Tá bua olltoghcháin do Shinn Féin á thuar go forleathan – ach ní hionann tuairim agus vóta…

Is léir an brú a chuirfidh torthaí na pobalbhreithe is déanaí ar phríomhpháirtithe an rialtais a gcur chuige agus craobhscaoileadh a gcáis a fheabhsú

Tá bua olltoghcháin do Shinn Féin á thuar go forleathan – ach ní hionann tuairim agus vóta…

Ní admhaíonn polaiteoirí riamh agus olltoghchán á phlé go poiblí acu go bhfuil rith an ráis le páirtí eile. Is díol suntais é mar sin go nglacann go leor comhaltaí i bpáirtithe eile leis i gcomhráite príobháideacha go mbeidh Sinn Féin chun cinn orthu san olltoghchán a bheidh ar siúl mí Feabhra 2025 ar a dheireanaí.

Chuir pobalbhreith an Irish Times tuilleadh fianaise ar fáil go bhfuil meas an phobail ar Shinn Féin ag neartú i gcónaí. Thug 35% de na vótálaithe a ceistíodh – an céatadán is mó riamh – le fios go mbeidís ag tacú leis an bpáirtí in olltoghchán dá mbeadh olltoghchán ann.

Ní bheidh olltoghchán á reáchtáil (ach amháin i gcás timpiste) go dtí earrach 2025. Ní féidir mar sin an t-atmaisféar polaitiúil, eacnamaíochta agus sláinte a bheas i réim nuair a fhógrófar é a mheas faoi láthair.

Is léir cheana féin dhá athrú polaitiúil a chuirfear i gcrích roimhe sin. Beidh Leo Varadkar (nó a chomharba, b’fhéidir, mar cheannaire ar Fhine Gael) ina Thaoiseach. Toghfaidh Fianna Fáil ceannaire nua tar éis do Mhicheál Martin éirí as a bheith i gceannas ar an rialtas ag deireadh 2022.

Ní léir anois go mbeidh tionchar mór ag athrú pearsanra i gceachtar páirtí ar an gclaonadh seasmhach atá á léiriú sna pobalbhreitheanna. Ní trí pháirtí ag coinneáil bord ar bhord beagnach lena chéile a léiríodh sa phobalbhreith is deireanaí. Tá bearna chomh mór idir tacaíocht Shinn Féin (35%) sa suirbhé a rinne Ipsos MRBI thar ceann an Irish Times agus an tacaíocht a léiríodh d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael (20%) nach ndúnfar é mura dtagann athrú bunúsach ar thuairim an phobail.

Is léir an brú a chuirfidh na torthaí seo ar phríomhpháirtithe an rialtais a gcur chuige agus craobhscaoileadh a gcáis a fheabhsú. Tá dúshlán inmheánach le sárú acu freisin, áfach. Má dhéanann cuid mhór de dhíograiseoirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael talamh slán de go mbeidh Sinn Féin in uachtar go dtí (agus tar éis) an chéad olltoghcháin eile (mar atá ráite ag cuid acu le Tuairisc.ie) déanfaidh an lagmhisneach dochar sa bhreis d’fheachtais an dá pháirtí.

Is údar imní ar leith don Chomhaontas Glas é an cúlú ar thacaíocht an pháirtí (go dtí 5%) a léiríodh sa phobalbhreith seo. Is treise an imní a spreagfar agus clár mór polasaithe chun déileáil le hathrú aeráide le fógairt agus le cur i bhfeidhm faoi cheann achair ghairid.

Ach níl tacaíocht Shinn Féin chomh láidir sin fós gur féidir leis an bpáirtí a bheith cinnte go mbeidh sé ar a gcumas comhrialtas a bhunú gan a bheith i dtuilleamaí rannpháirtíocht, nó ar a laghad comhoibriú, Fhianna Fáil nó Fhine Gael. Ach ní mór an bhearna idir 35%, mar a bhí sa phobalbhreith agus 39%. Thug sciar dá leithéid den vóta deis d’Fhianna Fáil, faoi cheannas Bertie Ahern, dul i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach i 1997.

Tá deacracht nach beag le réiteach ag Sinn Féin áfach sula bhfógrófar olltoghchán. Beidh orthu an dochar a rinne an toghchán áitiúil in 2019, nuair a chaill thart ar leath d’ionadaithe an pháirtí a suíocháin sna húdaráis áitiúla, a leigheas. Tá scata iarrthóirí láidre de dhíth ar an bpáirtí chun cur go mór leis an 37 Teachta Dála atá acu faoi láthair.

Is é an t-athrú mór ar thacaíocht an phobail do Shinn Féin – a bhí lag sa toghchán áitiúil in 2019 mar ar tugadh léasadh don pháirtí, ach i bhfad níos láidre san olltoghchán anuraidh – a fhágfaidh nach ndéanfaidh siad deimhin dá ndóchas agus a thabharfaidh misneach do gach páirtí eile.

Fág freagra ar 'Tá bua olltoghcháin do Shinn Féin á thuar go forleathan – ach ní hionann tuairim agus vóta…'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn. Sinn Féin í gceannais. Í bhfad uainn an t-olc.