Tá braistint gheal agus nua ar chúram Chiarraí

Ní bheidh a fhios againn go dtí tráthnóna amárach i Staid a’ Ghearaltaigh cé acu an bhfuil bunús maith leis an bhfiosracht faoi Chiarraí

Tá braistint gheal agus nua ar chúram Chiarraí

Jonny Cooper, Áth Cliath agus David Clifford ó Chiarraí. ©INPHO/Bryan Keane

Pé obair atá déanta ag foireann caide Chiarraí ó dheireadh an Mhárta agus iad ag feitheamh le fada ar chosa laga do thús na craoibhe, bhí géarú goile ceart ag baint le caint a mbainisteora Éamonn Mac Muiris i rith na seachtaine.

Bhí Mac Muiris ag glacadh le cuid den gcáineadh a deineadh ar imirt chosanta Chiarraí i gcaitheamh an fheachtais sraithe ach ba léir, leis, gur ghoil cuid den gcáineadh air féin mar iarchosantóir. Tá, de réir dealraimh, mórán oibre déanta ar an machaire traenála le tamall anuas chun na heasnaimh a bhí le feiscint go tiubh agus go paiteanta le linn na sraithe a chur ina gceart. Dála gach aon bhliain eile agus iad ag ardach na seolta ar aistear na craoibhe, beidh súil ag lucht leanúna na caide sa chontae le mórán.

Ní bheidh a fhios againn go dtí tráthnóna amárach i Staid a’ Ghearaltaigh cé acu an bhfuil bunús maith leis an bhfiosracht agus leis an tsíorshúil le breis atá go smúsach i muintir Chiarraí ach tá an contae ar tinneall mar sin féin.

Táid tinneallach toisc go bhfuil an dóchas a bhí ag brúchtaíl go deas an dtaca seo anuraidh ag leá leis le cuid de thaispeántais an earraigh. Táid tinneallach toisc go bhfuiltear ag éirí mífhoighneach le cuid des na hógánaigh a bhfuil oiread buaite i gcluichí na n-ógánach acu. Táid tinneallach toisc go bhfuil forlámhas Átha Cliath ag leanúint níos a shia ná mar a taibhsíodh dóibh a dhéanfadh. Táid braiteach ar bhorradh na gCorcaíoch thar teora agus thar aon ní eile, táid ar bior ceart toisc go bhfuil oiread imreoirí nua ag fáil cead a gcinn ag an am gcéanna.

Cé nach bhfuil d’imreoirí nach raibh ann anuraidh ach David Clifford, tá tamall maith ó thosnaigh nach mór leath na foirne a gcéad chluiche craoibhe le chéile. Le seachtar ag tosnú a gcéad chluiche craoibhe le chéile tá bainistíocht Chiarraí ag tabhairt teachtaireacht ana-láidir go mbeidh luach saothair á fháil ag aon imreoir a nochtann a chumas ins na seisiúin thraenála.

Níl an cur chuige gan locht ná gan a phriacal féin, áfach.

Níl aon fhianaise go dtí seo go bhfuil na deacrachtaí sa bháide a chiap Ciarraí anuraidh leigheasta. Anuas ar sin, tá Shane Murphy ainmnithe mar chaptaen anois. Baineann san le seana-chóras na gcuradh contae i gCiarraí. Oireann sé uaireanta agus babhtaí eile, ní dheineann. Seo cás eile a threisíonn na hargóintí atá acu siúd a déarfadh gur cheart an tslí a roghnaítear captaen Chiarraí, a athrú ó bhonn,

Tá ana-dhilseacht léirithe ag Fitzmaurice mar bhainisteoir do Peter Crowley agus ní i gcónaí atá an dilseacht sin cúitithe ag fear Chill Orglan leis.

Tá an bheirt atá taobh leis sa líne lán chúil, Jason Foley agus Ronan Shanahan, ana-ghlas chomh maith agus fiú má caitheadh athruithe a dhéanamh tar éis deich gcinn de chúil a ghéilleadh sa tsraith, tá cuma éiginnte faoin ndánaíocht.

Gan dabht, bhí a leithéid i gceist cheana i gCiarraí i 1975 agus bhí rath an uair sin ar an óige agus ar an ndánaíocht. Pé toradh eile a bheidh ar rogha na bainistíochta, tá spior spear déanta den dtuairim gur dream coimeádach iad a d’fhan ródhílis rófhada d’imreoirí seana-bhunaithe.

Mar sin féin, ní dóigh liom go raibh an dara rogha ag bainistíocht Chiarraí agus iad ag piocadh na foirne ach dul leis an óige. Má fhéachtar orthu siúd a bhí i mbláth na hóige nuair a bhuaigh Ciarraí craobh na hÉireann go deireanach in 2014, cé méid acu atá tar éis bláthú agus ról cinnireachta a thógaint orthu féin ó shin? D’fhéadfaí cás a dhéanamh do Paul Murphy agus Paul Geaney ach thairis sin ní dócha go bhfuil oiread agus duine amháin dulta i bhfeabhas mar imreoirí. Bheadh baint ag gortuithe leis an easpa forbartha i gcás David Moran agus James O’Donoghue ach is dóigh liom go ngéillfeadh pobal Chiarraí go raibh sé thar am cead a gcinn a thabhairt do chleas éigin eile.

Beidh uisce le fiacla an lucht leanúna i gCill Airne amárach agus iad ag súil le míorúiltí ó Clifford, Geaney agus O’Donoghue sa líne lán tosach. Tá tamall ó bhí oiread faobhair agus gearradh chun tosaigh ag Ciarraí ach bí siúráilte go mbeidh seift éigin ag Gordon Kelly, Killian Brennan agus Eoghan Collins chun a bhfuil de spás ós a gcomhair amach a laghdú. Fiú má éiríonn leo ina n-iarrachtaí áfach, tá rogha eile ag Ciarraí agus ná bíodh aon iontas ort Kieran Donaghy a fheiscint luath nó mall.

Raghaidh Cathal O’Connor agus Gary Brennan guaille ar ghuaille le Moran agus Barry i lár a gharraí ach tógfaidh sé rud éigin as an ngnáth ó Kieran agus Jamie Malone agus Eoin Cleary chun cúlaithe Chiarraí a chur dá mbuille. Ainneoin a dhíchill, tá leath choiscéim luais caillte ag David Tubridy agus nochtfaidh Ciarraí é sin gan trua ná taise.

Is deacair a rá cad leis a táthar ag súil i gCill Airne amárach ach tá blas agus braistint gheal agus nua ar an gcúram, pé faid a mhairfidh.

 

Fág freagra ar 'Tá braistint gheal agus nua ar chúram Chiarraí'