Tá an reifreann ag teacht! Bhuel, tar éis naoi gcéim eile…

Ní bheidh ceist an reifrinn soiléir go mbeidh a gcuid oibre déanta ag an rialtas, ag an Oireachtas, agus ag an gCúirt Uachtarach

Tá an reifreann ag teacht! Bhuel, tar éis naoi gcéim eile…

‘Nach bhfuil ceist an reifrinn ar eolas againn faoin am seo?’ Sin é a déarfadh go leor léitheoirí réasúnta leo féin agus an réamhrá thuas léite acu.

Tá ciall leis an gceist, ach is ciall choinníollach í. Níl an leagan Gaeilge den leasú atá beartaithe ag an rialtas a chur faoinár mbráid sa reifreann foilsithe fós, cé go bhfuil sciar suntasach den dréachtleagan Béarla ar fáil, a bhuí le tuairisc ar RTE tar éis chruinniú rialtais Dé Máirt.

Má bhíonn reifreann ann ar an 25 Bealtaine, mar atá beartaithe ag an rialtas, iarrfar ar vótóirí an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm agus na briathra seo a leanas a chur ina ionad: ‘Provision may be made by law for the regulation of termination of pregnancies.’

Ní foláir a rá láithreach gurb é an focal ‘dréacht’ an focal is tábhachtaí dá bhfuil i gcló thuas. Breis agus trí mhí roimh an lá vótála a theastaíonn ón rialtas, tá fuílleach ama acu ar an gcéad amharc. Níl cuma chomh gairid áfach ar an tréimhse sin má bhreathnaítear ar liosta na socruithe reachtúla agus polaitiúla a chaithfear a dhéanamh roimhe sin.

Tá garbhmheastachán ar an méid ama a theastóidh chun déileáil le gach céim curtha leis an gcur síos seo:

Céim 1:  Tá achomharc an stáit i gcás a bhaineann le cearta na mbeo gan bhreith á éisteacht sa Chúirt Uachtarach faoi láthair. Má rialaíonn an Chúirt go bhfuil cosaint ag an mbeo gan bhreith (‘the unborn’) i bhforáil eile sa Bhunreacht, taobh amuigh den ochtú leasú, beidh ar an rialtas an scéal a athbhreithniú dá réir. Tréimhse: 1-2 seachtain.

Céim 2A: Abair nach n-aimsíonn an Chúirt Uachtarach cearta nua sa Bhunreacht. Más amhlaidh a bheidh, ba chóir go mbeadh an tArd-Aighne Séamus Woulfe ábalta leagan críochnúil den leasú a mholfar sa reifreann a chur faoi bhráid an rialtais.  Tréimhse: seachtain.

Céim 2B: Abair go rialaíonn an Chúirt Uachtarach go bhfuil foráil amháin eile ar a laghad sa Bhunreacht seachas an t-ochtú leasú ina bhfuil cosaint ag an mbeo gan bhreith. Sa chás sin, bheadh ar an Ard-Aighne an breithiúnas a mheá go cúramach agus b’fhéidir, athrú ar an gceist reifrinn a chur faoi bhráid an rialtais. Tréimhse: 1-3 seachtain.

Céim 3: Foilseoidh an rialtas bille reifrinn, ina mbeidh leagan críochnúil an rialtais (a) den leasú a mholfar agus (b) den cheist a chuirfear sa reifreann. Cuirfear an bille faoi bhráid na Dála, ach ní thosóidh an díospóireacht láithreach. Tréimhse: seachtain.

Céim 4: Foilseoidh an tAire Sláinte Simon Harris an reachtaíocht a thabharfar isteach má vótáiltear sa reifreann i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú. Bille faoina gceadófaí ginmhilleadh go dtí an dara seachtain déag de thoircheas atá geallta. Ní chuirfear an bille ar chlár na Dála roimh an reifreann, ach ar ndóigh pléifear é go tréan. Tréimhse: seachtain.

Céim 5: Pléifear an bille reifrinn sa Dáil agus sa Seanad. Is féidir talamh slán a dhéanamh de, i bhfianaise na díospóireachta ar thuairisc an choiste uilepháirtí ar ghinmhilleadh, go mbeidh fonn cainte ar scata mór comhaltaí sa dá theach. Ní chuirfidh Fine Gael ná Fianna Fáil iachall ar a gcomhaltaí tacú leis an reachtaíocht. Tréimhse: trí seachtaine, ar a laghad.

Céim 6: Fógróidh an tAire Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy dáta an reifrinn agus cuirfidh a roinn agus na húdaráis áitiúla tús leis an ullmhúchán áitiúil agus náisiúnta a bheidh riachtanach lena reáchtáil. Iarrfar ar bhreitheamh dul i gceannas ar choimisiún reifrinn a bheidh freagrach as faisnéis faoin reifreann a chur ar fáil ar bhonn oibiachtúil. Beidh idirlinn riachtanach sula rachfar chun cinn leis an obair. Tréimhse: trí seachtaine.

Céim 7: Tosóidh an feachtas reifrinn oifigiúil. Ceaptar gur mian leis an rialtas go mbeadh thart ar mhí ag an bpobal agus ag na meáin leis an gceist a phlé. Tréimhse: ceithre seachtaine.

Céim 8: An reifreann. Comhaireamh na vótaí.

Céim 9: Má vótálann móramh i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú, cuirfidh an rialtas reachtaíocht chun cinn a cheadóidh ginmhilleadh laistigh de thréimhse toirchis 12 seachtain. Ní féidir a bheith cinnte fós go vótálfadh móramh sa Dáil ná sa Seanad ina fhabhar, cé go mbeadh brú ar mhórán géilleadh do rogha an phobail sa reifreann. Tréimhse: Cá bhfios? Mí, ar a laghad.

Mar is léir ón liosta thuas, ní fuílleach ama ach dóthain ama ar éigean a bheidh ag an Rialtas leis an gclár oibre atá riachtanach a chur i gcrích. Ná cuir an iomarca airgid ar gheall gur ar an 25 Bealtaine a vótálfaimid.

Fág freagra ar 'Tá an reifreann ag teacht! Bhuel, tar éis naoi gcéim eile…'