Cosúil le haon duine eile ar an saol go bhfuil cion mór acu ar cheol David Bowie, shileas deoir nuair a chuala ar m’éirí dom ar maidin go raibh sé básaithe.
Anois, ní mór dom a admháil ná rabhas riamh glan as mo mheabhair mar gheall ar Bhowie – níorbh aon ‘super-fan’ mé – ach ag machnamh dom ar mo chaidreamh lena chuid ceoil is amhrán inniu, tuigim anois an meas a bhí riamh agam air ó chuala é den chéad uair ar an dteilifís ag canadh ‘Absolute Beginners’ is mé im’ gharsún óg, mé éirithe chuig an pop-cheol i gCorca Dhuibhne na n-ochtóidí.
Rugadh mise i gcroílár na seachtóidí agus ní rabhas ar an saol nuair a bhain Bowie siar as saol an cheoil den chéad uair. Is ag glúin atá níos sine ná mo ghlúinse, is mó a bhfuil meas gan teorainn acu ar gach a dhein sé, fir is mná atá faoi gheasa ag draíocht aduain a shaothair, ón uair a chualadar é ag canadh ‘Space Oddity’ ar an dteilifís sa bhliain 1969.
Maireann glúin níos sine ná mé a bhí ina ndéagóirí nuair a chonaiceadar an fear seo ar dtús, fear a shamlaíodar gur ó phlainéad eile ar fad a tháinig sé chun ‘Spiders From Mars’ a chasadh ar Top Of The Pops. Údar faoisimh ag go leor daoine ab ea a theacht, comhartha go raibh daoine aisteacha eile mar iad ar an saol, go bhféadfaí creathadh a bhaint as an status quo. Maidir leis na fir a thuig ná raibh gá le camán a bhreith chugat ná caid a bhualadh chun do chuid fearúlachta a chur in iúl, bhí a rí anois acu a shoilseodh an tslí dóibh.
Bhí Bowie ann sa chúlra i gcónaí le linn m’óige ag pocléimnigh timpeall i dteannta Mick Jagger ar fhíseán ‘Dancing In The Street’, nó ag scanrú na leanaí óga sa scannán Labyrinth.
Thuigeas go raibh meas is ómós mór ag daoine don bhfear aisteach seo agus a stíleanna éagsúla ceoil, ach ní raibh aon duine ar m’aithne a chuirfeadh comhairle mo leasa orm faoina shaothar.
Sa bhliain 1993, nuair a thugas faoi Ollscoil na Gaillimhe, chuala amhráin ar nós ‘Starman’, ‘Space Oddity’, is ‘Rebel, Rebel’ don gcéad uair riamh i gclub oíche Setanta ar Bhóthar na Trá agus thiteas i ngrá leo. Bhíodh oíche ann, ‘Ruby Tuesday’, agus bhí an dioscmharcacach – Artie an chéad ainm air, ní cuimhin liom a shloinne – scoite chun Bowie. Ní fada go rabhamar, mic léinn is lucht ceoil, ag éisteacht le hamhráin an ‘Thin White Duke’ is sinn inár n-árasáin ag prapáil chun oíche eile a chaitheamh ag rince i gclubanna Bhóthar na Trá.
Faoin dtráth san, bhíos ag éisteacht ar feadh cúpla bliain roimhe sin le Joy Division, an banna ceoil is giorra dom chroí, agus sna nóchaidí luaithe, gan aon idirlíon againn, bhí sé deacair teacht ar agallaimh ná ar aon eolas breise fúthu.
Ach léigheas in áit éigin gur éist amhránaí Joy Division, Ian Curtis, leis an albam Low le Bowie an oíche a chur sé lámh ina bhás féin. B’shin an chéad albam le David Bowie a cheannaíos nár bailiúchán de na ‘hits’ a bhí ann. Tá ‘Warszawa’ ón albam san – port a chum sé i dteannta pop-réalt allúrach eile, Brian Eno –i measc na rianta is tábhachtaí im’ shaol ó shin i leith.
Sea, táim ag rince timpeall ar Bowie le fada an lá anois. Bhí sé riamh ann. Bhí a fhios agam an tseachtain seo caite go raibh albam nua eisithe aige agus go raibh sé ag ceiliúradh 69 bliain ar an saol. Thugas faoi ndeara go raibh léirmheasanna dearfacha á ndéanamh ar an saothar nua sin Blackstar a bhí fós tiomanta ceol nua dúshlánach sainiúil a chumadh ag an aois chéanna go mbíonn formhór daoine ag ligint a scíth ar ghalfchúrsaí na cruinne.
Mar sin, b’é Blackstar, a tháinig amach cúpla lá sara d’éag sé, an bronntanas deirenach a thug Bowie dúinn. Caithfimid an lá inniu is na seachtainí romhainn ag éisteacht leis agus lena shaothar saibhir ar fad.
Tá ár ‘Starman’ imithe uainn. Ní bheidh a leithéid arís ann.
Fág freagra ar 'Tá ár ‘Starman’ imithe uainn – ní bheidh a leithéid arís ann'