‘Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo i bPort Láirge’ – Séarlas Shasana ag iompú ar an nGaeilge

Dúirt Prionsa Shasana gur ‘tír mhaorga’ a bhí in Éirinn agus gur ‘bóthar achrannach a chuireamar dínn le chéile uaireanta’

‘Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo i bPort Láirge’ – Séarlas Shasana ag iompú ar an nGaeilge

Bheannaigh mac Bhanríon Shasana, Séarlas, do mhuintir Phort Láirge i nGaeilge inniu agus é sásta a bheith ina measc.

“Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo i bPort Láirge,” arsa an prionsa.

I mBéarla a dhúchais dúirt sé “nach comharsana amháin a bhí sa dá thír seo ach comhpháirtithe”. Dúirt Prionsa Shasana gur “tír mhaorga” a bhí in Éirinn agus gur “bóthar achrannach a chuireamar dínn le chéile uaireanta”.

Turas trí lá atá Séarlas agus a bhean Camilla a thabhairt ar an tír seo, an chéad sciuird oifigiúil thar sáile acu ó bhuail an phaindéim an domhan. Bhíodar i mBéal Feirste agus i gcontae Thír Eoghain i dtús na seachtaine sular thugadar seáp go Port Láirge agus Tiobraid Árann. Tabharfaidh siad cuairt ar Charraig Phádraig i gCaiseal Mumhan amárach, rud a rinne máthair Shéarlais, Banríon Eilís Shasana nuair a tháinig sise anall sa mbliain 2011. Tharraing a cuid Gaeilge sin caint agus moladh freisin ar an turas sin.

Deir lánúin ríoga Shasana gurb í mian a gcroí cuairt a thabhairt ar gach contae sa tír seo.

Agus iad i bPort Láirge inniu bhuaileadar le grúpaí pobail, le lucht gnó agus le polaiteoirí. Agus é ag caint le cuid de mhuintir na hÚcráine sa gcathair sin thagair mac na Banríona don “éiginnteacht” a bhí roimh phobal na hÚcráine agus “an t-ionsaí brúidiúil” a rinneadh ar a dtír.

Dúirt sé go raibh go leor daoine ag cuimhneamh orthu agus ag guí ar a son agus léirigh sé a mheas ar gach duine atá ag tacú leo.

Rinne cúpla duine agóid agus comhartha ar crochadh acu in aghaidh chuairt an teaghlaigh ríoga.

 

Fág freagra ar '‘Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo i bPort Láirge’ – Séarlas Shasana ag iompú ar an nGaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Féir plé don Phrionsa. Is poblachtánach diongbháilte mé ach caithfidh mé a admháil go bhfuil meas áirithe agam ag Shéarlas. Aithním go bhfuil sé ag iarraidh an t-athmhuintearas a chothú idir an Bhreatain agus an tír seo.