Banríon amhrán Mhúscraí – ceiliúraimis í, canaimis a cuid amhrán

Tá an t-ádh dearg le hamhránaithe traidisiúnta na linne seo go bhfuil bailiúchán iontach d'amhráin Bess Cronin ar fáil arís

Banríon amhrán Mhúscraí – ceiliúraimis í, canaimis a cuid amhrán

...
The Songs of Elizabeth Cronin – Irish Traditional Singer
Dáibhí Ó Cróinín, editor. Four Courts Press
...

‘Bean bheag théagartha ab ea í, a raibh aoibh an gháire ’na héadan agus loinnir a’ ghrinn ina súile agus binneas a’ cheoil ’na béal agus í gan fuadar a’ réiteach a’ té agus a’ leagadh an bhúird romhainn…’ Mar sin a chuir máistir an cheoil, an píobaire agus an bailitheoir Séamus Ennis síos ar Bess Cronin i gclár raidió sa bhliain 1947.

Lean sé air go fileata. ‘Sé thugainnse uirthi ’na dhiaidh sin: Banríon amhrán Mhúscraí. Níl aon teora leis na poirt bheaga agus leis na hamhráinntí mhóra a bhí ar a toil aici.’

Ní raibh aon áiféis de réir dealraimh ag príomhbhailitheoir an BBC an uair sin, Brian George, duine a shiúil na seacht gcúigí abhus is thall ar thóir saibhreas amhrán is seanchais:

‘In all my experience of folk music collecting, I must say that I have never found greater satisfaction or such wide variety.’

Ach cérbh í an bhean uasal seo go bhfuil a cáil anois i bhfad is i gcéin?

Saolaíodh  Bess Cronin i mBealtaine na bliana 1879 sna Foithrí i bparóiste Bhaile Bhuirne. Máighreád Ní Thuama a máthair agus Seán ‘Máistir’ Ó hIarlaithe a hathair.

Bhíodar beirt, agus pobal an cheantair, go mór fé thionchar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge ag an am. Le bunú an ‘Oireachtas’ in 1897 spreag na comórtais amhránaithe agus scéalaithe na dúthaí chun gnímh. D’éirigh chomh maith leo gur baisteadh Príomhchathair na Gaeltachta ar ‘Bhaile Mhúirne’  sa bhliain 1900 de réir dealraimh.

Níorbh aon iontas mar sin go mbeadh suim aige Bess sa tsaibhreas cultúrtha a bhí ina timpeall.

Tugann sí aitheantas dá máthair mar dhuine a mheall chun duanaireachta í.

Máighreád Ní Thuama, nó Seana-Mheaig mar a tugadh uirthi leis. Thug sí aitheantas chomh maith do chailíní aimsire a bhíodh acu, duine acu go háirithe. B’in í Nóra Ni Laoire. Seo mar a chuireann Bess síos uirthi: ‘cailín aimsire a bhí againn ar a’ Ráth a bhíodh ag gabháil don rócán so. Bhí sí thar barr chun poirtíní béil – puss music – choinneodh sí ringceoirí ar siúl go brách.’

Amhrán crúite na mBó atá i gceist anseo ag Bess a fuair sí ón gcailín aimsire Nóra Ní Laoire.

Raghad-sa ó thuaidh leat, a bhó

Agus tiocfad aduaidh leat a bhó

Cois Abha Móire, a bhó

Mar a bhfaghaidh tú seamróga,

Neoiníní barra-ghlasa

A chuirfidh a cneadaigh tú

Agus ó, mo chara thú!

Molann sí chomh maith ‘Bacaigh an Chontae’  as a saibhreas amhrán a roinnt léi. Suas le trí fichead bacach agus aithne phearsanta aici orthu uile – Brídín flit-fleait, Jack the Pup Ó Luasa, Mick the Duck, cuid acusan.

Luaigh sí Nóra Phádraig go speisialta: ‘seana-bhean siúil…bhí sí seoig chun na n-amhrán’.

An chéad uair riamh a chan Bess Cronin go poiblí de réir dealraimh ná ag Feis i Maigh Chromtha in 1899 agus gan í ach deich mbliana d’aois.

Dúirt sí dhá amhrán agus dhein aithriseoireacht…’which were much admired for their beauty and the naive simplicity with which they were rendered…’ de réir an nuachtáin Fáinne an Lae 1899.

