Sa ré seo ina mairimid ina bhfuil cumhacht ollmhór ag modhanna scéalaíochta digiteacha, tá lasair na scéalaíochta ó bhéal á hadhaint ag Eithne Ní Ghallchobhair, scéalaí agus scríbhneoir as Ard an Rátha i gCo. Dhún na nGall.
“Bhí an-suim agam sa scéalaíocht i gcónaí riamh, níl mé cinnte cén uair go díreach gur chuir mé suim sa scéalaíocht ar dtús, ach thuig mé go luath i mo shaol go dtiocfaidh liom focail a chur de ghlanmheabhair. Fiú nuair a bhí mé i mo mhac léinn bhínn ag insint scéalta i m’intinn.
“Ní raibh mé á dhéanamh go poiblí go dtí thart ar 10 mbliana ó shin, ach bhí mé i gcónaí ag insint na scéalta i m’intinn féin agus ag insint na scéalta do na peataí a bhí agam sa teach. Go háirithe don chat beag atá agam agus tá an-dúil aici sa scéalaíocht. Bhínn ag insint scéalta don chat an t-am ar fad! Sin é an dóigh gur thosaigh sé,” a deir sí ag gáire.
Tá athshamhlú déanta ag Eithne ar scéalta ón mbéaloideas i dtrí leabhar léi, Múscail, a Ghiorria! (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) agus, Caithréim agus Tóir a foilsíodh i mbliana. Beidh sí le feiceáil ag féile IMRAM san oíche amárach agus í ag aithris leagan de An Craiceann agus a Luach, le ceol nua-chumtha le Steve Cooney. Leagan álainn véarsaíochta den scéal béaloidis faoin mhaighdean mhara ar cuireadh iachall uirthi fear daonna a phósadh atá in An Craiceann agus a Luach.
Aimsíonn Eithne téamaí a bhaineann leis an éiceolaíocht, an feimineachas, agus sníonn sí tríd an insint iad. Déanann sí machnamh domhain ar na bunscéalta. Ní raibh sa leagan den scéal a spreag an leabhar, Mar a tháinig an Mhaighdean Mhara go Leac Conaill, ach 22 líne a bhí ar fáil ar Dúchas.ie. Is scéal é faoin tábhacht a bhaineann le do bhealach féin a dhéanamh sa saol é scéal na maighdine mara dar léi.
“Feiceann tú an teachtaireacht go gcaithfidh tú do ‘chraiceann róin’ féin a aimsiú le bheith istigh ionat féin agus le do shaol féin a bheith agat. Sin é an sprioc atá ionainn uilig. An dtig leat a bheith faoi shó i do shaol féin muna dtig leat do chraiceann féin a bheith ort? An dtig leat a bheith sásta i do shaol má tá craiceann duine eicínt eile ort? Sin scéal an mhaighdean mhara, cad é a chaithfidh muid a fhágáil inár ndiaidh chun saol s’againn a bheith againn.”
Tá gnéithe sna scéalta béaloidis atá chomh fíor inniu is a bhí nuair a insíodh na scéalta ar dtús, dar le hEithne agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil na scéalta fós á n-insint.
“Tá mé fáiscthe sa traidisiún ó thaobh na scéalaíochta agus na léitheoireachta dhe. Ach is dóigh nuair a bhíonn duine ag insint scéil agus is cuma cén áit nó cén chaoi, mairfidh an scéal i gcuimhne na ndaoine má thig leofa nasc a dhéanamh leis na scéalta sin le saol s’acu féin. Mhair na scéalta chomh fada is a mhair, na céadta bliain, na mílte bliain, de bharr go dtig linn uilig sin a dhéanamh.”
Is fíor sin fiú sna scéalta iontais mar go bhfuil siad bunaithe ar an daonnacht, ach an oiread leis an mhaighdean mhara sa scéal An Craiceann agus a Luach tá craiceann an tsaoil athraithe ach ní athraíonn croí an duine.
“Cé gur athraigh slite beatha s’againn agus modhanna maireachtála, níl a fhios agam ar athraigh croí an duine nó miantaí an duine an oiread sin thar na bliantaí. Só, cé gur mhair na focail gan an oiread sin athraithe, ach amháin éabhlóid na teanga, sílim go dtig linne go fóill an nasc sin a dhéanamh leis na scéaltaí. Má théann muid isteach faoi chraiceann an scéil, sílim go mbíonn an dóchas céanna ionainn agus go bhfuil muid uilig ag iarraidh na spriocanna céanna a bhaint amach.”
Tá spéis ag Eithne sa scéalaíocht le fad a cuimhne. Is ag dul chun na scoile di a spreagadh a grá don bhéaloideas ar dtús. Bhí scéalaithe thart uirthi sa gceantar agus í ag fás aníos agus bhí sí ’go hiomlán tógtha’ leo.
“Sílim ar dtús gur cothaíodh an scéalaíocht ionamsa nuair a bhí mé ar scoil. Chuaigh mé ar scoil i Mín Tine Dé, bhí cineál cáil ar an scoil agus tá go fóill, ó thaobh na n-ealaíon de. Scoil bheag atá inti ach bíonn traidhfil maith daltaí ag dul fad leis an Oireachtas achan bhliain.”
