Tá comhar na gcomharsan beo beathaíoch i mBaile Átha Cliath chomh maith

Cathair aduain an ‘anaithneantais’ a thug Máirtín Ó Cadhain ar an ardchathair. Níorbh fhíor dó, a deir á gcolúnaí

Tá comhar na gcomharsan beo beathaíoch i mBaile Átha Cliath chomh maith

Liosta le háireamh iad na daoine a dtaitníonn a gcuid píosaí liom ar Tuairisc.ie, idir ábhar agus stíl, ach is cinnte go mbeadh Máirtín Ó Catháin ina measc.

Ní fhéadfainn a bheith ar aon fhocal leis an méid a tugadh le tuiscint in alt dá chuid le gairid, áfach, agus caint á dhéanamh aige ar chomhar na gcomharsan.

Cathair aduain an ‘anaithneantais’ a thug Máirtín eile, Máirtín Ó Cadhain, ar Bhaile Átha Cliath, leagan den fhocal nach bhfuil in aon fhoclóir. Más mar sin a fuair sé an baile mór roimhe, is mór an trua é, óir b’éagórach an cur síos ar an áit é, agus ar an dream a fáisceadh as an áit.

Is iomaí cúinne agus coirnéal de Bhaile Átha Cliath atá ann, agus is iomaí cineál Baile Átha Cliathaigh atá ann freisin. Géillim don té a deir nach áit gan locht é, ach, ar an mórgóir, tá comhar na gcomharsan fós an-láidir ann. Níorbh fhearr de léiriú ar an méid sin an cúnamh a thug comharsana dá chéile le déanaí aimsir an tsneachta. Na haon duine amuigh ar an tsluasaid ag beannú dá chéile, ag glanadh na gcosán agus na mbóithre, agus ag cuidiú le daoine a raibh a gcarranna i sáinn san oighear.

Sin é agat an ‘beart trom’ á ‘iompar’, mar a dúirt Máirtín Ó Catháin ina alt seisean.

Tá aithne agam féin ar mo chomharsana béal dorais agus b’amhlaidh an scéal riamh anall. Ólaimid tae le chéile, tugaimid eochracha tí a chéile dá chéile nuair a théann duine againn ar saoire; seasaimid lena chéile.

Admhaím gur le ceantair tuaithe a bhaineann cuid de na daoine is comharsanúla ar m’aithnese i mo chontae dúchais, ach is i mBaile Átha Cliath a tógadh a thuilleadh acu. Baineann an dá dhream le scéal mo chrainn ghinealaigh féin, fearacht go leor de mhuintir Bhaile Átha Cliath.

Dála a seacht sinsear rompu, Baile Átha Cliathaigh iad mo sheanmhuintir ar thaobh mo mháthar. Gan mórán bá acu leis an nGaeilge ach gan iad a bheith naimhdeach ina leith ach oiread.

Ag tabhairt aghaidh ar an nGleann Garbh in iarthar Chorcaí a bhíodar nuair a casadh ar a chéile ar dtús iad. Ba mhór idir an ceantar tuaithe draíochtúil sin agus Droim Conrach na linne, dá mhealltaí é Droim Conrach.

Má fuair siad blaiseadh de shaol na tuaithe agus iad ar saoire, bheartaigh siad teach a cheannach i mBaile na nGabhar, bruachbhaile leath-thuaithe i bparóiste Dhún Droma, Baile Átha Cliath, ag an am.

Maidir le mo Mhamó ar thaobh m’athar, ba sa taobh ó thuaidh den Life a tógadh í sin freisin, i mBaile Phib, ach ba de mhuintir Chéidigh í i Ros Cathail, Conamara, le ceart. Gaeilge amháin a bhí ag a seanathair, a mbíodh sí ag triall air sa samhradh. Tá leac i gcuimhne a cuid gaolta i Ros Cathail le feiceáil le balla i reilig na háite. Ba lá mór dúinn ar fad é nochtadh na leice sin roinnt blianta ó shin.

Má bhí laethanta Gaeltachta a hóige ag cur cogair ina cluais agus m’athair á chur ar scoil aici, ba é a céile – mo Dhaideo, fear as an Muileann gCearr – a bhí ag iarraidh m’athair agus an chuid eile den mhuirín a chur chuig Gaelscoil.

I mBaile na nGabhar a chuir mo sheanmhuintir ar thaobh m’athar fúthu freisin, rud a d’fhág go bhfuil aithne ag mo mháthair agus m’athair ar a chéile ó bhí siad ina bpáistí. Sa phaiste céanna a tógadh mé féin, mo sheanmhuintir ar chaon taobh díom, gan ach cúpla céad slat uaim.

Mar atá ráite agam cheana, ceantar leath-thuaithe a bhí i mBaile na nGabhar nuair a bhí mo thuismitheoirí ina ndéagóirí sna seascaidí, agus bhí an saol ina ghruth is ina mheidhg acu, go háirithe ag m’athair. Sean-nós agus bailéid oíche amháin, na Beatles oíche eile; céilí oíche amháin, damhsa sa Stella House i gCnoc Mhuirfean oíche eile. Beocht na cathrach lá amháin, suaimhneas Ghoirt Dhún Droma nó na Dundrum Fields lá eile.

Sa lá inniu, níorbh annamh é a bheith i dtaobh le Béaloideas Beo agus Endeavour an oíche cheannann chéanna (athchraoladh sa dá chás, go hiondúil).

Sin é agat blaiseadh den dá chultúr ag maireachtáil le hais a chéile i mBaile Átha Cliath.

Is le dó nó le trí de bhlianta anuas atá taighde á dhéanamh agam ar mo chrann ginealaigh agus ar scéal mo mhuintire ar chaon taobh. Níor thúisce mé tosaithe air ná fuair mé amach go raibh gaolta eile liom ina bhun ag an am céanna!

Dála mhuintir na tuaithe, is mór ag muintir na cathrach tuiscint a fháil ar cé as iad agus cé leis iad – nó, mar a deir muintir Ros Muc, cér díobh iad.

Ní baol dúinn ár ‘gcraobhacha ginealais’ a ‘bhriseadh’, agus déanaimid ár ndícheall cuidiú lenár gcomharsana nuair is féidir linn.

Fág freagra ar 'Tá comhar na gcomharsan beo beathaíoch i mBaile Átha Cliath chomh maith'

  • Máirtín Ó Catháin

    Sách ráite, a Khevin.

    Leagan eile ar an scéal agus ar an saol.

    Máirtín Ó Catháin.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cé dhár díobh thú is minicí a chuala mise. Féach “An Béal Beo”.