Deir údar an bhailiúcháin seo, a mac mic Dáibhí Ó Cróinín, gur chan sí ‘Tá dhá bhó ag Máire an Ghaorthaig, is fearr le cruth iad ná’n Chiúrach Bhléineann’ agus nár éirigh leis teacht ar an amhrán san ina shiúlta scolártha. Tá amhrán leis an ainm san le clos i gCorca Dhuibhne agus i mbailiúchán An Blas Muimhneach Iml.11. le  Breandán ’ac Gearailt. Níl na línte san, áfach, san leagan áirithe seo.

Chuir sé iontas orm fhéin nuair a tháinig an chéad eagrán den seod saothair seo amach  fiche bliain ó shin, a raibh d’amhráin Bhéarla seachas amhráin i nGaolainn ag Bess Cronin.

Ní mór a thuiscint gur bailitheoirí Béarla is mó a bhí a’ triall uirthi chun a raibh aici a thógaint síos uaithi, a d’fhág gurbh amhlaidh a bhí.  Bailitheoirí seachas Séamus Ennis, nár thuig an teanga. Orthu siúd a bhí sí a’ freastal agus dóibh siúd a roghnaigh sí na cinn Bhéarla.

Tháinig an Meiriceánach Jean Richie féna bráid sna caogaidí agus í ar camchuairt scolártha an Fulbright Commission. Í a’ fiosrú an ceangal a bhí idir an dúchas ceoil a bhí aici féin is a muintir in Kentucky agus a raibh in Éirinn agus sa Bhreatain. Cuntaisí breátha aici ar fhéile is flaithiúlacht Bhess Cronin agus cnuasach breá pictiúr fágtha le huacht aici ón dtréimhse a chaith sí sa dúthaigh. Bhí trealamh taifeadta an-mhaith aici leis a chuir le caighdeán breá fuaime a bheith le formhór na n-amhrán a chan Bess di.

Tháinig an bailitheoir iomráiteach Alan Lomax féna bráid chomh maith gan dabht agus Diane Hamilton-Guggenheim agus bhailigh seoda luachmhara uaithi.

Bhí oiread saibhris ag an mbean uasal seo Bess Cronin go bhfuil sé i gceist ag Dáibhí Ó Cróinín bailiúchán dá scéalta is dá seanchas a chur ar fáil amach anseo.

Maith ab fhiú Scoil Samhraidh a bhunú ar a saibhreas, a deir an scoláire iomráiteach an Dr Angela Bourke. Tá ábhar tráchtas dochtúireachta nó dhó ann gan cheist.

Is mó scéilín agus cuntas atá sa chnuasach seo a chuireann lenár bpléisiúr agus sin a’ treabhadh le fonn tríd. Ní áirím na hamhráin nach bhfuil cur síos ná insint scéil orthu dá mbeadh seachtain agam chun iad a áireamh.

Tá an t-ádh dearg le hamhránaithe traidisiúnta na linne seo go bhfuil an bailiúchán seo ar fáil anois arís.

I bhfad sara raibh fáil forleathan air, bhí cuid againn ag brath ar leaganacha a bhí ag ceoltóirí aitheanta ar nós Christy Moore a chan ‘On board the Kangaroo’, ar Dolly McMahon a chan ‘Lord Gregory’ agus Tríona Ní Dhomhnaill a chuir ‘The bonny blue-eyed lassie’ ar cheirnín.

Faraor ná raibh leagan Bhess Cronin cloiste agam fhéin sarar fhoghlaimíos an ceann áirithe san, leagan a bheidh le clos ar dhlúthdhiosca a bheidh ar fáil i mbliana.    

Ní ar a mac mic Dáibhí Ó Cróinín atá aon locht muna bhfuil amhránaithe ar an eolas mar gheall uirthi óir is é seo an tarna heagrán dá seoda atá curtha ar fáil go fileata fónta aige le fiche bliain anuas.

Fágfaidh mé an focal scoir ag an mbailitheoir agus an craoltóir Meiriceánach Bill Meek:

‘The voice of Mrs Cronin of Macroom could only be described in terms of tranquil power. A most unique singer…a voice which somehow embodies a whole culture.’

Tá Bess Cronin beo arís againn ag an saothar seo.  Fáiltímid inár measc  í.

Ceiliúraimis í. Canaimis a cuid amhrán.

Beirimis buíochas léi agus lena mac mic Dáibhí, agus gura fada buan iad beirt.

Fág freagra ar 'Banríon amhrán Mhúscraí – ceiliúraimis í, canaimis a cuid amhrán'