Comhar na gcomharsan faoin tuath, tá sé beo fós

Dá mbrisfí na craobhacha ginealais faoin tuath cé a d’iompródh an beart trom as an leoraí nó cé a laghdódh an t-ualach ar fhear Bhaile Átha Cliath?

Comhar na gcomharsan faoin tuath, tá sé beo fós

Canúint Bhaile Átha Cliath aige.  ‘Is iontach liom go bhfuil an oiread seo cúnaimh ar fáil thart anseo,’ a deir sé.   Bhí ábhar trom sa leoraí aige, é tagtha as oirthear na tíre go croílár Chonamara.  Bhí ábhar an leoraí le baint as agus é le hiompar píosa.  Is é a bhí fáilteach roimh chúnamh na gcomharsan.

Nach mbeadh cúnamh le fáil sa gcathair, san áit arb as é, áit a bhfuil cuimse daoine thart?  ‘You must be joking,’ arsa seisean.  Comhar na gcomharsan faoin tuath, é beo fós beag beann ar na hathruithe atá tarlaithe.  Ceann de thréithe móra mhuintir na tuaithe, an lámh chúnta.

Agus tá tréithe eile ag baint leo nach dtabharfá faoi deara ar an gcéad amharc, a deir fealsúnaí áitiúil liom le gairid.  Saoi claí teorann a thabharfá ar an duine seo; a ascaill ligthe anuas ar an gclaí teorann aige agus é ag míniú chúrsaí an tsaoil don té at bhí ar an taobh eile. Níl a fhios aige cén fhaid a mhairfidh ‘buanna’ seo na tuaithe, a deir an saoi, mar go bhfuil an pobal tuaithe ag dul le bealaí na cathrach.  Ach amhail an cúnamh a fuair fear an leoraí, tá lorg an tsaoil thraidisiúnta fanta faoin tuath fós. 

Faigheann daoine faoin tuath tuiscint agus eolas ar thaidhleoireacht an tsaoil nach bhfaigheann go leor daoine sa gcathair agus bíonn an buntáiste sin acu ina bpearsantacht agus ina gcuid oibre.  Sin é a dúirt saoi an chlaí teorann liom tamall ó shin, fear a bhfuil eolas maith aige ar chúrsaí na cathrach agus ar shaol na tuaithe, freisin.   ‘Country cuteness’ a thugtaí ar an taidhleoireacht tuaithe seo i measc aicmí áirithe. 

Is é an réasún a bhí le tuairimí an tsaoi claí teorann ná go gcaithfeadh daoine faoin tuath a bheith i dteagmháil leis na comharsana. Ní raibh aon rogha eile acu.   Más cuartaíocht a bhíodh ann sa tsean-aimsir, nó ag dul chuig an bpub nuair a d’athraigh an saol, bhíodh tú i gcomhluadar mhuintir an bhaile agus mhuintir na háite.  Ní raibh amharclann ná pictiúrlann ann ná rogha eile áiseanna agus comhluadair.  Ní gá go mbeifeá in éineacht le daoine ‘like-minded’, nó le daoine a raibh an leagan amach céanna acu ar an saol ná fiú an bealach saoil céanna acu. Ba iad comharsana na tuaithe iad.

De réir na fealsúnachta a bhí ag an saoi claí teorann seo, níorbh é an cás céanna é sa gcathair, go háirithe sna ceantair ba dheisiúla sa gcathair.  Bhí tú in ann do chairde a roghnú agus an dream a raibh caitheamh aimsire agat ina gcuideachta a roghnú.  Níor ghá go mbeadh aithne ar bith agat ar an gcomharsa béal dorais.  B’fhurasta duit taisteal anonn agus anall agus a bheith i gcuideachta daoine a bheadh ar aon tuairim leat féin; ní bheadh aon bhaol ann go ngabhfadh an bhó á bá sa mhoing!  Ní raibh aon ghá le lámh chúnta na gcomharsan.

Ach ba é a mhalairt de scéal é faoin tuath.

De réir na dteoiricí seo, bhí bean agus fear na tuaithe in ann a mbealach a dhéanamh i measc daoine eile ar bhealaí níos stuama ná dream na cathrach. Bhí an duine faoin tuath níos acmhainní ar chumarsáid dhaonna agus ar láimhsiú ghábhanna an tsaoil.  Bhí air a bheith suas agus anuas le daoine nach raibh sa mbád céanna leo féin ar bhealaí go leor. Bhí scileanna cumarsáide tuigthe aige i ngan fhios dó féin agus máistreacht faighte aige i síceolaíocht na tuaithe agus na treibhe.

Má choinnigh duine leis na teoiricí sin, múnlaíodh carthanacht agus meon an chúnaimh níos doimhne i saol na tuaithe freisin.   Ach, ní pictiúr álainn rómánsúil uilig é, beag beann ar thréithe na dea-chumarsáide.

Bhíodh fear ar an teallach againne agus muid beag agus saoi claí teorann agus cois teallaigh a bhí ann féin. 

Bhíodh sé curtha ‘soir’ de bharr a raibh de chrá croí ina chloigeann. ‘Dúradh i nDeich nAitheanta Dé gur cheart go mbeadh cion agat ar do chomharsana,’ a deireadh sé ‘ach cén chaoi a mbeadh cion agat orthu nuair a fhágfaidh siad thú sa gcaoi agus nach féidir leat cion a bheith agat orthu?’ Mar a deirtí i gcónaí i gcruóg mar sin, Dia dhá réiteach.  Ach ní taobh leis na saoithe cois teallaigh atá na cruacheisteanna seo.

Le  gairid agus é ag scríobh in iris na tuaithe Ireland’s Eye dúirt an tÍosánach, an tAthair James Kelly, go dtéann sé ar ais scaití chuig a cheantar dúchais amuigh faoin tuath i gcontae na hIarmhí agus go gcuimhníonn sé ar na daoine a raibh eolas aige orthu ina óige.   Daoine deasa go leor acu, a deir sé, ach cuid acu ‘uncouth and rough’ freisin. 

Tráth dá raibh, bhí an Comhairleoir Contae Tom McHugh as Tuaim ag trácht ar na rialacha tógála agus an chaoi a raibh an córas nua pleanála i gcontae na Gaillimhe ag coinneáil cuid mhaith de phobal na tuaithe brúite isteach in éineacht.  Má bhí suíomh agat ar thalamh do mhuintire, bhí seans réasúnta agat ar chead pleanála, nó b’fhéidir go n-éireodh leat dá mbeadh ruainne d’fheirm ag aintín nó uncail leat.   B’fhacthas don Chomhairleoir McHugh nach plean maith a bhí ansin scaití agus gurbh fhearr do dhaoine meascadh roinnt leis an saol mór.  B’fhéidir go bhfuil bunús lena chuid cainte.

Ach arís ar ais, dá mbrisfí na craobhacha ginealais faoin tuath cé a d’iompródh an beart trom as an leoraí nó cé a laghdódh an t-ualach ar fhear Bhaile Átha Cliath?

  

Fág freagra ar 'Comhar na gcomharsan faoin tuath, tá sé beo fós'

  • pedro garcia

    ni ma liom eolaiocht