Tá cairde nua á ndéanamh freisin le linn an chuibhrithe

Tá níos mó airde agam ar dhaoine thart orm anois ná mar a bhíodh roimh an bpaindéim

Tá cairde nua á ndéanamh freisin le linn an chuibhrithe

Feictear dom go bhfuil mé ag tabhairt níos mó airde ar dhaoine thart orm anois ná mar a bhíodh, fadó fadó nuair a bhí saol níb ‘oscailte’ againn. Ar thug mé aon suntas d’fhear an trucaillín bruscair riamh roimhe seo? Ní shílim é. Ar labhair mé i gceart leis na cailíní as an tSín a dhéanann an caife dom ar maidin? Níl cuimhne agam ar aon chomhrá ceart dá leithéid. 

Níl aon amhras orm ach go bhfuil go leor daoine ag caint lena chéile ar bhealach nach smaoineoidís air roimhe seo.

‘Tá dhá ronnach dheasa coinnithe agam daoibh,’ a dúirt John O’Reilly an búistéir i gCnoc Mhuirfean, an lá cheana. Nach maith a bhí a fhios aige gur ann a bheadh ár dtriall th’éis na siúlóide ón gCarraig Dhubh? Gach maidin Aoine le bliain anuas.

‘Caife ‘flat white’ agus caife bán, le dhá shiúcra?’ a fhógraíonn an freastalaí in Insomnia, sula n-osclaíonn ceachtar againn ár mbéal aon uair a dtéann muid isteach th’éis snámh na maidine. 

An lá cheana chuaigh an scéal amach ar cheann de na snáithíní WhatsApp go raibh ábhar cniotála le bheith in siopa Aldi. ‘Ag imeacht go tréan sa Naigín’; ‘Scuaine mhór fhada ar Bhóthar an Phoirt Thoir’; ‘Gan ribe fágtha i dTír an Iúir…’ B’fhearr dom deifir a dhéanamh. 

Agus mé ag cartadh trí cheirtlíní móra snáth cniotála san Aldi is gaire dom ar deireadh thiar, labhair custaiméir eile liom. Bhí an bheirt againn idir dhá chomhairle faoin snáth tiubh. Ní raibh aon dabht ach go bhféadfaí geansaí nó pluid a chniotáil nó a chróiseáil an-sciobtha leis. Ach cén cineál biorán a theastódh? Céard a chiallaigh ‘6’? Uimhir a sé, nó sé mhilliméadar? Thosaigh sí ag míniú an difríocht dom – rud nach raibh éasca agus masc éadain ar an mbeirt againn agus muid scartha go sóisialta.

‘Bheinn in ann seacht gcaipín a chniotáil as an gceirtlín mór seo,’ arsa sise agus í ag crochadh ceirtlín mór millteach olla.

‘Fair play,’ a dúirt mé féin léi. Ach rinne mé iontas de na seacht gcaipín. Cén fáth a ndéanfadh duine seacht gcinn de chaipíní?

‘Déanaim caipíní do dhaoine gan dídean,’ a dúirt sí. ‘Is cúramóir baile mé agus nuair a bhím suite síos san oíche ag tabhairt aire do dhuine, go hiondúil is ag féachaint ar an teilifís a bhíonn siadsan. Bhí sé chomh maith agam rud éigin a dhéanamh – mar sin, bím ag cniotáil do dhaoine gan dídean.’

Agus cén chaoi a dtugann sí amach iad? 

‘Tríd an Eaglais,’ a dúirt sí. ‘Is ball d’Eaglais na hÉireann mé agus eagraíonn siadsan é. Rinne mé míle go leith caipín anuraidh.’

Dúirt sí liom go raibh sí ag cuartú snáth dorcha – gur iarradh uirthi gan a bheith ag cniotáil na ndathanna éadroma geala, toisc gur fir is mó a bhíonn gan dídean. Lean sí uirthi ag cartadh agus d’imigh mé féin liom le hualach biorán, miosúr, snáthaid fuála, biorán cróiseála agus lán leoraí de shnáth nach raibh ag teastáil uaim. 

Tá mé fos ag smaoineamh ar an 1,500 duine sin agus a gcuid caipíní. 