D’fhan an grá don bhéaloideas le hEithne nuair a chuaigh sí ar aghaidh go dtí an ollscoil i nGaillimh. Thart ar an am sin a cuireadh bunachar Dúchas ar mhicreascannán agus théadh sí ar an mbus ó Ghaillimh go Leitir Ceanainn chun na scéalta a bhí sa mbailiúchán a léamh sa leabharlann ansin. Rud eile a tharla nuair a bhí sí san ollscoil a raibh an-tionchar aige uirthi ná gur ceapadh Cathal Ó Searcaigh mar scríbhneoir cónaitheach san ollscoil.
“Deirim i gcónaí é, marach Cathal Ó Searcaigh ní bheinn ag scríobh ar chor ar bith. Caithfidh tú cuimhneamh, níor casadh scríbhneoir ormsa riamh. Cad é go gcasfaí? Seo aimsir sula raibh an t-idirlíon ann, ní bheadh íomhá agat i do chloigeann fiú de scríbhneoirí mura mbeadh pictiúr ar chúl an leabhair a bhí á léamh agat.
Ansin, bhí scríbhneoir beo sa rang in éineacht leat agus é ag tabhairt spreagadh dúinn. Thug sé spreagadh dom, ach níos mó ná sin thug sé féinmhuinín dom go raibh mé in ann an rud seo a dhéanamh. Ní raibh a fhios agam fiú an dtiocfadh liom é a dhéanamh, ach rinne mé é mar go raibh orainn é a dhéanamh don chéad rang eile agus an chéad rang eile.”
Tá an-tábhacht le scéimeanna cónaitheacha do scríbhneoirí agus ealaíontóirí sna hollscoileanna, dar léi mar go dtugann sé tuiscint do mhic léinn gur féidir leo na rudaí sin a dhéanamh. Caitheamh aimsire a bhí sa mbéaloideas d’Eithne mar gheall ar an spéis a bhí aici san ábhar, ach ní dhearna sí aon staidéar foirmeálta air san ollscoil.
“Bhí mo chroí istigh ann agus mé i gcónaí á léamh. Tigeann scéalaíocht ó bheith ag léamh agus a bheith ag éisteacht. An dtiocfaidh leat a bheith ag scríobh mura mbíonn tú ag léamh go comhfhiosach? Agus níl a fhios agam an dtiocfaidh leat dul don scéalaíocht mura mbíonn tú ag éisteacht. Téann an scéalaíocht agus an éisteacht mar cheird lámh ar lámh le chéile.
“Tá cuid mhór scéalaithe millteanach maith thart, tá Máirín Mhic Lochlainn i gConamara, is tá Bríd Anna Ní Bhaoill i Rann na Feirste ann, Tomaí Ó Loinn i gCiarraí, Seanán Mac Aoidh i nGort a’ Choirce, Eoghan Ó Curraighín agus neart scéalaithe eile.”
Cé go bhfuil go leor meán san iomaíocht leis an scéalaíocht, tá tarraingt i gcónaí i ndaoine i dtreo na scéalaíochta ó bhéal. Is rud an-láidir é an nasc idir an scéalaí agus an t-éisteoir ina dtugtar saoirse don té atá ag éisteacht a gcuid féin a dhéanamh den scéal.
Tá ómós in Éirinn don scéalaíocht thar aon áit eile, dar léi, rud a bhfuil sí ‘millteanach buíoch’ as.
“Gan lucht éisteachta ní bheadh post agamsa. Ní dhéanaim margaíocht. An scéalaíocht a dhéanaimse bíonn daoine ag cur scairteanna ormsa agus nílim á rá sin chun rud mór a dhéanamh asam féin, níl ar chor ar bith. Ach tá dúil ag daoine sa scéalaíocht, sin é an rud. Sílim go bhfuil an scéalaíocht de dhíth orainn, go bhfuil sé i smior na gcnámh ionainn, an scéalaíocht.”
Tá na scáileáin ina gcuid chomh mór sin den saol anois go mbíonn éalú ag teastáil ó dhaoine is gur rud é an scéalaíocht a thugann sólás agus suaimhneas intinne do dhaoine.
“Sílim go bhfuil cíocras ar na cluasa. De réir mar atá an t-am ag dul ar aghaidh, ach go háirithe cíonn tú seo le páistí nuair a théann tú go dtí na scoileanna. Caitheann siad an oiread sin ama – agus daoine fásta freisin – os comhar na scáileán. Sílim go bhfuil tuirse ar na súile agus tuirse ar an intinn. Nuair a bhíonn muidinne ag amharc ar na scáileáin tá na híomhánna uilig brúite isteach i gcinn s’againn. Ach leis an scéalaíocht bíonn tú i gceannas ar na híomhánna atá i d’intinn s’agat.”
*Beidh Eithne Ní Ghallchobhair, Steve Cooney agus foireann ceoltóirí le feiceáil ag féile IMRAM ag léiriú An Craiceann agus a Luach ar an gCéadaoin, 13 Samhain ag 7:30 i.n. in Amharclann Smock Alley. Ticéid anseo.
Fág freagra ar '‘Tá an scéalaíocht de dhíth orainn, tá sí i smior na gcnámh ionainn’'