Tá an Eilf ar an tseilf ag faire ort…

Shíl mé go raibh muid slán ó na sióga ar feadh bliana ag a raibh de thaibhsí agus púcaí againn aimsir na Samhna...

Tá an Eilf ar an tseilf ag faire ort…

‘Tá mé a cheapadh go gceannóidh mé ceann de na heilfeanna sin!’ a d’fhógair an Babaí agus muid ag déanamh ar an mbaile mór. ‘Ceann de na heilfeanna?’ a d’fhiafraigh mé dhe agus mearbhall orm. ‘Cé na heilfeanna atá i gceist agat?’

‘An Eilf ar an tSeilf, Mamaí.’ a deir sé agus cé nár dhúirt sé amach é bhí barúil agam gur cheap sé go raibh seafóid orm agus gan a fhios agam faoin tsíogaí beag cáiliúil.

‘Ar ndóigh níl aon mhaith duit ceann acu sin a cheannacht,’ a deir mé, ag iarraidh m’eolas leathan ar nósanna na nithe draíochta a léiriú.

Shíl mise go raibh muid slán ó na sióga ar feadh bliana ag a raibh de thaibhsí agus púcaí crochta ar bhalla tosaigh an tí againn aimsir na Samhna. An obair in aisce a bhí ansin ar fad anois agus na heilfeanna á dtabhairt isteach de mo bhuíochas?

‘Tá mé a cheapadh go gcaithfidh sé a theacht isteach sa teach dá dheoin fhéin, níl aon mhaith duit sa gceann a cheannófá sa siopa,’ a mhínigh mé.

Murar chuala tú caint ar an Eilf ar an tSeilf, séard atá ann ná oibrí eile i mbuíon eilfeanna Dhaidí na Nollag. Ambasadóir Tí an Mhoil Thuaidh is bíonn na heilfeanna ar na seilfeanna, in éineacht leis na spideoga ag cur scéalta ar ais chuig Daidí na Nollag ag insint dó cé a bhí go maith agus cé a bhí dána.

‘Ní chaithfidh Mamaí,’ arsa an tOllamh leis an Eilfeolaíocht féin. ‘Ceannaíonn tú é agus tugann tú abhaile é agus tagann an draíocht ann san oíche nuair atá sé i do theach.’

‘Ní chreidim é sin, tá brón orm,’ a dúirt mé leis, bean an amhrais.

‘Tá mo chuid airgid féin agam,’ a deir an Babaí agus fuílleach an deontais a fuair sé ón neach draíochta eile, Síog na bhFiacla fós ag imeacht aige.

Níl a fhios agam an aontaím leis an leibhéal spíodóireachta seo ar chor ar bith. An fiú é ar mhaithe le Selection Box agus cúpla bronntanas fánach maidin Lá Nollag?

‘Ceannaigh leat mar sin,’ a deir mé leis, ‘ach tá faitíos orm go mbeidh díomá ort nuair nach gcorraíonn sé.’

Tá dianchúrsa déanta agam ar na heilfeanna le seachtain anuas is níor chuir aon rud a chuala mé ar mo shuaimhneas mé. Is cosúil go mbíonn siad ag corraí thart san oíche i mbun diabhlaíochta agus ní fios cá bhfaighfeá ar maidin iad, ná céard a bheadh déanta acu.

Deir an tOllamh liom go mbíonn eilfeanna dána agus eilfeanna maithe ann.  ‘Má bhíonn an t-ádh orainn,’ a deir sé, ‘gheobhaidh muid ceann de na heilfeanna dána, tá siad an-bharrúil.’

An oíche sin cuireadh an Eilf ar an tseilf is mé ag súil gur ann a d’fhanfadh sé. Bhí dearmad déanta agam air maidin lá arna mhárach nuair a chuaigh mé isteach ag dúiseacht an Bhabaí. Dhúisigh sé de phreab. ‘Meas tú ar chorraigh an eilf aréir?’ an chéad abairt amach as a bhéal.

‘Ní cheapaim é,’ a deir mé.

Léim sé amach as an leaba agus rith sé síos an staighre, thosaigh mé ag déanamh ina dhiaidh.

‘Mamaí, ní chreidfidh tú é seo!’ a chuala mé é ag fógairt aníos ón gcistineach.

Bhí an cruthúnas romham nuair a shiúil mé isteach sa gcistineach is chonaic an Eilf ag luascadh ó bharr an chrainn Nollag is a chosa in airde aige.

‘By Dad!’ a deir mé. ‘Bhí an ceart agatsa!’

Fág freagra ar 'Tá an Eilf ar an tseilf ag faire ort…'