Tá ciall ceannaithe go daor ag an stát i ndiaidh chibirionsaí an HSE

Ní hionann rabhadh a fháil agus déanamh dá réir, mar a léiríonn géarchéim an HSE

Tá ciall ceannaithe go daor ag an stát i ndiaidh chibirionsaí an HSE

Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá an córas slándála a theastaíonn i ngréasán ríomhaireachta chomh tábhachtach leis an díon a chuirtear ar theach. Ní léir a neart ná a thairbhe go dtí go mbíonn gá leis.

Má fheidhmíonn córas slándála i gceart go deimhin, ní thuigfidh ach dornán beag saineolaithe an tairbhe a baineadh as. Is leor cith báistí chun tábhacht gach díon a léiriú, ach níl tuairim ag ár bhformhór cén beartas ná cén costas a theastaíonn chun faisnéis phríobháideach a choinnítear i gcóras ríomhaireachta a chosaint.

Tá ceacht costasach á fhoghlaim ag an stát ó thug buíon coirpeach le fios go raibh smacht acu ar chórais ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) ar an 14 Bealtaine. Is ar leigheas an dochair atáthar ag díriú faoi láthair, ach beidh dianiniúchadh riachtanach ar ball chun scéal na tubaiste a chuir sláinte agus beatha daoine i mbaol a fhiosrú. Is gá ceachtanna a fhoghlaim chun cibearthubaistí eile a sheachaint agus chun teacht ar bheartais chosanta agus maoiniú riachtanach.

Ní bheadh sé cóir ná ciallmhar tabhairt faoin obair seo sula mbeidh an ghéarchéim thart, ach is léir cheana féin laige mhór amháin i gcur chuige an stáit. Ní bhaineann sé leis an rialtas amháin ach le faillí a rinneadh ar an dá thaobh de Dháil Éireann agus i mórán áiteanna eile.

Déanann tascfhórsa rialtais staidéar gach bliain ar na contúirtí ar chóir don státchóras a bheith faoi réir chun déileáil leo. Déantar pleanáil éigeandála a bhreithniú ar bhonn leanúnach chomh maith. Clúdaíonn tuairisc an tascfhórsa tubaistí den uile chineál: tuilte, drochstoirmeacha, truailliú bia, timpistí eitleáin, tubaistí ar muir, ionsaithe sceimhlitheoireachta, paindéimeanna agus tubaistí eile, ar a n-áirítear cibirthimpistí agus ionsaithe.

Foilsíodh dhá mhí ó shin, ar an 26 Márta, an measúnú ar chontúirtí a rinne an tascfhórsa anuraidh (tá sé ar fáil anseo). Is cosúil nár cheap an rialtas go raibh mórán práinne ag baint le foilsiú na tuairisce faoi na contúirtí móra seo, nó gurbh fhiú í a fhoilsiú sa bhliain inar scríobhadh í ar a laghad.

Dúradh sa tuairisc rud is eol don saol – go bhfuil an rialtas, an córas sláinte, an córas iompair, an córas oideachais, na bainc, chomh maith le saol gnó agus sóisialta na tíre, ag brath ar bhonneagar cumarsáide agus ar ghréasáin faisnéise. Dúradh freisin go raibh ardchontúirt ann go dtarlódh “cibir-eachtra” agus gur ghá acmhainní suntasacha ón státchiste (“significant national resources”) a chur ar fáil leis an dainséar a mhaolú.

Is léir ónar tharla i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (agus, is dócha, i mórán ranna nó foras stáit eile) nárbh leor na hacmhainní a cuireadh ar fáil go dtí seo. Is léir freisin, mar a d’admhaigh an t-aire stáit don e-rialtas Ossian Smyth Dé Luain, nach raibh dóthain acmhainní – nó lena rá amach, dóthain airgid – ar fáil chun príomhfheidhmeannach a earcú sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Dúirt sé go mbeadh tuarastal níos airde á fhógairt go luath.

Tá foireann an Lárionaid ag obair go dian in éineacht le saineolaithe ríomhaireachta agus faisnéise eile sa státchóras ó fuarthas éileamh na gcoirpeach ar airgead fuascailte i mBitcoin. Ach ní haon chabhair dá saothar í nach raibh príomhfheidhmeannach acu le bliain, agus nach bhfuil buanoifig dá gcuid féin curtha ar fáil dóibh fós.

Má bhreathnaítear ar na tuairiscí eile a d’fhoilsigh an tascfhórsa roimhe seo, is féidir tagairtí don chontúirt áirithe seo a aimsiú gan stró. Ní rabhadh a bhí de dhíth ar an tír ach gníomh. Tá ciall cheannaithe anois againn, ar ndóigh. Ach faraor, is ródhéanach é.


Iarfhocal: Bhí an colún seo á scríobh nuair a ghlaoigh fear orainn a dúirt go raibh sé ag labhairt thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialta. Fuair daoine ar fud na tíre an glaoch céanna le cúpla lá anuas ag iarraidh orthu a sonraí bainc a thabhairt ionas go bhféadfaí aisíocaíocht a dhéanamh leo.

Níl ach freagra stuama amháin ar iarratas dá leithéid: gan aon fhreagra a thabhairt.

Fág freagra ar 'Tá ciall ceannaithe go daor ag an stát i ndiaidh chibirionsaí an HSE'