Tá cás as Gaeilge le bheith i gCúirt Bhreithiúnais an AE i Lucsamburg den chéad uair. Cén fáth?

Den chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973, éistfear cás as Gaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Seo míniú ar an bhfáth…

Tá cás as Gaeilge le bheith i gCúirt Bhreithiúnais an AE i Lucsamburg den chéad uair. Cén fáth?

Cén cheist atá le freagairt sa chúirt in Lucsamburg?

Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ceist a d’eascair as cás a bhain le cúrsaí teanga a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Eorpací i Lucsamburg. Go bunúsach is soiléiriú a theastaíonn ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha. Is í an cheist ná an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.

Cén cás atá i gceist?

Cinneadh san Ard-Chúirt mí Iúil seo caite go raibh dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.

Bhí dearbhú na hArd-Chúirte á lorg ag Mac Fhlannchadha nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill. 

Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.

Cén dlí Eorpach a bhí i gceist?

An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol. 

Cén fáth go raibh amhras ann faoi impleachtaí chinneadh an Bhreithimh?

Chuir an Breitheamh an t-ábhar siar go dtí an mhí seo chun deis a thabhairt don Stát déileáil le himpleachtaí a breithiúnais. Dúirt sí go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach ag an AE in 2022.

Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh.  Deir lucht dlí go n-éiríonn an cheist seo as coimhlint dhá thraidisiún dlí. Sa Dlí Coiteann atá i réim i dtíortha ar nós na hÉireann agus Sasana, bíonn discréid leathan ag breithiúna agus cinntí a ndéanamh acu; ní bhíonn i dtraidisiún Dlí Sibhialta na hEorpa.

Cad a bheidh sa treoir nua ón AE in 2022 agus cad a tharlóidh anois?

Tabharfaidh an treoir nua tuilleadh saoirse do bhallstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid. Is í an cheist atá os comhair na hArd-Chúirte agus na Cúirte Breithiúnais Eorpaí ná cad is ceart a dhéanamh idir an dá linn.

Fág freagra ar 'Tá cás as Gaeilge le bheith i gCúirt Bhreithiúnais an AE i Lucsamburg den chéad uair. Cén fáth?'