Tá an Ghaeilge níos feiceálaí ná riamh ach feic saolta atá i gcuid mhór di

FRIOTAL: Bliain na hAistriúcháinise a bhí in 2017, agus is í an aistriúcháinis chaolchúiseach a chuireann beaguchtach ar ár gcolúnaí

Tá an Ghaeilge níos feiceálaí ná riamh ach feic saolta atá i gcuid mhór di

Cibé rud atá i ndán dúinn in 2018, ‘Bliain na Gaeilge’ nó ‘Bliain na hÉigeandála’, is é mo ghuí nach Bliain Aistriúcháinise eile a bheas ann ar nós gach uile bhliain ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cad é an sórt earra an ‘aistriúcháinis’ seo? Ba é an scoláire Sínise, Frederick Tsai, a thug an míniú is gonta ar chomharthaí sóirt na haicíde: ‘the source language of a translation seems reluctant to make its exit, preferring to seek reincarnation in the target language.’ 

Is ea, tá an Ghaeilge níos feiceálaí ná mar a bhí riamh ach tá a fhios ag Dia gur feic saolta atá i gcuid mhór di. Ach oiread le Gael fadfhulangach ar bith eile, déanaim mo sháith gáire faoi na leaganacha áiféiseacha a bhíonn ar ‘Amú san Aistriúchán’ agus ar leathanach Facebook Gaeilge Amháin. Is fearr i gcónaí gáire ná gol. Ar shlí, is í an aistriúcháinis chaolchúiseach a chuireann beaguchtach ormsa faoin dátheangachas seo againne.

Póstaer a chonaic mé i Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath, ag cur síos ar Éirí Amach na Cásca. Easter 1916 changed Ireland a bhí sa cheannlíne Bhéarla. Ráiteas leamh, shílfeá, ach is mór an rud é tír ar bith a athrú, fiú ár n-oileáinín beag féin. Ba é a bhí sa cheannlíne Ghaeilge: ‘D’athraigh Cáisc 1916 Éire.’ Is doiligh dom a mhíniú cad é an locht atá agam air sin. Tá an chiall soiléir. Shásódh sé Lucht na bPeann Dearg, mar tá sé saor ó pheaca gramadaí agus níl smál ar bith ar an litriú. Mholfadh Ridirí na Glan-Ghaeilge féin é nuair nach bhfuil focal ar bith ann atá cosúil le Béarla. (Ar éigean a d’aithneodh siad gur ón Laidin Pascha a fuarthas ‘Cáisc’.) Ach ina dhiaidh sin ar fad, ní Gaeilge atá ann, ach aistriúcháinis. Ní déarfadh duine ar bith ‘D’athraigh Cáisc 1916 Éire’ ach amháin an té a chaithfeadh Easter 1916 changed Ireland a aistriú. Spreagann sé ceist: cad is fiú téacs dátheangach a chur ar taispeáint nuair nach bhfuil sna focail Ghaeilge ach macalla faon an Bhéarla?

Más mian linn go rachadh comharthaí Gaeilge i gcion ar an phobal, déanaim amach go gcaithfidh siad a bheith níos fearr ná an Béarla – níos soiléire, níos bríomhaire, níos cliste. Deis atá ann mianach na Gaeilge a thaispeáint. Ní deacair sin a dhéanamh. ‘1916: bliain a chuir cor i gcinniúint na hÉireann.’ Tá sin rud beag níos fearr cheana féin, nach bhfuil? B’fhéidir go ndéarfadh dearthóir an phóstaeir go bhfuil an mana sin rófhada. Cúrsaí spáis an chosaint a bhíonn ag daoine ar uafáis mar ‘rangsheomra’ agus ‘scrúdpháipéar’ in áit ‘seomra ranga’ agus ‘páipéar scrúdaithe’. Ná géillimis don chomhairle sin. Mura bhfuil i ndán don Ghaeilge ach ionad an Bhéarla a dhéanamh, níl a fhios agam an fiú a bheith léi. Más Bliain na Gaeilge atá le bheith ann, déanaimis spás don Ghaeilge.

Ah-hasc an ah-rah

Tuigtear do Friotal go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun droim láimhe a thabhairt don Chaighdeán Oifigiúil feasta agus leas a bhaint as litriú simplí ‘a mbeidh Airí Gaeltachta in ann chuige.’ Tá sceithirí sa Roinn i ndiaidh dréacht de chéad óráid Josepha Madigan T.D. a chur ar fáil go heisiach do Friotal. Bwin salt ass.

Gee, a ditch! Misha Josepha Madigan, an tah-rah Gwaeltalked. Showydge lukewar isha an Gwail-geh, an chowydge is lukewara, bedger, ataw egg socky na heron. Taw shay bar-hawacktack an changa arse-ah heaving show ah kimad BO. Och nee more dooing vey soloopy! Nee more dooing ah hash-point gu will shee ag foss agus egg for a birch eeh goney!

Mar a jeir mo koh-lackey sa Rhine Edgy-kiss, taw gere-gaw le chunskaddle pobble-bunny-ha! Nee flare critter ool-vein-ack ah lug-in shee-us! Nee flare cummersodge ah yanniv tray van na Gwail-geh kun chunker soon-to-suck ah imirch air an bubble!

Shin eh an dooshlawn ah taw rowing sa vlee-an show hugging. Taw misha regg – kad footsah?

Fág freagra ar 'Tá an Ghaeilge níos feiceálaí ná riamh ach feic saolta atá i gcuid mhór di'

  • Críostóir

    Manainnis atá ina óráid, haha!

  • Leigheas ar an Scéal

    Dá gcumfaí is dá gceapfaí chuile shórt i nGaeilge, agus ansin Béarla a chur air, bheadh muid ceart. Cuirimis in airde ár bpóstaeirí féin! An Ghaeltacht go Deo (i gcló níos lú: ‘the Irish-speaking Area Endless’)

  • Tomas

    Muwlim tu an-taine. Tiggim anis céén fawh knock tugann tu Antóin arrt fén!

  • Maire

    Tá fógra eile feicthe agam ‘Japanese knotweed under treatment’ agus an t-aistriúchán a rinne UCC air ná: ‘glúinbhiorach á cóireáil’ anois cad déarfá leis sin??

  • Breandán Delap

    Maith thú a Antain. Cad faoi ‘cúram bunscoile’ do Primary Care? nó ‘an séala comónta’ ar ‘the common seal’?

  • maidhcí

    Aontaím leat a Antain. Do bheadh trioblóid ag Peadar Ó Laoghaire le Gaeilge an lae indiubh.

  • Jonathan Ó Néill

    Rhine Edgy-kiss…an-mhaith. Comharba thraidisiúin an Nuallánaigh

  • Mike O'Regan

    Faon isteach, faon amach. Nach feic saolta é an bunleagan?