Tá an lá tagtha go bhfuil ár n-oidhreacht i mbaol ó loitiméirí péinte

Tá ardú ar líon na gcásanna ina ndéantar loitiméireacht ar shuíomhanna seandálaíochta

Tá an lá tagtha go bhfuil ár n-oidhreacht i mbaol ó loitiméirí péinte

Fuair mé an boladh ar dtús. Bhí beirt againn ag siúl abhaile ón traenáil agus níor thug mé faoi deara go raibh fear ina sheasamh in aice an bhalla aird.

‘An bhfuair tú boladh na péinte?’ a d’fhiafraigh mo chompánach. ‘Féach, tá seisean tar éis píosa ‘graifítí’ a spraeáil ar an mballa.’ D’fhéach mé siar. Tharraing an fear ceamara amach agus ghlac cúpla pictiúr ar a chompord, dá shaothar ealaíne.

Níl a fhios agam cén t-údar a bhí agam leis, ach mheas mé i gcónaí gur daoine óga, sna déaga b’fhéidir, a bhí taobh thiar den phéinteáil ballaí seo, rud atá ag éirí an-choitianta anois. Ba dhuine fásta, stuama, shílfeá, a bhí sa bhfear seo a bhí an-bhródúil as a chuid oibre.

Bíonn oibrithe na gcomhairlí contae agus cathrach ar a mbionda ag iarraidh glanadh suas i ndiaidh na ndaoine seo. Agus cosnaíonn sé airgead – bíonn ceimiceáin speisialta de dhíth chun an phéint a ghlanadh. Go minic is péint i gcomhair earraí miotail – gluaisrothair agus a leithéid, a bhíonn ann agus ní féidir é a ghlanadh in aon iarraidh amháin.

Níl aon réiteach éasca ar an gceist. Moladh nach ndíolfaí na cannaí péint spraeála le daoine óga ach féach nach gasúr a bhí i mbun na hoibre a chonaic mé féin. Íocann na comhairlí áitúla suimeanna móra airgid chun na ballaí éagsúla a ghlanadh agus is cosúil go bhfuil an costas sin ag ardú bliain i ndiaidh bliana.

Moladh eile a triaileadh ná a theacht roimh na péintéirí graifítí agus obair ealaíne a choimisiúnú ó ealaíontóirí a dhéanfadh jab deas slachtmhar de. Tá go leor acu sin thart ar chathair Bhaile Átha Cliath agus ceantar Dhún Laoghaire. Chuaigh ceann amháin ar phinniúr liathróid láimhe gar don Charraig Dhubh i bhfeidhm go mór orm. Clúdaíodh an pinniúr le dathanna iontacha spleodracha agus shílfeá nach bhféadfadh éinne teacht gar dhó le canna péinte. Ach tháinig.

Tá sin sách dona, a deir tú, ach is cosúil anois go bhfuil fadhb mhór againn ar ár láithreacha seandálaíochta agus séadchomharthaí náisiúnta.

Ar shamhlaigh aon duine againn go dtiocfadh an lá go mbeadh ár n-oidhreacht i mbaol ó loitiméirí péinte?

Tuairiscíodh in 2021 go raibh 18 cás den loitiméireacht sin ann – gach rud ó phéinteáil ar shéadchomharthaí, go dtí tochailt ar láithreacha seandálaíochta, briseadh dealbh agus damáiste do rudaí éagsúla a bhain leis na hionaid oidhreachta.

Cheap mé go raibh sin sách dona nuair a léigh mé faoi – ach chuir agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an ‘Saol Ó Dheas’ alltacht amach is amach orm. Bhí an seandálaí Micheál Ó Coileáin faoi agallamh ag Dara Ó Cinnéide agus dúirt seisean go raibh eolas aige faoi 50 suíomh anois a raibh loitiméireacht déanta orthu le bliain anuas.

