Tá an pobal Protastúnach ó thuaidh ar bhóthar a scriosta féin

Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt do Chaitlicigh agus prionsabail an chothromais a leagan síos anois agus iad ina mionlach, prionsabail a sheasfaidh nuair a bheidh siad ina móramh

Tá an pobal Protastúnach ó thuaidh ar bhóthar a scriosta féin

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Ní inniu ná amárach a tharlóidh sé. Ach feictear domsa go bhfuil an pobal Protastúnach ó thuaidh ar bhóthar a scriosta féin.

Bhí alt spéisiúil san Irish Times ag David McWilliams le déanaí inar chíor sé figiúirí an Daonáirimh is deireanaí ó thuaidh.

Léiríonn na figiúírí sin, deir sé, go bhfuil céatadán na bProtastúnach ó thuaidh ag ísliú go pras agus go mbeidh móramh ag Caitlicigh thar na Protastúnaigh sa Tuaisceart faoi 2036.

Bhí sé suimiúil mar sin gur chaith cuid mhór díobh siúd a rinne trácht ar a raibh le rá ag McWilliams iarracht neamhní a dhéanamh de na figiúirí amhail is gur chreid siad go bhféadfaí fáil réidh leo ar fad ach neamhaird a thabhairt orthu.

Dúirt tráchtaire eile gur chóir dúinn, i bhfianaise na bhfigiúirí sin, a bheith níos stuama i leith chás na bProtastúnach ó thuaidh, ’sé sin níos tuisceanaí faoin bhfaitíos atá orthu roimh a gcomharsana Caitliceacha.

Nach ait, mar sin, nach bhfuil aon duine de chuid na bunaíochta ó dheas ag iarraidh go gcaithfí go stuama le cás na náisiúnaithe ó thuaidh ná go mbeifí tuisceanach faoina n-éileamh ar chothromas cearta?

Is ait, cinnte, ach ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin tábhachta ag baint le dímheas na bunaíochta ar na náisiúnaithe, ach amháin mar go dtreisíonn sé an dímheas atá ag náisiúnaithe an Tuaiscirt ar an Saorstát i gcoitinne agus ar an mbunaíocht go háirithe.

Ach céard faoi na Protastúnaigh?

Níl ach corrdhuine i measc an phobail sin nár ghlac leis ó bunaíodh na Sé Chontae mar stát go raibh an ceangal le Sasana riachtanach le cearta is stádas is – ’sea – forlámhas na bProtastúnach a chosaint.

Mar sin tá na páirtithe Aontachtacha agus an UUP, an páirtí ‘measartha’ mar dhea, chomh doghéilliúil céanna leis an DUP, ag cloí go diongbháilte lena bpolasaí gan géilleadh do na náisiúnaithe ar chor ar bith ach amháin nuair a a fhágann brú na Sasanach nach bhfuil aon rogha ann, agus is annamh a tharlaíonn sin.

Sin é ar ndóigh a tharla i gcás Chomhaontú Chill Rímhinn: ní raibh an DUP sásta le gach ar aontaíodh a chur i gcrích is níor chuir na rialtais aon bhrú orthu mar gheall air sin. 

Sampla maith is ea cás an Achta Teanga.

Oireann a gcur chuige faoi láthair dóibh, ach céard a tharlós nuair nach mbeidh móramh acu a thuilleadh sna Sé Chontae? Agus nach anois an t-am le rud éicint a dhéanamh faoi, mar ní bheidh an lámh in uachtar acu nuair a bheidh siad ina mionlach?

Ba léir gur thuig Peter Robinson féin, iarcheannaire an DUP, an méad sin nuair a dúirt sé go gcaithfeadh an páirtí a bheith oscailte do Chaitlicigh agus iad a mhealladh chun tacú leis an Aontas i bhfianaise na tacaíochta mór ó thaobh airgid a fhaightear ó na Sasanaigh.

Ach chun sin a dhéanamh caithfear cothrom na Féinne a thabhairt do Chaitlicigh agus prionsabail an chothromais a leagan síos anois agus iad ina mionlach, prionsabail a sheasfaidh nuair a bheidh siad ina móramh.

Pointe eile ar fiú dóibh suntas a thabhairt dó ná an déistin a chuireann meon an Deiscirt ar fhormhór na gCaitliceach ó thuaidh.

Thréig muintir an an Deisceart iad i 1969, le linn an chogaidh agus arís anois féin nuair is fearr leis an mbunaíocht a bheidh ag trácht ar cás na n-aontachtóirí a thuiscint ná tacú le cearta na náisiúnaithe maidir le comhionannas.

Níl aon mheas acu, de réir an aithne atá agam féin ar chairde is ar ghaolta ó thuaidh, ar an Deisceart inniu cé go mbíodh roimh 1969.

Ach mura bhfuil na haontachtóirí sásta cothromas cearta a cheadú, agus má bhíonn ar na náisiúnaithe fanacht go dtí go mbeidh siad in ann an t-aitheantas sin a bhaint amach le móramh, ní féidir Éire Aontaithe a sheachaint sa bhfadtéarma.

Níl comhartha dá laghad ann go bhfuil aon duine mór le rá i measc na bpolaiteoirí aontachtacha a thuigeann an méad sin, ná níl comhartha dá laghad ann ach an oiread go bhfuil an pobal Protatastúnach ag iarraidh lámh an chomhionannais a shíneadh le réiteach a dhéanamh lena gcomharsana.

Tubaiste atá i ndán don phobal sin mura dtagann siad siad réiteach leis na Caitlicigh agus is anois an t-am chun é sin a dhéanamh nó b’fhéidir go mbeadh sé ródhéanach faoi 2036.

B’fhearr liomsa go pearsanta Éire Aontaithe a fheiceáil, mar creidim go bhféadfadh na Protastúnaigh ról suntasach forásach a imirt sa bPoblacht nua. Nuair a bheas Protastúnaigh an Tuaiscirt saortha ó mhiotas an fhorlámhais, b’fhéidir gur Poblachtánaigh a dhéanfar arís díobh.

Mar nárbh iad Preispitéirigh an Tuaiscirt a chruthaigh an poblachtánachas an chéad lá riamh?

Fág freagra ar 'Tá an pobal Protastúnach ó thuaidh ar bhóthar a scriosta féin'