinimirce a bhfuil coúlachtaí idir é agus an UKIP sa Bhreatain.
An t-aon rud atá i gcoitinne ag an dá dhream, Syriza agus na Gréigigh Neamhspleácha, ná an fuath atá acu do na beartais dhéine a bhí ar an nGréig a chur i bhfeidhm le cúig bliana anuas i ndiaidh don Aontas Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, eagraíochtaí eile agus bainc phríobháideacha na céadta míle milliún eoro a thabhairt ar iasacht don tír.
Céard a tharlóidh do na fiacha seo ar fad anois?
Sin í an cheist atá á cur ag cách ó fógraíodh toghchán tobann an lae inné sa Ghréig an mhí seo caite.
Tá geallúintí tugtha ag Alexis Tsipras do mhuintir na Gréige go ndéanfar fiacha na tíre a athphlé leis na creidiúnaithe. I measc na gcríoch a d’fhéadfadh a bheith ar an scéal tá athstruchtúrú ar na fiacha, laghdú ar na fiacha, nó sa chás is measa, teip iomlán ar aisíoc na bhfiacha agus an ‘Grexit’: go bhfágfadh an Ghréig córas an euro.
Ar ndóigh, beidh impleachtaí ollmhóra ag pé réiteach ar a dtiocfar don chuid eile den Eoraip.
Cáiníocóirí shlam tíortha i dtuaisceart na hEorpa a d’íoc as cuid mhór d’fhiacha na Gréige go dtí seo agus ní bheidh ceannairí na Gearmáine, na hÍsiltíre nó na Fionlainne, mar shampla, sásta – nó in ann – míniú dá vótóirí nach bhfaighfidh siad an t-airgead sin ar ais.
Pé lacáiste ar a gcuid fiacha a ghéillfear do mhuintir na Gréige anois agus Alexis Tsipras i gcumhacht, teastóidh sé ó mhuintir na Portaingéile agus na Spáinne freisin, agus bheadh cás maith ag muintir na hÉireann aisíocaíocht a lorg.
Sa chás is measa, má fhágann an Ghréig córas an euro, bainfear an bonn ón airgeadra comhchoiteann agus seans go dtitfeadh an euro as a chéile ar fad.
Ní fheicimse féin ach réiteach amháin ar an gcruachás ina bhfuil an Ghréig, agus an tAontas Eorpach ar fad.
Níl sé féaráilte iarraidh ar mhuintir na Gréige fulaingt mar a d’fhulaingíodar le cúig bliana anuas; go deimhin tá sé náireach go mbeadh cruatan agus bochtanas mar thoradh ar pholasaithe Eorpacha mar a tharla sa Ghréig.
Ar an lámh eile, caithfear na creidiúnaithe a aisíoc. Airgead cháiníocóirí Eorpacha atá i gceist le cuid mhór de.
An réiteach is féareáilte ar an bhfadhb, dar liom, ná go dtabharfaí aghaidh ina gceann is ina gceann ar na gálaí ina ndéanfar fiacha na Gréige (agus na Portaingéile, agus na Spáinne) a aisíoc, agus go ndéanfaí iad a laghdú go mór agus a scaipeadh thar thréimse fhada.
Chiallódh sé sin go mbeadh an Ghréig (agus an Phortaingéil, agus an Spáinn) i bhfiacha ar feadh roinnt mhaith bhlianta eile. Na scórtha, b’fhéidir.
An té atá i bhfiacha, níl sé go hiomlán saor – rud nach dtaitneoidh le muintir na Gréige, ná go deimhin le pobail na dtíortha eile atá i gcruachás.
Íoróin an scéil, áfach, ná gurb iad na pobail sin féin atá freagrach as an gcruachás ina bhfuil siad, taitníodh sé leo nó ná taitníodh. Is iad a thug vóta do pholaiteoirí cama nó neamhchumasacha an chéad lá riamh.
Níl a shárú ar fáil mar chóras polaitiúil, ach baineann costas leis an daonlathas: an té – nó an pobal – a vótáileann do na polaiteoirí míchearta, caithfidh sé íoc as.
Rud atá ar eolas ag muintir na Gréige le níos mó ná 2,500 bliain anuas.
Neosfaidh an aimsir cén bhreith a thabharfaidh an stair ar Syriza agus na Gréigigh Neamhspleácha – má mhaireann a gcomhrialtas amscaí sách fada.
Fág freagra ar 'Tá costas ar an daonlathas mar is eol do mhuintir na Gréige le 2,500 bliain'