‘Tá ár stair sa tír seo – ach is anseo atá ár dtodhchaí freisin’

Tugann saol polaitiúil John A Costello an-léargas dúinn ar an tír seo sa bhfichiú haois

‘Tá ár stair sa tír seo – ach is anseo atá ár dtodhchaí freisin’

Ba mhinic mé ag siúl thar Reilig Ghráinseach an Déin, le linn na paindéime. Agus thugadh mé suntas anois is arís d’uaigheanna anseo is ansiúd a raibh ainmneacha aithnidiúla os a gcionn – Myles na gCopaleen agus a leithéid.

Caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé uaigh an iarThaoisigh, John A. Costello ansin. Nó má chonaic, níor bhac mé léi – ní bhíodh mórán tráchta ar shoilse móra pháirtí Fhine Gael sa teach s’againne fadó. Seachas b’fhéidir corr-thrácht ar James Dillon, a bhíodh ag dul thar bráid go minic ag caitheamh súil ar a chuid talamh feirme.

Bhí ócáid ag an mbrainse áitiúil d’Fhine Gael le gairid ag uaigh Costello, lá cuimhneacháin a bhreithe, an 20 Meitheamh.  Bhí Teachtaí Dála, seanadóirí agus comhairleoirí áitiúla i láthair, mar a bheifeá ag súil agus ba é an t-iar-aire dlí agus cirt, Charlie Flanagan, as contae Laoise, a thug an óráid os cionn na huaighe.

Is é Charlie atá ina Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais ar Ghnóthaí Eachtracha agus Cosanta. Mhaígh sé go raibh suim ar leith aige san iarThaoiseach ar dhá chúis –  a spéis sa bpolaitíocht agus a spéis i gcúrsaí dlí.

Nuair a scríobh David McCullagh a leabhar beathaisnéise ar Costello cúpla bliain ó shin, thug sé an ‘Reluctant Taoiseach’ air. Ag tráth a cheapacháin i 1948, bhí Costello ina dhlíodóir i mBaile Átha Cliath agus é ag déanamh go maith, cé go raibh sé ina Theachta Dála ag an am céanna. Níor neamhchoitianta an rud é sin ag an am.

Tháinig Rialtas idirpháirtí i gcumhacht tar éis olltoghchán neamhchinnte, agus cé gurbh é Risteard Mulcahy a bhí i gceannas ar Fhine Gael, an páirtí ba mhó díobh, roghnaíodh Costello nuair nach nglacfadh Clann na Poblachta le Mulcahy. (Bhain sin lena pháirt i gCogadh na gCarad agus an naimhdeas a mhair idir polaiteoirí ar feadh i bhfad ina dhiaidh.)

Charlie Flanagan. RollingNews.ie

Bhí mé fiosrach faoin méid a dúirt Charlie Flanagan an lá cheana agus chuir sé a óráid chugam nuair a léirigh mé mo shuim inti agus labhair sé liom ina dhiaidh sin.

Níor bhain Costello ar chor ar bith le glúin na réabhlóide in Éirinn – níor throid sé i gCogadh na Saoirse ná ní raibh aon bhaint aige le Cogadh na gCarad. Thug Flanagan sampla de bheirt a bhí in aon rang le chéile ar scoil – Seán Heuston agus John A. Costello. Rugadh iad araon in 1891 – cuireadh Heuston chun báis agus gan ach 25 bliain slánaithe aige ar an 8 Bealtaine, 1916. Mhair Costello agus saol de chineál eile ar fad aige go bhfuair sé bás go síochánta i 1976, agus é 84 bliain d’aois.

Tugann saol polaitiúil Costello an-léargas dúinn ar an tír seo sa bhfichiú haois, go háirithe le linn na ndaichidí agus anonn go dtí na caogaidí. Cé go raibh an-dul chun cinn á dhéanamh ag tír bheag a bhí ag iarraidh a bealach a dhéanamh sa domhan mór, ar leibhéal sóisialta agus eacnamaíochta, níl aon amhras ach go raibh tionchar ollmhór ag an Eaglais Chaitliceach ar an saol poiblí agus ar shaol an duine.

Ní dhearna Costello aon bhréag dá dhílseacht don Chaitliceachas. Mar a dúirt Flanagan ina óráid, chuaigh sé ag an Aifreann gach lá dá shaol. Agus ghlac sé páirt ghníomhach in eagraíochtaí carthanachta Caitliceacha – rud a mheabhraigh a athair féin dó. (Ba é Oliver Flanagan, fear a raibh cáil an pholaiteora chaomhaigh Chaitlicigh air, athair Charlie.) 

Is cuimhin liom féin cuireadh a thabhairt do Oliver Flanagan teacht chun labhairt linn ag cruinniú de chuid an chumainn díospóireachta (an ‘Lit and Deb’) i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh sna seachtóidí. Fear conspóideach a bhí ann agus chinnteodh sé lucht féachana mór dá labhródh a leithéid linn.