Agus an drochobair seo ag éirí níos coitianta, a dúirt sé. Rudaí scríofa, rudaí briste, rudaí gearrtha – chuile shaghas loitiméireachta a bhféadfá cuimhneamh uirthi.

Cé gur in áiteacha iargúlta den chuid is mó a tharlaíonn sé agus gan aon radharc ag éinne ar an damáiste go ceann tamaill i ndiaidh na heachtra, tarlaíonn siad freisin in áiteacha a mbíonn cuairteoirí go leor ann – Lia Fáil ag Teamhair, mar shampla.

Tharla sé cúpla babhta gur cuireadh péint nó rud éigin scríofa ar an leac atá ar bharr an chnoic ársa. Rinneadh damáiste le casúr freisin. Deirtear go gcuirtí an choróin ar ardríthe na hÉireann ag an leac seo, Lia Fáil –suas go dtí an bhliain 500.

I gceann de na heachtraí, spraeáladh an focal ‘fake’ ar cheithre thaobh na leice.

Chuir an Taisce ráiteas amach ag cáineadh na heachtra agus dúirt siad go raibh sí ar an eachtra loitiméireachta ba mheasa a chonaiceadar le fada an lá. Thagair siad don fhadhb atá ag scaipeadh anois sna bailte agus sna cathracha ach chuireadar béim ar thábhacht stairiúil Lia Fáil agus an damáiste atá á dhéanamh anois don oidhreacht náisiúnta.

Agus é ag caitheamh súil siar san agallamh raidió ar an obair a rinne sé leis na blianta ag treorú grúpaí thart ar na láithecha oidhreachta, dúirt Micheál Ó Coileáin, go mbíodh Meiriceánaigh uair amháin ag déanamh iontais den mhéid ábhar stairiúil luachmhar a bhí le feiceáil amuigh faoin spéir in Éirinn. Bhíodh an-iontas orthu nach mbíodh aon damáiste déanta dóibh.

Ach níl an scéal amhlaidh a thuilleadh. Goidtear iarsmaí freisin. Thagair sé do cheann Chroim Dhuibh a goideadh blianta ó shin i gCorca Dhuibhne agus atá fós ar iarraidh.

Cá dtéann na hiarsmaí sin? Cheap seisean go raibh bailitheoirí príobháideacha ann a d’íocfadh suim mhaith airgid le haghaidh ábhar stairiúil a tháinig ó láthair seandálaíochta. Thagair sé do na píosaí a tógadh ó oileán ar an tSionainn – chuadar chomh fada le Boston, áit a raibh ollscoil ansin sásta iad a cheannach. Tugadh le tuiscint dóibh nach raibh aon ní as bealach á dhéanamh agus nach raibh éinne ag briseadh an dlí as iad a dhíol. Ach cuireadh stop leis an margadh áirithe sin.

Roinnt mhaith blianta ó shin agus mé ar cuairt chuig Cluain Mhic Nóis, thug mé faoi deara go raibh na crosa móra Ceilteacha, a tharraing aird ar an láthair, aistrithe isteach faoi dhíon agus samhail snáithín gloine (a bhí an-réalaíoch ar fad) curtha ina n-áit.

Ag an am, ba le faitíos roimh an mbáisteach aigéadach a aistríodh na dealbha sin isteach ón aimsir agus ón aer. Tugadh faoi deara go raibh an dealbhóireacht ag creimeadh de réir a chéile agus go dtiocfadh an t-am nach bhféadfaí na radharcanna a bhí greanta ar na crosa a fheiceáil i gceart ar chor ar bith.

Ach is cosúil go bhfuil an t-am ag teacht anois nach bhfeicfear ár n-oidhreacht luachmhar mar a bhíodh sé le feiceáil ar feadh na gcianta, mura nglacann muid céimeanna radacacha chun iad a chosaint.

