Tá an tanaíochan ar phobal na tuaithe ag luí ar chroí go leor

‘With only a wisp of smoke going towards the sky’ – an bhfuil deatach an uaignis faoin tuath?

Tá an tanaíochan ar phobal na tuaithe ag luí ar chroí go leor

“With only a wisp of smoke going towards the sky….”. Sin é a dúirt an bhean a bhí ag láithriú cláir ar Raidió Pobail Chonamara an oíche cheana. Ag trácht ar an uaigneas agus ar an gcaoi a mbíonn daoine scartha amach óna chéile amuigh faoin tír a bhí sí. Ní raibh de chomhluadar ag cuid acu i gConamara ach lorg an deataigh ag scaipeadh san ngaoth aniar. Ba é an t-adhmad a bhí le baint as an gclár ar a dtugtar Community Matters ná go raibh an t-uaigneas fairsing go maith sna cnoic agus sna gleannta agus sa sliabh righin rite amach i dtreo an Atlantaigh.

Bhí ceithre mhír sa gclár a raibh ceist an uaignis agus an chomhluadair tarraingthe anuas iontu. Bhí an ceann sin ann a ndearnadh samhail an deataigh den aonarachas agus den uaigneas. Bhí bean eile ar an gclár a bhí ag tabhairt eolais faoi líne chabhrach teileafóin atá ag an tseirbhís shóisialta; dúirt sí gur minic le daoine glaoch isteach agus gan d’údar leis ach go dteastaíonn uathu teagmháil a bheith acu le duine éigin. Líne theileafóin í seo do dhaoine atá gaibhte amach sna blianta. Ansin bhí Seosamh Ó Mainnín ann, fear óg as taobh Chloch na Rón atá ina shaineolaí talmhaíochta agus é ag cur síos ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta atá le tosú go gairid sa taobh ó thuaidh de Chonamara.

Beidh béim ar shláinte colainne agus intinne, arsa an Mainníneach, bíonn feilméaraí, go háirithe iad siúd atá leo féin, uaigneach scaití. Ina dhiaidh aniar bhí Tomás Ó Faoláin ag labhairt faoi chóras ‘Seid na bhFear’ i nDúiche Sheoigeach, aríst sa taobh ó thuaidh de Chonamara. Tionscnamh an-mhaith agus an-spéisiúil é Seid seo na bhFear. Mhínigh Tomás go dtugann na Seideanna seo deis d’fhir a theacht le chéile agus lámh a chur i gceirdeanna éagsúla; cothaíonn sé caidreamh agus comhluadar.

Rud coitianta go maith é an t-uaigneas agus is mar sin a bhí i gcónaí má tá muid le géilleadh don scríbhneoir agus fealsúnaí Meiriceánach, Henry David Thoreau. Saol gan sólás agus saol sách duairc a bhíonn ag formhór an chine dhaonna, pé ar bith scéal é, ar seisean. ‘The mass of men live lives of quiet desperation,’ a deir Thoreau. Chuile sheans go raibh na mná i gceist aige freisin. Ach caitear a chur sa gcomhaireamh freisin go mbíonn intinn cineál duairc ag fealsúnaigh, anois agus aríst!

Ar ais sna cnoic i gConamara, d’fhéadfadh údar soiléir a bheith leis an uaigneas. Tá an daonra íslithe – go háirithe an daonra óg. Níl le déanamh ach breathnú ar an laghdú atá ar an líon gasúr sna scoileanna. Féach ar Ghleann an Mháma, mar shampla. Táthar imníoch nach mbeifear in ann scoil Ghaeltachta Thír na Cille a choinneáil oscailte.

Tá i bhfad níos mó feilméarachta ar siúl fós sa taobh ó thuaidh de Chonamara ná atá sa taobh ó dheas, ach tá uaigneas bainteach léi mar obair. Níl traidisiún na meithle féin beo níos mó; meaisíní a dhéanann go leor den obair sna ceantair láidre feilméarachta.

D’fhéadfá píosaí móra tiomána a dhéanamh anois sna réimsí is tábhachtaí feilméarachta sa tír seo agus ní fheicfeá an oiread agus duine amháin sna páirceanna. Maidir le háiteacha ar nós thuaisceart Chonamara, níl mórán beochta i gcuid mhór bailte fearainn.

Ní féidir ach go rachadh lagan ar an bpobal i gcion go dona ar dhaoine, agus ní comhluadar an-mhaith é an deatach ag éirí as na simléir agus ag scaipeadh ina cheo gorm os cionn an tí. Ach, contrártha don leagan amach a bhí ag an láithreoir ar an Raidió Pobail, is dóigh go raibh an deatach agus an tine ar cheann de na comharthaí comhluadair ab fhearr san saol a bhíodh ann.

Ar leic an teallaigh againn féin bhíodh comhluadar isteach mórán chuile oíche; bhí sé mar sin i gcuimse tithe. Bheadh duine éicint siúlta isteach scaití agus ina shuí síos sula dtabharfá faoi deara é; ní raibh a leithéid de rud ann agus cnag ar an doras. Bhíodh greann agus gruaim an tsaoil cíortha ó bhun go barr, scéalta dá roinnt anonn agus anall agus dá dtarlódh sé go mbeadh sé ina chalm sa gcomhrá, dhúisítí aríst é le scéal faoi thaibhsí. B’in é saol na hoíche i gcuimse tithe tuaithe. Déarfa leat féin go mbréagnófaí Henry David Thoreau agus a chuid “quiet desperation” de léim dá mbeadh sé i láthair. Ach an raibh an saol agus an aimsir chomh soineanta sócúlach sin nó an raibh uaigneas an tsaoil ag dul suas an simléar? Ní móide go raibh. Sé is dóichí go raibh go leor ábhar agus cruacheisteanna agus fulaingt cholainne agus intinne curtha i bhfolach.

Sí tuairim na saineolaithe gur mó a cheileann na fir ná na mná – caithfidh na fir a bheith ‘láidir’ agus ‘fearúil’. An dtabharfadh a chuid fearúlachta cead d’fheilméara a bhfuil a chuid lámha roicnithe [roctha] ag an sclábhaíocht a bheith bog nó goilliúnach? An bhféadfadh sé go ngoillfeadh snáithín deataigh atá séidte ina dhusta ar a chroí?

D’fhéadfadh agus goilleann.

Agus tá an tanaíochan ar phobal na gcnoc agus na tuaithe ag luí ar chroí go leor. Is maith agus is fiúntach an obair atá ar bun ag Seideanna na bhFear agus a leithéidí. Níl deatach ar bith gan tine a bheith in áit éicint.

Fág freagra ar 'Tá an tanaíochan ar phobal na tuaithe ag luí ar chroí go leor'