Ach maidir le John A. Costello, taobh amuigh dá chúlra coimeádach agus Caitliceach, ba léir go raibh an-tionchar aige ar an gcineál tír atá againn anois.

Ba le linn a ré mar Thaoiseach a cuireadh tús le clár mór tógáil ospidéal (féach ar na deacrachtaí atá againn anois ospidéal amháin a thógáil agus aontú ar phlean do cheann eile). Lena linn freisin a ruaigeadh an eitinn as an tír le togra mór sláinte Noel Browne, an tAire Sláinte. Cuireadh dlús le táirgiúlacht feirmeoireachta faoi cheannasaíocht mo chara James Dillon. Agus tosaíodh ag maolú ar na polasaithe cosanta a bhí ag coinneáil na tionsclaíochta ar gcúl go dtí sin.

Ach ba é a stádas daingean mar Chaitliceach an ‘dris chosáin’ ba mhó ar a thuras polaitiúil. ‘Is Éireannach mé ar an dara dul síos,’ a dúirt sé ‘is Caitliceach mé ar an gcéad dul síos.’ Dúirt sé an méid sin nuair a d’éirigh an tAire Noel Browne as nuair a sheas Costello in aghaidh an Bhille Máthar is Leanaí i 1951. 

Dar le Charlie Flanagan, ‘tá an Caitliceachas Éireannach lárnach don náisiúnachas Éireannach’. Ar bhealaí, ceapann sé gur dhá thaobh den bhonn céanna iad. Ní shamhlaíonn sé, deir sé, gurb é sin é an cineál náisiúnachais a bhí i gceist ag Wolfe Tone nuair a chuir sé roimhe ‘Éireannach’ a chur in áit ‘Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir’.

Thug Flanagan faoi cheisteanna móra polaitíochta an lae inniu ina óráid. Is léir go bhfuil meas mór aige ar Costello de bharr an méid a bhain sé amach – ag tráth amháin bhí cúig cinn de pháirtithe sa Rialtas. Ach fós féin, measann sé gur chun aimhleas na polaitíochta a bhí sé cúrsaí creidimh a bheith lárnach i gcúrsaí ionannais pholaitiúil sa tír seo. 

Is le blianta beaga anuas a thosaigh muid ag scaradh an chreidimh agus an Stáit óna chéile, dar le Flanagan. Agus de bharr a chuid oibre polaitíochta sa phoblacht agus thar teorainn, feiceann sé, mar a deir sé ‘na bearnaí’ sa tuiscint i measc náisiúnaithe agus dílseoirí ar a chéile. ‘Smaoinigh,’ a deir sé ‘go bhfuil os cionn 100 ‘balla síochána’ ó thuaidh, a bhformhór i mBéal Feirste.’ Chaith sé tamall le dílseoirí le gairid agus chuir sé alltacht air a laghad cur amach a bhí acu ar an saol sa Phoblacht. 

‘As sin a thagann an seicteachas,’ a deir sé. ’Níl aon aithne ag daoine ar a chéile.’ Ach céard faoin airgead mór a caitheadh thar na blianta ar eagraíochtaí trasteorann? Céard faoi chuairt na banríona, cuairt an Uachtaráin, na cruinnithe ardleibhéil? Is chun donais atá cúrsaí ag dul le deich mbliana anuas, ceapann sé agus níl tuiscint ná teacht le chéile ag tarlú ag leibhéal an phobail. Ní chabhraíonn sé leis an tuiscint go bhfuil ionannas agus creideamh chomh fite fuaite ina chéile fós.

Ba é an Taoiseach John A. Costello a d’fhógair ar chuairt chuig Ceanada sa mbliain 1948 go gcuirfeadh sé deireadh leis an Acht Gnóthaí Eachtracha. Dúirt sé ina dhiaidh sin gur ‘ar mhaithe leis an ngunna a thógáil amach as polaitíocht na hÉireann’ a thug sé isteach an tAcht a thug Poblacht na hÉireann ar an saol i 1948. (Tháinig sé i bhfeidhm i 1949).

Dar le Charlie Flanagan, toisc go bhfuil ár stát féin againn, ba chóir dúinne níos mó a dhéanamh ar son deacrachtaí polaitiúla an lae inniu a leigheas. ‘Tá sé de dhualgas orainne lámh a shíneadh amach.’ Aontaíonn sé le polasaí Mhichíl Martin gur chóir béim a chur ar na rudaí ar a n-aontaímid – spórt, cultúr, tionsclaíocht, taighde, turasóireacht agus a leithéidí, seachas ar na rudaí a scarann muid óna chéile. 

Agus ag smaoineamh siar ar John A.Costello, cé go mba duine caomhach é, shíl sé go n-aontódh sé go bunúsach le tuairim Wolfe Tone faoi cad is ‘Gael’ ann – Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir. 

‘Tá ár stair sa tír seo – ach is anseo atá ár dtodhchaí freisin,’ arsa Flanagan.

Fág freagra ar '‘Tá ár stair sa tír seo – ach is anseo atá ár dtodhchaí freisin’'