Is ar éigean go mbeimid in ann ceamaraí faire a chur i ngach ionad. Is ar éigean go mbeimid in ann samhail phlaisteach nó snáithín gloine a chur in ionad na gcros agus na ndealbh ar fad. Agus táim cinnte de nach bhfuil aon duine ag iarraidh sconsaí sreinge a chur timpeall orthu.

Moltaí (i ndúch so-nite) ar chártaí poist le bhur dtoil.

Fág freagra ar 'Tá an lá tagtha go bhfuil ár n-oidhreacht i mbaol ó loitiméirí péinte'

  • jpmorley0@gmail.com

    Loitiméireacht? Milleadh? Scriostóireacht?… adeir tú? Barbaracht? Nach ón mbarr anuas atá sé ag teacht…ón mbarr anuas! Teach tábhairne álainn, ealaíonta, seanda ‘An Sextant’ i gCorcaigh, rinneadh canach de le caoinchead ó Chomhairle na Cathrach chun bloc árasáin a thógáil ina áit. Ach buaileadh bob ar na simpleoirí bochta…is
    bloc oifigí a bhí leagtha rompu ag na forbróirí! ‘Athfhorbairt’ ceadaithe anois acu freisin do Sheana-Chaisleán na Banríona. Buailfear híp eile ainspianta gloine anuas sa mhullach airsin leis agus leagfar an cliathán clé ar fad. Foirgneamh greanta, ársa, eile á réabadh. Tabhair turas traenach ar Chorcaigh lá éigin agus féach romhat amach óstán ‘An Déan’… is é an chéad fhoirgneamh a bhuailfidh leat agus tú ag siúl isteach faoin gcathair. Ba dheacair buachtaint air seo le gráinneacht agus le soiniciúlacht nua-aoiseach; sampla breá den “f..k-off architecture” a luaigh JP Ballard. Órdaigh cupa caifé duit féin (i nGaeilge) ó Myo ar Ché an Phápa (chun teacht chugat féin) agus buail fút ar bhruach na Laoi. Tóg do cheann beagán agus tabhair faoi deara Carrchlós Dunnes Stores trasna na habhann uait. Anois, fiafraím díot, ‘bhfuil aon fhoirgneamh chomh hurghránna leis seo i do chontae féin, in Éirinn, san Albáin nó ar chlár na cruinne …áit ar bith ar domhan? Cé a thug cead f…g pleanála don amhailt sin? Slog siar do chaifé go pras agus lean ort siar go bhfeicfidh tú na bloic ollmhóra nua-aoiseacha atá á ndéanamh do neacha léinn na hOllscoile thiar i dtóin Bhóthar an Iarthair. Beidh fonn ort filleadh ar do thraein láithreach geallaim duit. Ach gaibh trí Pháirc Mhic Ghearailt ar do shlí ar ais agus bain lán na súl as ‘An Gáirdín Spéarach’ a chosain €3 mhilliún ar CCC ach nár crochadh os cionn talún riamh. Bíodh caifé eile agat, buail fút, féach go grinn agus go staidéartha air. Tóg t’aimsir. Cad a chuireann sé i gcuimhne dhuit? Nod: dath bándearg. Tá ana-chion go deo ag CCC ar an dath sin is léir. Freagraí go dtí Tuairisc.ie ldt.

  • Pól

    Ní insítear na scéalta níos mó. Feicim na scáileáin bheaga ag gasúr an lae inniu. Is beag má labhartar an teanga níos mó. Gan timpeallacht na teanga agus na scéalta cén áit a bhfaighfear meas ár gcuid seanáiteanna. Níl mé a rá go gcaithfidh muid Gaeilge a bheith á cloisteáil i ngach cuid den tír againn, ach go mbeadh bá leis an oidhreacht agus meas ar an oidhreacht againn le taispeáint dár gcéad ghlúin eile. Bíodh na scáileáin acu, agus bíodh an léitheoireacht agus na scéalta acu chomh maith!