An tráthnóna céanna, casadh an bhean a chabhraigh leis an snámhaí ‘caoch’ liom (mo cholún coicís ó shin). Bhí sí ag piocadh suas dramhaíola san áit a dtéann muid ag snámh. Chuir sí í féin in aithne dúinn. 

Ach mheabhraigh sí dúinn, dá gcasfadh muid uirthi aon áit eile, muid féin a chur in aithne di arís – toisc nach n-aithneoidh sí muid.

Bhí mé díreach ag dul a rá – ‘mar gheall go mbeidh éadaí orainn, an ea?’ Ach tháinig sí romham. ‘Tá gortú inchinne orm.’

‘Gortú inchinne? An raibh timpiste agat?’ a d’fhiafraigh mé. 

‘Bhí,’ a d’fhreagair sí.  ‘Thit mé – ó Honda 50. Cuireadh i gcóma mé ar feadh dhá mhí.

Ach diaidh ar ndiaidh, tháinig mé chugam féin go hiomlán – beagnach. An t-aon rud, ní aithním daoine nuair a chastar orm iad.’

Bhí sí ag bailiú bruscair de láimh roimh dul ag snámh. Tá seirbhís dramhaíola den scoth á cur ar fáil ag Comhairle Chontae Dhún Laoghaire. Gach lá feicimid an fear áirithe seo ag dul thart le trucaill bheag agus é ag folmhú na mboscaí bruscair thart ar an gCarraig  Dhubh.

Mheabhraigh mé don bhean seo go raibh duine oifigiúil ag déanamh sárjab den ghlanadh suas. Seirbhís í seo a bhíonn ag teastáil go géar – go háirithe tar éis deireadh seachtaine.

Bíonn na boscaí ag cur thar maoil – boscaí pizza, buidéil, cupáin chaife, páipéar sceallóg, agus níl a fhios céard eile.

Ach piocann sé suas gach píosa bruscair go pointeáilte, cuma cé chomh salach is a bhíonn sé. Fágann sé málaí glana plaisteacha crochta suas ar an sconsa chun an farasbarr dramhaíola a bhailiú iontu. Ná ceap go dtabharfadh éinne a gcuid cupán salach nó buidéil abhaile leo.

Dúirt mo bhean liom go raibh aithne mhaith aici air.

‘Sin é Alan,’ a dúirt sí. ‘Bíonn sé ar dualgas anseo gach deireadh seachtaine.’ Ach ba chosúil nach raibh aon údarás aige ar an bpaiste talún in aice na farraige – sin é an fáth go raibh mo chara leis an ngortú inchinne ag bailiú na mbuidéal folamh sa bpaiste sin.

Is ann a bhíonn na cóisirí oíche ag an dream óg. Sin é Mar-a -Largo na hÉireann anois, paiste beag coincréite le hais na líne Dart – agus radharc amach ar an bhfarraige.

Inné bhí compánach ag fear an bhruscair agus iad ag glanadh suas th’éis ‘picnicí’ agus cóisirí an deireadh seachtaine.

Labhair muid le Alan agus muid ag trasnú dhroichead na líne Dart. Lán le trua dá chás, thagair muid don mhéid buidéal agus boscaí a bhí caite timpeall. Bheadh air na málaí troma a iompar trasna an droichid é féin.

‘Níl ann ach lán cheithre mhála inniu,’ dúirt sé. ‘Nuair a bhíonn an aimsir go breá, bíonn suas le hocht gcinn de mhálaí agam.’

Bhí sé sona sásta leis féin. ‘Nach bhfuil jab agam?’ a dúirt sé. ‘Mura mbeadh an bruscar caite thart, ní bheadh tada le déanamh agam.’

Fág freagra ar 'Tá cairde nua á ndéanamh freisin le linn an chuibhrithe'

  • Pat

    Scéal iontach go raibh maith agat.

  • S. Mac Muirí

    Áiméin a deirim, an-scéalta.
    Chas tú le naomh, le bean ghlanta cladaigh a tharrthaíonn daoine an chuid eile den am 7 chas tú le sár-oibrí atá sásta leis an saol mar atá. Ní raibh fhios agam go raibh daoine chomh groíúil fóinteach thart orainn.